An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht.) Ar Aghaidh (CUID V. Forala maidir le Aer Lingus, Teoranta.)

23 1946

AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1946

CUID IV.

Forala maidir le Aer Rianta, Teoranta.

Mínithe chun críocha Coda IV.

20. —Sa Chuid seo—

an Chuideachta.

ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Aer Rianta, Teoranta, is é sin an Chuideachta a bunaíodh de bhun ailt 68 den Phríomh-Acht;

scaireanna nua.

ciallaíonn an abairt “scaireanna nua” scaireanna sa Chuideachtain a n-údaraítear iad a eisiúint faoi alt 21 den Acht seo;

sean-scaireanna.

ciallaíonn an abairt “sean-scaireanna” scaireanna sa Chuideachtain a heisíodh faoin bPríomh-Acht.

Caipiteal na Cuideachtan a mhéadú.

21. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin sa Phríomh-Acht, nó i memorandum comhlachais nó airteagail chomhlachais na Cuideachtan, is dleathach don Chuideachtain a caipiteal a mhéadú go dtí £2,000,000 (dhá mhilliún punt) san iomlán arna roinnt ina dhá mhilliún scaireanna de phunt an ceann, agus chuige sin pé athruithe is gá a dhéanamh ar a memorandum comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais agus, go háirithe, pé athruithe a dhéanamh ar a memorandum comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais is gá chun a údarú do na stiúrthóirí scaireanna de phunt an ceann a eisiúint a bheas pari passu leis na seanscaireanna.

(2) Ní heiseofar aon scaireanna nua mura ndéana an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, an eisiúint sin a údarú.

(3) Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachtain aon ráiteas a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó aon diúite stampa a íoc faoin alt sin i leith an mhéaduithe ar chaipiteal na Cuideachtan a húdaráitear leis an alt seo ná i leith na scaireanna nua.

Cumhacht an Aire Airgeadais chun scaireanna nua a thógaint trí shuibscríobhadh agus eisiúint scaireanna a fhoscríobhadh.

22. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham aon aicme nó aicmí de na scaireanna nua a thógaint trí shuibscríobhadh.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, faoi réir pé coinníoll is cuibhe leis, comhaontú leis an gCuideachtain go ndéanfaidh sé, mura dtóga an pobal laistigh de thréimhse shonraithe aon scair eanna nua sa Chuideachtain a beifear ar tí a thairgsint tráth ar bith chun a suibscríofa, na scaireanna nua sin nó cuid shonraithe éigin díobh a thógaint agus go n-íocfaidh sé astu.

Forála maidir le scaireanna nua a shealbhós an tAire Airgeadais.

23. —Bainfidh ailt 73, 74 agus 77 den Phríomh-Acht le scaireanna nua a shealbhós an tAire Airgeadais amhail mar bhainid le seanscaireanna a bheas ar sheilbh aige.

Airgead a áirleacan as an bPríomh-Chiste.

24. —(1) An t-airgead go léir a bheas ag teastáil ó am go am ón Aire Airgeadais, le haghaidh íocaíocht is gá dhó a dhéanamh leis an gCuideachtain i leith aon scaireanna nua a shuibscríofas nó a thógfas sé faoin Acht seo, déanfar é a áirleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) Chun airgead a sholathar le haghaidh na suimeanna a háirleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta sin féadfaidh an tAire sin urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll, i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó éile, is cuibhe leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhas sé ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc bun-airgid agus úis aon urrús a eiseos an tAire Airgeadais faoin alt seo agus muirear agus íoc na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin a eisiúint.

Cuspóirí na Cuideachtan a leathnú.

25. —(1) Leasaítear leis seo mír 3 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur in ionad fo-mhíre (b), sé sin le rá:—

“(b) go mbeidh ar phríomhchuspóirí na Cuideachtan—

(i) línte aeriompair a bhunú, a chothabháil agus a oibriú idir áiteanna sa Stát agus idir an Stát agus tíortha eile, go díreach nó trí Aer Lingus, Teoranta, agus gnóthais aeriompair eile (dá ngairmtear gnóthais aeriompair faoi urláimh sa mhír seo) ina mbeidh leas urlámhach ag an gCuideachtain,

(ii) scaireanna in Aer Lingus, Teoranta, a thógaint agus a shealbhú,

(iii) gnóthais aeriompair faoi urláimh a bhunú agus scaireanna a shealbhú iontu sin agus i ngnóthais chothabhála, deisithe agus déanta aerárthach,

(iv) scaireanna a shealbhú i ngnóthais aeriompair (seachas gnóthais aeriompair faoi urláimh) agus i ngnóthais chothabhála, deisithe agus déanta aerárthach, agus socrú oibre a dhéanamh leo sin,

(v) cúnamh airgid nó cúnamh eile a thabhairt, le toiliú an Aire Airgeadais, do ghnóthais aeriompair agus do ghnóthais chothabhála, deisithe agus déanta aerárthach;”.

(2) Tráth ar bith tar éis an tAcht seo a rith, féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, a memorandum comhlachais a athrú slí go leathnófar a cuspóirí do réir an leasuithe a déantar le fo-alt (1) den alt seo.

Stiúrthóirí.

26. —Leasaítear leis seo mír 4 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht trí na fo-mhíreanna seo a leanas a chur in ionad fo-mhíreanna (a) agus (b), sé sin le rá:—

“(a) nach mó ná seachtar ná nach lú ná triúr líon stiúrthóirí na Cuideachtan,

(b) fad a shealbhós an tAire Airgeadais an deichiú cuid ar a laghad (do réir luacha ainmniúil) de scaireanna eisithe na cuideachtan nó fad a bheas aon chuid gan fuascailt de bhintiúirí leis an gCuideachtain a bheas ráthaithe ag an Aire sin faoin Acht seo, go n-ainmneoidh an tAire sin, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, tromlach de stiúrthóirí na Cuideachtan;”.

Memorandum comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachtan a athrú.

27. —(1) I dteannta na n-athruithe a húdaráitear go sonrach leis an Cuid seo a dhéanamh ar mhemorandum comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Cuideachtan, is dleathach don Chuideachtain gach athrú a dhéanamh ar a memorandum comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais is gá nó is cuibhe mar fhorlíonadh ar aon athrú, nó de dhruim aon athruithe, a húdaraítear go sonrach amhlaidh agus freisin pé athruithe eile a dhéanamh is gá nó is cuibhe chun éifeacht a thabhairt d'fhorála na Coda seo.

(2) Ní bhainfidh alt 78 den Phríomh-Acht ná Clásail 7 ná 8 de mhemorandum comhlachais na Cuideachtan le hathruithe a déanfar ar mhemorandum comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachtan faoin gCuid seo nó dá bun, agus ina ionad sin achtaítear leis seo go mbeidh gach athrú den tsórt sin i pé foirm, ar comhréir leis an gCuid seo, a cheadós an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

(3) Chun aon athruithe a dhéanamh a húdaraítear leis an gCuid seo ar airteagail chomhlachais na Cuideachtan léireofar alt 13 den Companies (Consolidation) Act, 1908, amhail is dá gcuirtí na focail “extraordinary resolution” in ionad na bhfocal “special resolution” sa chéad áit a bhfuil na focail deiridh sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon athrú a n-údaraítear leis an gCuid seo don Chuideachtain é a dhéanamh ar a memorandum comhlachais, agus ina ionad sin achtaítear leis seo go bhféadfar gach athrú den tsórt sin a dhéanamh le rún neamhghnáthach, mar mínítear sin le halt 69 den Acht sin, agus, i dteannta alt 70 den Acht sin a chomhlíonadh, go ndéanfaidh an Chuideachta, laistigh den tréimhse a luaitear san alt sin 70, cóip chlóbhuailte den mhemorandum, arna athrú amhlaidh, a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtan, agus cláróidh an cláraitheoir sin é agus teastasóidh an clárú faoina láimh, agus beidh an teastas sin ina fhianaise dho-chlaoite gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta sin, arna leasú leis an bhfo-alt seo maidir leis an athrú sin, agus as sin amach is é an memorandum arna athrú amhlaidh memorandum na Cuideachtan.