An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Costais Udaras Áitiúla Airithe.) Ar Aghaidh (CHUID IV. Droichid, Tarbhealai agus Tollain a Fhoirgniu agus a Athfhoirgniu.)

24 1946

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946

CUID III.

Oifigi agus Fostaiochta faoi Udarais Áitiúla.

Mínithe do Chuid III.

35. —Sa Chuid seo den Acht seo, tá leis na habairtí “an tAire oiriúnach” agus “údarás áitiúil” agus leis na focail “mór-oifig” agus “oifig” na bríonna faoi seach atá leo i gCuid II d'Acht 1941.

Oifigí a chomhnascadh.

36. —(1) Más é an t-aon Aire amháin is Aire oiriúnach maidir le haon oifigí áirithe, féadfaidh an tAire sin, faoi réir forál an ailt seo agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla lena mbainfidh, na hoifigí a chomhnascadh trí ordú, agus air sin is tuigthe chun gach críche gurb aon oifig amháin, faoi pé teideal (más ann) a sonrófar san ordú, na hoifigí sin.

(2) Ní comhnascfar oifigí faoin alt seo mura rud é—

(a) go mbeidh gach oifig acu folamh, nó

(b) gurb é an t-aon duine amháin a bheas i seilbh gach oifige acu, nó

(c) má bhíonn oifig amháin acu gan bheith folamh, go dtoileoidh sealbhóir na hoifige sin le déanamh an orduithe, nó

(d) in aon chás eile, gurb é an t-aon duine amháin a bheas i seilbh gach oifige acu sin ná beidh folamh agus go dtoileoidh an duine sin le déanamh an orduithe.

(3) I gcás gan gach aon cheann d'oifigí a comhnascfar faoin alt seo a bheith faoin aon údarás áitiúil amháin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) is é a dhéanfas ceapacháin chun na hoifige comhnasctha ná pé ceann de na húdaráis áitiúla iomchuí a shonrós an tAire oiriúnach le hordú,

(b) beidh sealbhóir na hoifige comhnasctha i dteideal luach saothair a fháil, do réir mar a fhorálfas an tAire oiriúnach le hordú, i leith gach ceann de na hoifigí a bheas comhnasctha amhlaidh ón údarás áitiúil faoina sealbhófar í nó d'eile i leith na hoifige comhnasctha ó na húdaráis áitiúla iomchuí i gcionúireachta sonraithe,

(c) féadfaidh an tAire oiriúnach a fhoráil, le hordú, gur ceann áirithe de na húdaráis áitiúla iomchuí a íocfas le sealbhóir na hoifige comhnasctha iomlán an luach saothair chun a mbeidh teideal ag an sealbhóir i leith gach ceann de na hoifigí a bheas comhnasctha amhlaidh nó i leith na hoifige comhnasctha (do réir mar bheas), agus go dtabharfar don údarás áitiúil sin—

(i) más dhá údarás áitiúla iomchuí a bheas ann, aisíoc ón údarás áitiúil iomchuí eile sa chuid den luach saothair sin is iníoctha acu, agus

(ii) más trí údaráis áitiúla iomchuí nó níos mó a bheas ann, aisíoc ó na húdaráis áitiúla iomchuí eile sna coda den luach saothair sin is iníoctha acu faoi seach,

(d) aon tsuim is inaisíoctha faoi ordú arna dhéanamh faoi mhír (c) den fho-alt seo le húdarás áitiúil ó údarás áitiúil eile féadfaidh an t-údarás a céadluaitear í a aisghabháil ón údarás eile mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Féadfaidh an tAire oiriúnach, le hordú, cúlghairm nó leasú a dhéanamh ar ordú a bheas déanta aige roimhe sin faoin alt seo.

(5) Aon ordú a rinneadh faoi alt 32 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1941 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé i bhfeidhm agus is tuigthe é a bheith arna dhéanamh faoin alt seo agus é a bheith inleasuithe nó inchúlghairmthe dá réir sin.

Mná pósta d'fhanúint i seilbh oifige.

37. —I gcás ina raibh sna coinníollacha a bhain le ceapachán a rinneadh chun oifige tráth ar bith (lena n-áirítear tráth roimh thosach feidhme Coda II d'Acht 1941 nó tráth dá éis sin) roimh thosach feidhme an ailt seo coinníoll go gcaithfeadh aon bhean a ceapfaí éirí as an oifig sin ar phósadh dhi nó aon choinníoll dá samhail sin, is tuigthe, chun críocha ailt 24 d'Acht 1941, gur dearbhú é sin arna dhéanamh faoi Chuid II d'Acht 1941 roimh an gceapachán a dhéanamh gur cháilíocht don oifig sin go gcaithfeadh aon bhean a shealbhódh í a bheith gan pósadh nó ina baintreach.

Comhlíonadh dualgas oifige trí ionadaí.

38. —(1) Más dóigh leis an Aire oiriúnach nach féidir nó nár cheart, mar gheall ar thosca speisialta, do shealbhóir oifige áirithe dualgais na hoifige sin a chomhlíonadh i bpearsain ar feadh tréimhse áirithe, féadfaidh an tAire oiriúnach, le hordú, a údarú don tsealbhóir dualgais na hoifige a chomhlíonadh trí ionadaí ar feadh na tréimhse sin.

(2) Ní fhanfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse is sia ná sé mhí ach féadfar ordú nó orduithe eile a chur ina ionad más deimhin leis an Aire oiriúnach go bhfuil na tosca speisialta ann fós.

(3) Má déantar ordú faoin alt seo á údarú do shealbhóir oifige dualgais na hoifige a chomhlíonadh trí ionadaí ar feadh tréimhse ar bith, déanfaidh ionadaí a ainmneos an sealbhóir le haontú an Aire oiriúnaigh na dualgais a chomhlíonadh ar feadh na tréimhse sin.

(4) Sar a n-aontóidh an tAire oiriúnach faoi fho-alt (3) den alt seo le hainmniú ionadaí, déanfaidh sé deimhin de go bhfuil ag an ionadaí na cáilíochta (más ann) is gá do shealbhóirí na hoifige a bheas i gceist agus an t-eolas agus an inniúlacht chun na dualgais sin a chomhlíonadh go cuí.

(5) Féadfaidh an tAire oiriúnach aontú a bheas tugtha faoi fho-alt (3) den alt seo a tharraing siar agus air sin beidh deireadh leis an ainmniú dob abhar don aontú.

(6) Más gá, chun críche aon achtacháin nó orduithe, go ndéanfadh sealbhóir oifige aon ordú nó go dtabharfadh sé aon deimhniú, aontú nó ceadú nó go ndéanfadh sé aon ghníomh eile, beidh an t-ordú, an deimhniú, an t-aontú, an ceadú, nó an gníomh sin, arna dhéanamh nó arna thabhairt ag ionadaí a bheas ainmnithe faoi fho-alt (3) den alt seo i rith tréimhse a mbeidh údarás ar a feadh, le hordú faoin alt seo, ag an sealbhóir chun dualgais na hoifige a chomhlíonadh trí ionadaí, chomh bailí chun gach críche agus dá mba é an sealbhóir féin a rinne nó a thug é.

Srian le hoifigigh do ghabháil do ghnóthaí sochair eile.

39. —(1) Más dóigh leis an Aire é a bheith neamhfhóirstineach, mar gheall ar nádúir nó réim dualgas oifige, sealbhóir na hoifige sin do ghabháil d'aon ghnó sochair eile gan cead ón údarás áitiúil a dhéanas ceapacháin don oifig sin agus toiliú an Aire a bheith aige, féadfaidh an tAire ordachán sa chéill sin a thabhairt agus beidh éifeacht ag an ordachán sin do réir a théarmaí.

(2) Féadfaidh an tAire aon ordachán a bheas tugtha faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

Alt 21 d'Acht 1941 a leasú.

40. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1941 tríd an bhfo-alt seo a leanas á chur i ndeireadh an ailt sin:—

“(11) Má dhéanann an tAire oiriúnach cáilíochta le haghaidh oifige sonraithe arb é is Aire oiriúnach maidir léi a dhearbhú faoin alt seo, ní shocróidh an t-údarás áitiúil iomchuí aon cháilíochta breise le haghaidh na hoifige sin gan an tAire oiriúnach do thoiliú chuige sin.”

Fo-alt (1) d'alt 26 d'Acht 1941 a leasú.

41. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 26 d'Acht 1941 tríd an bhfocal “oiriúnaigh” a chur isteach i ndiaidh an fhocail “Aire” sa dara háit a bhfuil an focal deiridh sin.

Luach saothair seirbhíseach agus luach saothair oifigeach áirithe.

42. —(1) San alt seo, léireofar an focal “fostaíocht” mar fhocal a fholaíos, maraon le fostaíocht sheirbhísigh d'údarás áitiúil, oifig seachas mór-oifig.

(2) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil—

(a) luach saothair a íoc i leith fostaíochta a bhí ag duine ar bith díreach roimh an 26ú lá de Lúnasa, 1942, mura n-íocaid an luach saothair do réir ráta nach mó ná an ráta ar dá réir a d'íocadar luach saothair i leith na fostaíochta díreach roimh an dáta sin nó do réir ráta is airde ná sin a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire oiriúnach, ná

(b) luach saothair a íoc i leith fostaíochta de chineál a bheas comhchosúil le cineál ina raibh daoine ar fostú acu díreach roimh an 26ú lá de Lúnasa, 1942, mura n-íocaid an luach saothair do réir ráta nach mó ná an ráta ar dá réir a d'íocadar luach saothair i leith fostaíochta den chineál sin díreach roimh an dáta sin nó do réir ráta is airde ná sin a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire oiriúnach, ná

(c) luach saothair a íoc le duine a fostófar nó a ceapfar tar éis tosach feidhme an ailt seo chun folúntas a líonadh i bhfostaíocht ná beidh feidhm maidir léi ag mír (a) ná mír (b) den fho-alt seo mura n-íocaid an luach saothair do réir ráta nach mó ná an ráta ar dá réir a d'íocadar luach saothair i leith na fostaíochta díreach roimh an bhfolúntas a tharlachtain nó do réir ráta is airde ná sin a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire oiriúnach, ná

(d) luach saothair a íoc i leith fostaíochta ná beidh feidhm maidir léi ag mír (a), mír (b) ná mír (c) den fho-alt seo mura n-íocaid an luach saothair do réir ráta a bheas ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire oiriúnach.

(3) Féadfaidh an tAire oiriúnach tráth ar bith ceadú a bheas tugtha aige chun críocha fo-ailt (2) den alt seo a chúlghairm.

(4) Má bhíonn an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 216), 1942 (R. & O. R., Uimh. 433 de 1942), cúlghairmthe ar dháta thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh ceadú a thug an tAire chun críocha Airteagail 3 den Ordú sin de bheith i bhfeidhm agus is tuigthe gur ceadú é a thug an tAire chun críocha fo-ailt (2) den alt seo agus féadfar é a chúlghairm dá réir sin.