An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CHUID IV. Droichid, Tarbhealai agus Tollain a Fhoirgniu agus a Athfhoirgniu.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

24 1946

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946

CUID V.

Ilghneitheach.

Vótáil ag an gcathaoirleach ar chruinniú de chomhairle chontae.

62. —(1) I gcás gan an cathaoirleach ar chruinniú de chomhairle chontae a bheith ina chomhalta den chomhairle, ní bheidh sé i dteideal vótáil sa chéad ásc, ná vóta réitigh a thabhairt, ar aon cheist.

(2) Faoi réir fo-alt (1) den alt seo agus ailt 43 d'Acht 1941 beidh an dara vóta nó vóta réitigh, i gcás comhionannais vótaí, ag an gcathaoirleach ar chruinniú de chomhairle chontae.

Comhionannas vótaí ag cruinniú de choiste d'údarás áitiúil.

63. —(1) I gcás na vótaí ar aon cheist a éireos ag cruinniú de choiste d'údarás áitiúil a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair is é toghadh cathaoirligh an choiste a bheas i gceist.

(2) Más rud é, i dtoghadh an chathaoirligh ar choiste d'údarás áitiúil, go dtugtar an uimhir chéanna vótaí do gach duine de na hiarrthóirí, nó do gach duine de bheirt iarrthóirí nó níos mó a bheas i mbarr na vótaíochta, is é a toghfar ná pé iarrthóir a cinnfear trí chrannchur díobh sin a fuair an uimhir chéanna vótaí.

Foras breise chun comhaltaí údaráis áitiúil a chur as oifig.

64. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 44 d'Acht 1941 tríd an bhfocal agus an mír seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh míre (d):

“nó

(e) go ndiúltóidh údarás áitiúil nó go bhfailleoid go toiliúil ceanglas follas a chomhlíonadh a bheas curtha orthu le haon achtachán nó ordú nó faoi aon achtachán nó ordú,”.

Comhaltaí d'údarás áitiúil a cuirfear as oifig do scor de bheith ina gcomhaltaí d'fho-chomhlacht.

65. —Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo, i gcás na comhaltaí d'údarás áitiúil a chur as oifig faoi Chuid IV d'Acht 1941, go mbeidh gach duine, ba chomhalta de bhuaidh ainmniúcháin ón údarás sin, díreach roimh an gcur as oifig, d'fhochomhlacht do réir bhrí ailt 52 d'Acht 1941, arna scor de bheith ina chomhalta den fho-chomhlacht ar an údarás áitiúil a chur as oifig.

An córam do choimisinéirí ar bhaile.

66. —Triúr is córam ag cruinniú de na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach, agus triúr is uimhir ordaithe chun críocha ailt 39 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir le feidhm an ailt sin i gcás na gCoimisinéirí sin.

Costais taistil comhaltaí údaráis áitiúil.

67. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an príomh-alt” alt 80 d'Acht 1941;

ciallaíonn an abairt “an áit chónaithe oifigiúil”, maidir le comhalta d'údarás áitiúil, a áit chónaithe oifigiúil chun críocha an phríomhailt.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil lena mbaineann an príomh-alt a chinneadh, le rún, gurb amhlaidh a dhéanfas an t-údarás áitiúil sin, in ionad na costais taistil a ghlanadh faoina raghaidh gach duine dá gcomhaltaí ag taisteal go dtí cruinnithe an údaráis áitiúil sin agus ó na cruinnithe sin, suim chinnte a íoc le gach comhalta den tsórt sin, i leith gach cruinnithe den údarás áitiúil sin a fhreastalóidh sé in áit nach giorra na cúig mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil, in aghaidh gach míle idir an áit sin agus an áit chónaithe oifigiúil sin arna thomas feadh an bhealaigh a ghabhfadh an comhalta sin de ghnáth.

(3) Féadfar rún a bheas rite ag údarás áitiúil faoi fho-alt (2) den alt seo a chúlghairm tráth ar bith le rún eile ón údarás áitiúil sin.

(4) Ní bheidh éifeacht ag rún a rithfear faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo go dtí go gceadóidh an tAire é.

(5) Is feidhm fhorcoimeádta údarás áitiúil do rith rúin faoi fho-alt (2) nó fho-alt (3) den alt seo.

(6) Faid a bheas rún i bhfeidhm a ndearna údarás áitiúil lena mbaineann an príomh-alt é a rith faoi fho-alt (2) den alt seo, ní ghlanfaidh an t-údarás áitiúil sin, faoi fho-alt (3) den phríomhalt, na costais taistil faoina ndeachaigh gach duine dá gcomhaltaí ag taisteal go dtí cruinnithe an údaráis áitiúil sin agus ó na cruinnithe sin ach, ina ionad sin, déanfaid íocaíochta le comhaltaí a fhreastalós cruinnithe den tsórt sin do réir téarmaí an rúin sin.

(7) Má dhéanann comhalta d'údarás áitiúil cruinniú den údarás áitiúil sin a fhreastal in áit nach giorra ná trí mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil agus má bhíonn air, mar gheall ar an bhfreastal sin, bheith as baile ar feadh trí huaire an chloig as a chéile ar a laghad, déanfaidh an t-údarás áitiúil, i dteannta na costais taistil faoina ndeachaigh an comhalta sin ag taisteal go dtí an cruinniú sin agus uaidh a ghlanadh faoin bpríomh-alt nó an íocaíocht a thabhairt don chomhalta sin is gá do réir rúin faoi fho-alt (2) den alt seo (pé acu sin é), liúntas arna áireamh do réir na rialacha ordaithe a íoc leis an gcomhalta sin i leith na tréimhse sin.

(8) Na rialacha a dhéanfas an tAire chun críocha fo-ailt (7) den alt seo, beidh iontu foráil ná déanfar liúntais ó níos mó ná aon údarás áitiúil amháin a íoc, i leith na tréimhse céanna le duine is comhalta de níos mó ná aon údarás áitiúil amháin.

Cuntais chomhlachtaí poiblí áirithe.

68. —(1) Chun críocha an Local Government (Ireland) Act, 1902, agus an ailt seo, beidh gach comhlacht acu seo a leanas (agus ní bheidh aon chomhlacht eile) ina chomhlacht poiblí, se sin le rá:

(a) údarás áitiúil,

(b) Bord Ospidéil Fiabhrais Bhaile Atha Cliath,

(c) Bord Ospidéil Fiabhrais Chorcaighe.

(2) D'ainneoin forál aon achtacháin a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo, beidh éifeacht ag na hachtacháin seo a leanas maidir le cuntais gach comhlachta phoiblí agus maidir le hiniúchadh na gcuntas sin, sé sin le rá:

(a) alt 12 (arna leasú le halt 19 den Local Government (Ireland) Act, 1902) agus alt 18 den Local Government (Ireland) Act, 1871,

(b) fo-alt (2) (ach amháin mír (c), a hathghairmtear leis an Acht seo) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898,

(c) fo-airteagal (3) d'airteagal 19 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898,

(d) Cuid VII agus alt 86 d'Acht 1941.

(3) Chun críocha na feidhme a bheirtear le fo-alt (2) den alt seo d'aon achtachán dá luaitear sa bhfo-alt sin, beidh ag an iniúchóir a bheas ceaptha ag an Aire faoi alt 68 d'Acht 1941 chun cuntais chomhlachta phoiblí a iniúchadh na cumhachta agus na dualgais uile a bheirtear leis an achtachán sin don iniúchóir a luaitear ann.

(4) Gach foráil in aon achtachán a bhaineas le cuntais chomhlachta phoiblí (pé acu feidhm ghinearálta nó feidhm áitiúil atá ag an achtachán sin) atá i gcosúlacht nó ar comhréir ina éifeacht, nó atá ar neamhréir, le haon achtachán dá luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, scoirfidh sí d'éifeacht a bheith aici sa mhéid atá sí i gcosúlacht nó ar comhréir nó ar neamhréir (pé acu é) amhlaidh.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69, 70 agus 71 d'Acht 1941 maidir le bord coimeádaithe faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, amhail is dá mba údarás áitiúil chun críocha na n-alt sin an bord.

(6) An bainisteoir d'údarás áitiúil is comhlacht toghaí chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, is tuigthe chun críocha ailt 20 den Local Government (Ireland) Act, 1902, arna leasú le fo-alt (3) d'alt 61 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , gur oifigeach don údarás áitiúil sin é.

(7) Beidh feidhm ag alt 86 d'Acht 1941, arna leasú le halt 93 den Acht seo, i gcás iniúchadh ar chuntais coiste ghairmoideachais, coiste thalmhaíochta nó buird choimeádaithe faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, amhail mar atá feidhm ag an alt sin, arna leasú amhlaidh, i gcás iniúchadh ar chuntais údaráis áitiúil.

(8) Más rud é, ar iarratas chun na hArd-Chúirte faoi alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871, ó dhuine ar cúis mhíshásaimh leis formhuirear a rinneadh faoin alt sin 12 nó muirear a rinneadh faoi alt 20 den Local Government (Ireland) Act, 1902, go ndaingneoidh an Ard-Chúirt an formhuirear nó an muirear, féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an Aire laistigh den am ordaithe an formhuirear nó an muirear a mhaitheamh, agus, más rud é, ar an iarratas sin a dhéanamh, gur dóigh leis an Aire é a bheith cóir agus cothrom, toisc cúrsaí an cháis, an formhuirear nó an muirear a mhaitheamh, féadfaidh sé a ordú go ndéanfar é a mhaitheamh ar na costais a íoc a ndeachaigh an t-iniúchóir nó údarás inniúil eile fúthu ag cur in aghaidh an iarratais sin agus ag forfheidhmiú an fhormhuirir nó an mhuirir ar aon tslí eile.

Síne tráchta ar bhóithre.

69. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an Coimisinéir” Coimisinéir an Gharda Shíochána;

ciallaíonn an abairt “rialachán bóthair” ordú, rialachán nó fodhlí arna dhéanamh faoi achtachán seachas achtachán eiscithe agus a bhaineas le húsáid bhóthair ag daoine, feithiclí nó ainmhithe;

ciallaíonn an abairt “achtachán eiscithe” aon achtachán acu seo a leanas, sé sin le rá, alt 118, mír (b) d'alt 148, mír (c) d'alt 148 agus fo-alt (1) d'alt 159 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 );

ciallaíonn an abairt “sín tráchta” sín, fógra nó ionstraim chun comharthaí a thabhairt go meicniúil ag taispeáint aon ní nó nithe acu seo a leanas do dhaoine a bheas ag úsáid bóthair:—

(a) na háiteanna a dtéann an bóthar,

(b) an fhaid chun na háiteanna sin nó uathu;

(c) aon chontúirt atá ann do dhaoine a bheas ag úsáid an bhóthair,

(d) aon fhorchúram is gá a ghlacadh in aghaidh na gcontúirt sin,

(e) rialachán bóthair a bheith i bhfeidhm maidir leis an mbóthar agus an modh inarb inchomhlíonta é;

folaíonn rud a “chur ar fáil” é a chur suas nó a shuíomh, é a chothabháil agus (i gcás ionstraim chun comharthaí a thabhairt go meicniúil) é a oibriú, agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina n-ordóidh tuise, crot, dath agus cineál síne tráchta agus ní dhéanfaidh údarás bóthar aon tsín tráchta a chur ar fáil ná beidh do réir aon rialacháin iomchuí a bheas déanta faoin bhfo-alt seo.

(3) Déanfaidh údarás bóthar pé síne tráchta a iarrfas an Coimisinéir a chur ar fáil, sna hionaid a luafas sé, ar aon bhóthar faoina gcúram agus, maidir le haon tsíne tráchta a cuirfear ar fáil amhlaidh, aistreoid go tréimhsiúil ó áit go háit iad, agus athróid agus bhearfaid chun siúil iad do réir mar iarrfas sé.

(4) Féadfaidh an Coimisinéir, in iarratas uaidh faoi fho-alt (3) den alt seo, a iarraidh síne tráchta a chur ar fáil do gach tráth nó ócáid nó síne tráchta a chur ar fáil do thréimhse theoranta nó d'ócáid nó ócáidí áirithe.

(5) Féadfaidh údarás bóthar, le toiliú an Choimisinéara, pé síne tráchta a mheasfaid is inmhianuithe a chur ar fáil d'aon bhóthar faoina gcúram.

(6) Más gá do réir réasúin go gcuirfeadh údarás bóthar sín tráchta ar fáil ar thalamh a bheas taobh le bóthar ach nach cuid de bhóthar, féadfaidh an t-údarás bóthar, tar éis fógra lae agus fiche ar a laghad a thabhairt leis an bpost cláraithe d'áititheoir (más ann) na talún agus do gach duine (más ann) a mbeidh leas aige sa talamh agus ar féidir leis an údarás bóthar sin a mharthain, a ainm, agus a sheoladh a fhionnadh trí fhiosruithe réasúnacha, dul isteach agus an sín tráchta a chur ar fáil ar an talamh.

(7) Má chuireann údarás bóthar sín tráchta ar fáil faoi fho-alt (6) den alt seo ar aon talamh, féadfaidh duine ar bith a mbeidh leas aige sa talamh a iarraidh tráth ar bith ar an Aire, ar fhógra a thabhairt don údarás bóthar go bhfuil sé ar intinn sin a dhéanamh, ordachán a thabhairt an sín tráchta a bhreith chun siúil.

(8) Má déantar iarratas faoi fho-alt (7) den alt seo maidir le sín tráchta a bheas curtha ar fáil ar aon talamh, déanfaidh an tAire, tar éis dó an t-iarratas a bhreithniú—

(a) an t-iarratas a dhiúltú, nó

(b) más deimhin leis nach gá go réasúnach an tsín tráchta a chur ar fáil, ordachán a thabhairt an tsín tráchta a bhreith chun siúil as an talamh, nó

(c) más deimhin leis go dtagann dócúlacht neamhriachtanach nó neamhréasúntach den tsín tráchta a chur ar fáil san ionad a bhfuil sé, ordachán a thabhairt an tsín tráchta a bhreith go dtí ionad eile ar an talamh.

(9) Má thugann an tAire ordachán faoi fho-alt (8) den alt seo maidir le sín tráchta, déanfaidh an t-údarás bóthar a chuir an tsín tráchta ar fáil an t-ordachán a chomhlíonadh.

(10) Ní dhéanfaidh duine, seachas údarás bóthar, sín tráchta a bheas sofheicse ó bhóthar a chur ar fáil gan toiliú an Choimisinéara.

(11) Beidh áititheoir, nó (i gcás tailimh neamháitithe) únaer, aon talún ar a gcuirfear sín tráchta ar fáil contrártha d'fho-alt (10) den alt seo ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus fíneáil bhreise de phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(12) Má dhéanann duine go toiliúil cosc nó cur isteach ar údarás bóthar agus iad ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear le fo-alt (6) den alt seo nó má dhéanann sé, gan údarás dleathach, sín tráchta a bheas curtha ar fáil do réir an ailt seo a bhreith chun siúil, a agha-lot nó a dhíobháladh ar shlí eile, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(13) Na costais faoina raghaidh údarás bóthar chun síne tráchta a chur ar fáil do bhóthar, beid ina gcuid de chostais chothabhála an bhóthair.

Ordú á cheangal oibreacha a dhéanamh chun droichead a chothabháil.

70. —(1) Má bhíonn de dhualgas, do réir aon Achta nó faoi aon Acht, ar dhuine, seachas údarás bóthar, droichead is cuid de bhóthar nó na bealaí chun droichid den tsórt sin a chothabháil, féadfaidh an t-údarás bóthar ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair, le hordú (dá ngairmtear ordú oibreacha san alt seo), a cheangal ar an duine sin oibreacha sonraithe a dhéanamh, laistigh d'am shonraithe tar éis an t-ordú a theacht i bhfeidhm, chun an droichead sin nó na bealaí chuige a chothabháil, is oibreacha a mbeidh de dhualgas ar an duine sin, do réir an Achta sin nó faoi, iad a dhéanamh.

(2) Déanfar cóip d'ordú oibreacha a sheirbheáil leis an bpost ar an duine lena mbainfidh an t-ordú, laistigh de sheacht lá i ndiaidh an lae a rinneadh an t-ordú.

(3) Féadfaidh an duine lena mbainfidh ordú oibreacha agóid a dhéanamh i gcoinne an orduithe trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de thríocha lá i ndiaidh an lae a rinneadh an t-ordú, agus ní foláir an fógra a bheith i scríbhinn agus forais na hagóide a bheith luaite ann.

(4) Má déantar fógra agóide a thabhairt faoin alt seo i gcoinne orduithe oibreacha déanfaidh an tAire, tar éis dó an agóid a bhreithniú agus tar éis dó dul i gcimhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus leis an údarás bóthar a rinne an t-ordú—

(a) an t-ordú a dhaingniú gan leasú, nó

(b) an t-ordú a dhaingniú fara pé leasuithe is cuí leis, faoi réir na teorann ná ceanglóidh aon leasú den tsórt sin ar an duine lena mbainfidh an t-ordú aon oibreacha a dhéanamh ná beidh de dhualgas air, do réir an Achta iomchuí a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ná faoin Acht sin, iad a dhéanamh, nó

(c) an t-ordú a chur ar neamhní.

(5) Mura ndéantar aon agóid faoin alt seo i gcoinne orduithe oibreacha, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm seacht lá tríochad i ndiaidh an lae a rinneadh an t-ordú.

(6) Má déantar, ar agóid faoin alt seo, ordú oibreacha a dhaingniú gan leasú, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm lá a dhaingnithe.

(7) Má déantar, ar agóid faoin alt seo, ordú oibreacha a dhaingniú fara leasuithe, tiocfaidh an t-ordú, arna leasú amhlaidh, i bhfeidhm lá a dhaingnithe.

(8) Más rud é—

(a) go sonróidh ordú oibreacha a bheas tar éis teacht i bhfeidhm tréimhse chun na hoibreacha a dhéanamh a ceanglófar leis an ordú sin a dhéanamh, agus

(b) ar an tréimhse sin a bheith caite, ná beidh tosnaithe ar na hoibreacha sin nó, má bhíonn tosnaithe orthu, ná beid críochnaithe,

féadfaidh an t-údarás bóthar a rinne an t-ordú na hoibreacha sin a dhéanamh nó a chríochnú iad féin.

(9) Má dhéanann nó má chríochnaíonn údarás bóthar, faoi fho-alt (8) den alt seo, oibreacha a ceanglófar a dhéanamh le hordú oibreacha, íocfaidh an duine lena mbainfidh an t-ordú, leis an údarás bóthar, méid na gcostas faoina ndeachaigh an t-údarás bóthar go réasúnach ag déanamh nó ag críochnú na n-oibreacha sin, agus féadfaidh an t-údarás bóthar an méid sin a aisghabháil ón duine sin mar fhiach ghnáthchonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(10) Aon amhras, diospóid nó ceist a éireos i dtaobh é a bheith réasúnach dul faoi aon chostais faoina ndeachaigh údarás bóthar chun oibreacha a dhéanamh nó a chríochnú faoi fho-alt (8) den alt seo a ceangladh a dhéanamh le hordú oibreacha, cinnfidh an tAire é tar éis dó dul í gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus beidh an cinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach.

Oibreacha a ghabháil de láimh i gcomhar le húdarás cuain.

71. —(1) Féadfaidh aon údarás bóthar amháin nó níos mó, le toiliú an Aire, comhaontú a dhéanamh agus a chur i ngníomh le húdarás cuain go ngabhfaid de láimh, i gcomhar leis an údarás cuain, éinní a dhéanamh maidir le cuan an údaráis chuain is ní a mbeidh údaraithe de thuras na huaire don údarás cuain é a dhéanamh.

(2) Féadfaidh údarás bóthar an chionúireacht sin a íoc, de chostas aon ní a bheas gafa de láimh i gcomhar le húdarás cuain de bhun comhaontuithe faoin alt seo, a bheas sonraithe sa chomhaontú.

(3) Féadfaidh údarás bóthar is comhairle chontae nó bardas contae-bhuirge, d'fhonn costais faoina raghaid faoin alt seo a íoc, airgead a fháil ar iasacht faoi Airteagal 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, amhail is dá mbeadh an chríoch sin luaite san Airteagal sin, agus ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh a áireamh mar chuid d'fhiach an údaráis sin chun críocha an Airteagail sin.

(4) Féadfaidh údarás bóthar is údarás uirbeach, d'fhonn costais faoina raghaid faoin alt seo a íoc, airgead a fháil ar iasacht faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, amhail is dá mba chríoch a mbeadh údaraithe don údarás sin airgead a fháil ar iasacht chuici faoi na hAchta sin an chríoch sin, agus ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh a áireamh mar chuid d'fhiach an údaráis sin chun críocha aon teorann a chuireas na hAchta sin le hiasachta a fháil.

(5) Aon airgead a gheobhfar ar iasacht de bhun an ailt seo, féadfar é a thabhairt ar iasacht d'údarás bóthar trí eisiúint as Ciste na nIasacht Áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1945, an iasacht sin agus go mbeadh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

(6) Bainfidh alt 58 den Acht seo leis na costais faoina raghaidh údarás bóthar faoin alt seo amhail is dá mba chostais a mbeadh an t-údarás bóthar sin tar éis dul fúthu faoi Chuid IV den Acht seo na costais sin.

(7) San alt seo, ciallaíonn an abairt “údarás cuain” údarás cuain do réir bhrí an Achta Chuanta, 1946 ( Uimh. 9 de 1946 ).

Scálaí costas uasta do thoghcháin.

72. —Féadfaidh an tAire scálaí costas uasta a ordú do thoghcháin a rialaítear le rialacha arna ndéanamh faoin Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus ní raghaidh méid aon chostas a bhainfeas le haon toghchán den tsórt sin thar an méid a bheas socair i leith an toghcháin sin le pé ceann de na scálaí sin is iomchuí.

Arachas in aghaidh fiontair dhamáiste nó chailliúna.

73. —Féadfaidh údarás áitiúil dul faoi árachas in aghaidh aon fhiontair dhamáiste dá maoin nó aon fhiontair chailliúna dá gcistí.

E a bheith de dhualgas ar bhailitheoir rátaí sonraí áirithe a thabhairt.

74. —Beidh de dhualgas ar bhailitheoir rátaí d'údarás áitiúil, ar an údarás dá iarraidh sin air, na sonraí sin a fhionnadh agus a sheiceáil agus a thabhairt don údarás a theastós ón údarás chun aon leabhair rátaí a ullmhú a bhainfeas leis an líomatáiste ina mbailíonn sé rátaí nó chun aon liostaí a ullmhú a ceangaltar ar an údarás leis na hAchta Luachála a thabhairt don Choimisinéir Luachála maidir leis an líomatáiste sin.

Seinm ceoil ag bannaí.

75. —Féadfaidh comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó údarás uirbeach ceol-bhanna a chur ar fáil, nó ranníoc a dhéanamh i leith costas ceol-bhanna, chun ceol a sheinm go poiblí laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin na comhairle, an bhardais nó an údaráis sin.

Ainm cheantair uirbigh nó baile a athrú.

76. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile a iarraidh ar an Rialtas ordú a dhéanamh faoin alt seo ag athrú ainme an cheantair uirbigh nó an bhaile.

(2) Ní dhéanfaidh comhairle cheantair uirbigh iarratas faoin alt seo mura rud é—

(a) go mbeidh ceithre sheachtú de na ráta-íocóirí sa cheantar uirbeach tar éis toiliú leis an iarratas a dhéanamh, agus

(b) go mbeidh comhairle na contae ina bhfuil an ceantar uirbeach tar éis toiliú leis an iarratas a dhéanamh freisin.

(3) Ní dhéanfaidh coimisinéirí baile iarratas faoin alt seo mura rud é—

(a) (i) go mbeidh ceithre sheachtú de na ráta-íocóirí sa bhaile tar éis toiliú leis an iarratas a dhéanamh, agus

(ii) go mbeidh comhairle na contae ina bhfuil an baile tar éis toiliú leis an iarratas a dhéanamh freisin, nó

(b) (i) gur airbheartaigh na coimisinéirí, le rún a ritheadh roimh thosach feidhme an ailt seo, ainm an bhaile a athrú, agus

(ii) go ndeimhneoidh an tAire go bhfuil glactha ag na coimisinéirí leis an rún sin agus gur húsáideadh chun críocha oifigiúla an ainm nua a sonraíodh sa rún sin.

(4) (a) Is feidhm fhorcoimeádta an chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta comhairle chontae do thoiliú le hiarratas faoin alt seo a dhéanamh.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú an nós imeachta is inleanta chun a fhionnadh chun críocha an ailt seo an dtoilíonn ceithre sheachtú ar a laghad de ráta-íocóirí ceantair uirbigh nó baile le hiarratas a dhéanamh faoin alt seo ar ordú ag athrú ainme an cheantair uirbigh nó an bhaile.

(6) Sar a n-aontóidh comhairle chontae le hiarratas a dhéanamh faoin alt seo raghaid i gcomhairle leis na daoine ordaithe.

(7) (a) Má dhéanann comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile iarratas go cuí faoin alt seo, féadfaidh an Rialtas, le hordú, ainm an cheantair uirbigh nó an bhaile a athrú agus pé ainm eile is oiriúnach leo a chur ina hionad.

(b) Aon ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo tiocfaidh sé i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir díreach i ndiaidh sé mhí a bheith caite ó dháta an orduithe.

(8) Gach ordú a déanfar faoi fho-alt (7) den alt seo foilseofar é i pé slí agus gacha mhinice a ordós an tAire agus bhéarfar fógra ina thaobh do na daoine ordaithe.

(9) Má déantar ordú faoin alt seo ag athrú na hainme atá ar cheantar uirbeach agus ag cur ainme nua ina hionad, ansin, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh, déanfar gach tagairt in aon ionstraim, doiciméid nó léarscáil don ainm láithreach a léiriú mar thagairt don ainm nua.

(10) Ní dhéanfaidh athrú ar ainm cheantair uirbigh nó ar ainm baile, trí ordú faoin alt seo, difir d'aon chearta ná oblagáidí de chuid aon údaráis nó duine ná ní bhéarfaidh go mbeidh aon imeachta dlí lochtach, agus féadfar leanúint d'aon imeachta dlí nó tosnú orthu amhail is ná beadh aon athrú ainme déanta.

Ainm baile fearainn nó baile neamhbhardasaigh aathrú.

77. —(1) I gcás baile fearainn nó baile neamhbhardasach a bheith go hiomlán san aon chontae amháin, féadfaidh comhairle na contae sin, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis ordaithe agus le toiliú ceithre sheachtú de na ráta-íocóirí sa bhaile fearainn nó sa bhaile neamhbhardasach, a iarraidh ar an Rialtas ordú a dhéanamh faoin alt seo ag athrú ainme an bhaile fearainn nó an bhaile neamhbhardasaigh.

(2) I gcás cuid de bhaile fearainn nó de bhaile neamhbhardasach a bheith i gcontae agus an chuid eile dhe i gcontae eile, féadfaidh comhairlí na gcontaethe sin, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis ordaithe agus le toiliú ceithre sheachtú de na ráta-íocóirí sa bhaile fearainn nó sa bhaile neamhbhardasach, a iarraidh i gcomhar ar an Rialtas ordú a dhéanamh faoin alt seo ag athrú ainme an bhaile fearainn nó an bhaile neamhbhardasaigh.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta an chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo.

(4) (a) I gcás baile neamhbhardasach a bheith go hiomlán i gcontae áirithe, déanfaidh rúnaí comhairle na contae sin, má ordaíonn agus nuair a ordós an chomhairle dhó sin a dhéanamh, liosta de na ráta-íocóirí sa bhaile neamhbhardasach a ullmhú agus a chur faoi bhráid na comhairle agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle, is liosta de na ráta-íocóirí sa bhaile neamhbhardasach sin chun críocha an ailt seo.

(b) I gcás gan ach cuid de bhaile neamhbhardasach a bheith i gcontae áirithe, déanfaidh rúnaí comhairle na contae sin, má ordaíonn agus nuair a ordós an chomhairle dhó sin a dhéanamh, liosta de na ráta-íocóirí sa chuid den bhaile neamhbhardasach atá sa chontae a ullmhú agus a chur faoi bhráid na comhairle agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle, is liosta de na ráta-íocóirí sa chuid sin chun críocha an ailt seo.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú an nós imeachta is inleanta chun a fhionnadh chun críocha an ailt seo an dtoilíonn ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí i mbaile fearainn nó i mbaile neamhbhardasach le hiarratas a dhéanamh faoin alt seo ar ordú ag athrú ainme an bhaile fearainn nó an bhaile neamhbhardasaigh.

(6) (a) Má déantar iarratas go cuí faoin alt seo, maidir le haon bhaile fearainn nó baile neamhbhardasach, féadfaidh an Rialtas, le hordú, ainm an bhaile fearainn nó an bhaile neamhbhardasaigh a athrú agus pé ainm eile is oiriúnach leo a chur ina hionad.

(b) Aon ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo tiocfaidh sé i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir díreach i ndiaidh sé mhí a bheith caite ó dháta an orduithe.

(7) Gach ordú a déanfar faoi fho-alt (6) den alt seo foilseofar é i pé slí agus gacha mhinice a ordós an tAire agus bhéarfar fógra ina thaobh do na daoine ordaithe.

(8) Má déantar ordú faoin alt seo ag athrú na hainme atá ar bhaile fearainn nó ar bhaile neamhbhardasach agus ag cur ainme nua ina hionad, ansin, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh, déanfar gach tagairt in aon ionstraim, doiciméid nó léarscáil don ainm láithreach a léiriú mar thagairt don ainm nua.

(9) Ní dhéanfaidh athrú ar ainm baile fearainn nó ar ainm baile neamhbhardasaigh, trí ordú faoin alt seo, difir d'aon chearta nó oblagáidí de chuid aon údaráis nó duine ná ní bhéarfaidh go mbeidh aon imeachta dlí lochtach, agus féadfar leanúint d'aon imeachta dlí nó tosnú orthu amhail is ná beadh aon athrú ainme déanta.

(10) San alt seo ciallaíonn an abairt “baile neamhbhardasach” líomatáiste (nach contae-bhuirg, buirg, ceantar uirbeach ná baile ina bhfuil an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, i ngníomh) dá ngairmtear baile i dtuarascáil an daonáirimh arb é, de thuras na huaire, an daonáireamh is déanaí é.

Ainm sráide a athrú.

78. —(1) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, le toiliú ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí i sráid, ainm na sráide a athrú.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta an chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú an nós imeachta is inleanta ag an údarás iomchuí chun a fhionnadh chun críocha an ailt seo an dtoilíonn ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí i sráid le hainm na sráide a athrú.

(4) Féadfaidh an t-údarás iomchuí a thabhairt go dtaispeánfar ainm sráide ar chuid fheiceálach d'aon fhoirgint nó déanmhas oiriúnach.

(5) San alt seo—

folaíonn an focal “sráid” cuid de shráid agus fós an t-iomlán nó cuid d'aon bhóthar, cearnóg, lána nó áit phoiblí eile;

ciallaíonn an abairt “an t-údarás iomchuí”—

(a) maidir le sráid i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile, bardas na buirge,

(b) maidir le sráid i gceantar uirbeach, comhairle an cheantair uirbigh,

(c) maidir le sráid i mbaile, coimisinéirí an bhaile, agus

(d) maidir le haon tsráid eile, comhairle na contae ina bhfuil an tsráid.

Ainm áite a athrú.

79. —(1) Féadfaidh an t-údarás iomchuí, le toiliú ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí in áit, ainm na háite a athrú.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta an chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo.

(3) Déanfaidh an t-oifigeach iomchuí do chomhlacht is údarás iomchuí maidir le háit áirithe, má ordaíonn agus nuair a ordós an comhlacht dó sin a dhéanamh, liosta de na ráta-íocóirí san áit sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an chomhlachta sin, agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhlacht sin, is liosta de na ráta-íocóirí san áit sin chun críocha an ailt seo.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú an nós imeachta is inleanta ag an údarás iomchuí chun a fhionnadh an dtoilíonn ceithre sheachtú ar a laghad de na ráta-íocóirí in áit le hainm na háite a athrú.

(5) San alt seo—

ciallaíonn an focal “áit” aon líomatáiste (nach sráid do réir bhrí ailt 78 den Acht seo)—

(a) is cuid de chontae-bhuirg nó de bhuirg eile, de cheantar uirbeach nó de bhaile ar a dtugtar go coitianta ainm ar leith, nó

(b) is cuid (seachas líomatáiste uirbeach, baile, baile fearainn nó baile neamhbhardasach, do réir bhrí ailt 77 den Acht seo) de chontae ar a dtugtar go coitianta ainm ar leith;

ciallaíonn an abairt “an t-údarás iomchuí”—

(a) maidir le háit i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile, bardas na buirge,

(b) maidir le háit i gceantar uirbeach, comhairle an cheantair uirbigh,

(c) maidir le háit i mbaile, coimisinéirí an bhaile,

(d) maidir le háit i gcontae, comhairle na contae;

ciallaíonn an abairt “an t-oifigeach iomchuí”—

(a) maidir le bardas contae-bhuirge nó buirge eile, bailechléireach na buirge,

(b) maidir le comhairle cheantair uirbigh, cléireach na comhairle,

(c) maidir le coimisinéirí baile, cléireach na gcoimisinéirí,

(d) maidir le comhairle chontae, rúnaí na comhairle.

Údarás áitiúil do shuncáil airgid chun críocha iasachta nó ciste fiachmhúchta.

80. —Féadfaidh údarás áitiúil aon airgead a shuncáil chun críocha iasachta nó ciste fiachmhúchta in aon stoic, cistí, scaireanna nó urrúis a mbeidh údaraithe d'iontaobhaithe, le haon Acht a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, airgead a shuncáil iontu, ach amháin stoic, cistí, scaireanna, nó urrúis arna gcruthnú ag an údarás sin iad féin nó urrúis réalta nó inoidhrithe.

Airgead a shuncáil chun buantairbhe d'áitreoirí líomatáiste fheidhmiúcháin údaráis áitiúil.

81. —(1) Más rud é—

(a) de bhun aon achtacháin reachtúil nó aon achtacháin eile nó de bhun dámhachtana aon eadránaí, go bhfaghaidh údarás áitiúil suim i leith forceannadh aon íocaíochta tréimhsiúla a bhíodh á híoc leo roimhe sin, agus

(b) gur deimhin leis an Aire gur ceart deighleáil leis an tsuim mar airgead caipitil,

féadfaidh an tAire a ordú don údarás áitiúil an tsuim a shuncáil chun buantairbhe d'áitreoirí a líomatáiste fheidhmiúcháin.

(2) Aon tsuim lena mbainfidh ordachán a bhéarfar faoin alt seo d'údarás áitiúil, coimeádfaidh an t-údarás sin suncálta í in aon stoic, cistí, scaireanna nó urrúis a mbeidh údaraithe d'iontaobhaithe, le haon Acht a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, airgead a shuncáil iontu, ach amháin stoic, cistí, scaireanna nó urrúis arna gcruthnú ag an údarás sin iad féin nó urrúis réalta nó inoidhrithe.

Talamh a thógaint.

82. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire agus faoi réir aon choinníoll a fhorcuirfeas sé, aon talamh, laistigh nó lasmuigh dá líomatáiste feidhmiúcháin, a thógaint de bharr comhaontuithe, pé acu trí cheannach, leasú nó malairtiú é, is talamh is dóigh leo a bheas ag teastáil uathu ina dhiaidh sin chun críocha a gcumhacht agus a ndualgas, d'ainneoin gan an modh ar a n-úsáidfid an talamh ná an chríoch chun a n-úsáidfid é a bheith cinnte acu.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil talamh a bheas tógtha acu faoi fho-alt (1) den alt seo a úsáid chun aon chríche a bhainfeas lena gcumhachta agus a ndualgais.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil talamh a bheas tógtha acu faoi fho-alt (1) den alt seo a ligean go dtí go mbeidh sé ag teastáil chun a úsáidte acu féin agus, má tharlann dóibh teacht ar an tuairim ná beidh an talamh ag teastáil uathu, féadfaid, le toiliú an Aire, é a dhíol.

(4) Faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, aon chumhacht a bheirtear d'údarás áitiúil le haon Acht, arna rith roimh an Acht seo nó dá éis, chun talamh a thógaint chun críche áirithe, is tuigthe go bhfolaíonn sí cumhachta chun talamh a thógaint ná teastaíonn láithreach chun na críche sin ón údarás áitiúil ach is dóigh leo a bheas ag teastáil uathu ina dhiaidh sin chun na críche sin.

(5) Ní bhainfidh fo-alt (4) den alt seo leis an gcumhacht chun talamh a thógaint a bheirtear le halt 8 den Acht Díomhaointis (Oibreacha Fóirthine), 1940 (Uimh. 34 de 1940) .

Talamh ná beidh ag teastáil a dhiúscairt.

83. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon diúscairt (nach forligean go ceann téarma is sia ná bliain) a beartófar a dhéanamh ar thalamh a bheas i seilbh údaráis áitiúil agus ná beidh ag teastáil chun críocha a gcumhacht agus a ndualgas:—

(a) cuirfear fógraí leis an bpost an lá céanna go dtí comhaltaí an údaráis áitiúil ina dtabharfar sonraí ar na nithe seo a leanas—

(i) an talamh,

(ii) ainm an duine ónar togadh an talamh sin más féidir sin a fhionnadh trí fhiosruithe réasúnacha,

(iii) an duine chun a bhfuil an talamh le diúscairt,

(iv) an chomaoin a beartaítear a thabhairt i leith na diúscairte,

(v) aon chúnanta, coinníollacha nó comhaontuithe a bhfuil éifeacht le bheith acu maidir leis an diúscairt,

(b) ag an gcéad chruinniú den údarás áitiúil a tionólfar tar éis deich lá glan a bheith caite ón lá ar cuireadh na fógraí sin amach, féadfaidh an t-údarás áitiúil a bheartú le rún ná déanfar an diúscairt nó go ndéanfar é do réir téarmaí a bheas sonraithe sa rún,

(c) mura rithe an t-údarás áitiúil rún de bhun míre (b) den fho-alt seo, féadfar, le toiliú an Aire, an diúscairt a dhéanamh,

(d) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun míre (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt do réir téarmaí a bheas sonraithe sa rún, féadfar, le toiliú an Aire, an diúscairt a dhéanamh do réir na dtéarmaí sin,

(e) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun míre (b) den fho-alt seo ná déanfar an diúscairt, ní déanfar é,

(f) ní déanfar an diúscairt ach amháin de bhun míre (c) nó míre (d) den fho-alt seo.

(2) San alt seo ní fholaíonn an focal “talamh” talamh ar feidhm fhorcoimeádta, faoi na Municipal Corporations (Ireland) Acts, 1840 to 1888, é a dhiúscairt (seachas trí fhorligean go ceann téarma nach sia ná bliain).

Cumhachta údarás bóthar maidir le talamh a teascfar trí oibriúcháin bóthair agus maidir le bóithre ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun úsáide poiblí.

84. —(1) Féadfaidh údarás bóthar, le toiliú an Aire—

(a) aon talamh a teascadh nó a teascfar trí oibriúcháin ag an údarás bóthar faoi alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , agus nárbh fhéidir, mar gheall ar a chuma nó a mhéid, a úsáid go heacnamúil nó a chuaigh ar failléan nó is cosúil a raghaidh ar failléan, nó

(b) aon talamh is láithreán do bhóthar nó do chuid de bhóthar ná fuil ag teastáil a thuilleadh, i dtuairim an údaráis bhóthar, chun úsáide poiblí,

a thógaint, trí chomhaontú nó go héigeanta, amhail is dá mbeadh an talamh sin ag teastáil ón údarás bóthar chun bóthar a dhéanamh.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh aon talamh tógtha faoi fho-alt (1) den alt seo ag údarás bóthar, nó

(b) gur le húdarás bóthar aon talamh a teascadh nó a teascfar trí oibriúcháin ag an údarás bóthar faoi alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, agus nárbh fhéidir, mar gheall ar a chuma nó a mhéid, a úsáid go heacnamúil nó a chuaigh ar failléan nó is cosúil a raghaidh ar failléan, nó

(c) gur le húdarás bóthar aon talamh is láithreán do bhóthar nó do chuid de bhóthar ar feidhmíodh ina leith na cumhachta a bheirtear le fo-mhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo,

féadfaidh an t-údarás bóthar, tar éis déanamh do réir na bhforál den Acht seo a bhaineas le diúscairt tailimh ná beidh ag teastáil, an talamh sin (dá ngairmtear talamh an údaráis bhóthar sa bhfo-alt seo) nó aon chuid de a dhíol le duine ar bith, nó a aistriú in aisce chun duine ar bith, is únaer ar aon talamh atá ag luí, agus atá ar an taobh chéanna den bhóthar, le talamh an údaráis bhóthar, chun go mbeidh bealach eile go dtí an bóthar sin ag an duine sin nó chun gur féidir talamh an údaráis bhóthar a úsáid go heacnamúil nó chun ná raghaidh talamh an údaráis bhóthar ar failléan.

(3) Má dhéanann údarás bóthar aon talamh a dhíol le duine ar bith nó a aistriú chuige faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaid an díol nó an t-aistriú a dhéanamh faoi réir pé coinníoll (lena n-áirítear coinníollacha á cheangal ar an duine sin an talamh sin a fhálú le tailte eile agus á cheadú é a áitiú i dteannta tailte eile) is oiriúnach leis an údarás bóthar.

(4) (a) Má bhíonn aon talamh ar únaeracht ag údarás bóthar is láithreán do bhóthar nó do chuid de bhóthar is dóigh leo ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun úsáide poiblí—

(i) féadfaidh an t-údarás bóthar, le toiliú an Aire, ceart slí an phobail ar an mbóthar sin nó ar an gcuid sin a mhúchadh, agus

(ii) féadfaidh an t-údarás bóthar, trí chomhaontú le duine ar bith, ag a mbeidh cead dul isteach ar mhaoin phríobháideach thadhlach tríd an mbóthar sin nó tríd an gcuid sin, an ceart sin a mhúchadh.

(b) Is feidhm fhorcoimeádta feidhmiú na gcumhacht a bheirtear le fo-mír (i) de mhír (a) den fho-alt seo.

Údaráis uirbeacha d'fháil iasachta chun bóithre a dhéanamh agus a chothabháil.

85. —(1) Féadfaidh údarás uirbeach airgead a fháil ar iasacht chun aon chostais a ghlanadh a ndeachadar fúthu chun bóithre a dhéanamh agus a chothabháil sa tslí chéanna ina bhféadfaidh údarás sláintíochta airgead a fháil ar iasacht chun costais faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, a ghlanadh.

(2) Na forála de na hAchta Sláinte Poiblí a bhaineas le húdarás sláintíochta d'fháil airgid ar iasacht, beidh feidhm acu, fara na modhnuithe is gá, maidir le húdarás uirbeach d'fháil aon airgid ar iasacht faoin alt seo.

(3) Aon airgead a gheobhfar ar iasacht faoin alt seo, féadfar é a thabhairt ar iasacht d'údarás uirbeach trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1945, an iasacht sin agus go mbeadh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

Comhairle chontae d'fháil airgid ar iasacht mar údarás cúnaimh phoiblí.

86. —Aon tsuim a gheobhas comhairle chontae ar iasacht mar údarás cúnaimh phoiblí, ní háireofar í ina cuid d'fhiach na comhairle chun críocha Airteagail 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government> (Application of Enactments) Order, 1898.

Stoc a eisiúint.

87. —(1) Má bhíonn aon chumhacht de thuras na huaire ag comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó údarás uirbeach chun airgead a fháil ar iasacht, féadfaid, le toiliú an Aire, an chumhacht sin a fheidhmiú trí stoc a chruthnú a bheas le cruthnú, le heisiúint, le haistriú, le fuascailt agus le cur ar neamhní, agus a mbeidh deighleáil le déanamh leis, i pé slí agus ar pé téarmaí agus do réir pé forál a hordófar.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin a déanfar chun críocha an ailt seo socrú a dhéanamh i dtaobh aon ní acu seo a leanas:—

(a) aon iasacht a fhuascailt a cruinneofar tríd an stoc a heiseofar do réir na rialachán,

(b) i gcás fiacha a chomhdhlúthú, chun na trátha a fhaidiú nó a athrú ar laistigh díobh a féadfar iasachta a fhuascailt,

(c) toiliú únaeraí teoranta,

(d) feidhm na nAcht a bhaineas le diúitéthe stampa agus le seiceanna,

(e) díbhinní neamhéilithe a dhiúscairt.

(3) Sar a ndéanfaidh an tAire rialacháin chun críocha an ailt seo, raghaidh sé i gcomhairle leis an Aire Airgeadais i dtaobh na rialachán sin.

(4) Gach rialachán a déanfar chun críocha an ailt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den tríocha lá a shuífeas an Teach ina dhiaidh sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an rialacháin ar neamhbhrí, beidh an rialachán arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(5) Mura ritear aon rún den tsórt a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo maidir le haon rialachán a rinneadh chun críocha an ailt seo, is tuigthe an t-ordú a bheith arna dhéanamh go cuí agus é a bheith laistigh de chumhachta an Achta seo agus beidh an fheidhm chéanna aige a bheadh aige dá n-achtaítí san Acht seo é.

(6) Gach rialachán a rinneadh faoi alt 52 (a cúlghairmtear leis an Acht seo) den Public Health Acts Amendment Act, 1890, nó faoi Airteagal 23 (a cúlghairmtear freisin leis an Acht seo) den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh sé inleasuithe nó inchúlghairmthe amhail is dá mba faoin Acht seo agus chun críocha an ailt seo a rinneadh é.

Léiriú tagairtí sna hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, d'fhiosrúchán áitiúil a dhéanamh.

88. —Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo go léireofar aon tagairt, sna hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, d'fhiosrúchán áitiúil a dhéanamh mar thagairt a chiallaíos agus a chiallaigh riamh fiosrúchán áitiúil a chur á dhéanamh ag cigire don Aire.

Cigire ag a mbeidh cáilíochta speisialta a cheapadh chun fiosrúchán áitiúil a dhéanamh.

89. —(1) Má bheartaíonn an tAire fiosrúchán áitiúil a chur á dhéanamh faoi alt 83 d'Acht 1941 agus gur dóigh leis go mba cheart cáilíochta speisialta, gairmiúil nó teicniúil, a bheith ag an gcigire a bheas le ceapadh chun an fiosrúchán a dhéanamh, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, duine ag a mbeidh na cáilíochta sin a cheapadh ina chigire chun an fiosrúchán a dhéanamh agus a thuarascáil a thabhairt air.

(2) Féadfaidh an tAire pé luach saothair a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le duine a ceapfar faoin alt seo.

(3) Duine a ceapfar faoin alt seo beidh sé i seilbh oifige go ceann pé tréimhse, nach sia ná tríocha lá, a chinnfeas an tAire.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 4 d'Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) , maidir le ceapachán faoin alt seo.

Bainisteoir do láithriú ar leithligh ag fiosrúchán áitiúil.

90. —(1) Má bhaineann fiosrúchán áitiúil a bheas le déanamh faoi alt 83 d'Acht 1941 le hiomlán na bhfeadhm nó le cuid de na feadhma atá ag údarás áitiúil, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú go bhféadfaidh an bainisteoir don údarás áitiúil láithriú ar leithligh ag an bhfiosrúchán.

(2) Má déantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le fiosrúchán áitiúil a bhainfeas le hiomlán na bhfeadhm nó le cuid de na feadhma atá ag údarás áitiúil—

(a) féadfaidh an bainisteoir don údarás áitiúil láithriú ag an bhfiosrúchán go pearsanta nó trí abhcóide nó aturnae,

(b) má láithríonn an bainisteoir ag an bhfiosrúchán trí abhcóide nó aturnae, íocfaidh an t-údarás áitiúil costas réasúnach an láithrithe (faoi réir pé teorann, más ann, is cuí leis an Aire a fhorchur),

(c) is feidhm fhorcoimeádta fostú agus teagasc an abhcóide nó an aturnae a láithreos ag an bhfiosrúchán thar ceann an údaráis áitiúil.

(3) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an bainisteoir”—

(a) maidir le bardas contae-bhuirge—an bainisteoir chun críocha na nAcht a bhaineas le bainistí na buirge, agus

(b) maidir le haon údarás áitiúil eile—an bainisteoir don údarás áitiúil chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942.

Ranníocaíocht i leith costas agus caiteachais maidir le fiosrúchán áitiúil.

91. —(1) Má rinneadh fiosrúchán áitiúil faoi alt 83 d'Acht 1941 agus gur dóigh leis an Aire é a bheith réasúnach ranníocaíocht a íoc i leith na gcostas agus an chaiteachais faoina ndeachaigh duine ar bith (seachas údarás áitiúil nó comhlacht eile) go réasúnach maidir leis an bhfiosrúchán, féadfaidh an tAire a dheimhniú go mbeidh an ranníocaíocht le n-íoc agus sonrófar sa deimhniú méid na ranníocaíochta agus ordófar ann í a íoc leis an duine sin—

(a) i gcás an fiosrúchán do bhaint le haon údarás áitiúil amháin nó aon chomhlacht eile amháin, ón údarás áitiúil sin nó ón gcomhlacht eile sin, agus

(b) i gcás an fiosrúchán do bhaint le níos mó ná aon údarás áitiúil amháin nó aon chomhlacht eile amháin, ó aon údarás amháin acu nó ó gach údarás acu i gcionúireachta sonraithe.

(2) Aon tsuim a n-ordófar faoin alt seo d'údarás áitiúil nó do chomhlacht eile í a íoc le duine ar bith, féadfaidh an duine sin í a aisghabháil ón údarás áitiúil sin nó ón gcomhlacht eile sin mar fhiach ghnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Feidhm ailt 83 d'Acht 1941.

92. —In ionad gach feidhme, maidir le haon fhiosrúcháin a bhí le hordú nó le cur á ndéanamh ag an Aire, a tugadh d'Airteagal 32 (a cúlghairmeadh le hAcht 1941) den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, trí achtachán a bhí i bhfeidhm i dtosach feidhme ailt 83 d'Acht 1941, déanfar feidhm a thabhairt don alt sin 83 maidir leis na fiosrúcháin sin.

Fógra ó chigire nó ó iniúchóir á cheangal ar fhínné teacht i láthair.

93. —Déantar leis seo alt 86 d'Acht 1941 a leasú mar a leanas:

(i) i mír (f) d'fho-alt (3) cuirfear na focail “faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo” in ionad na bhfocal “faoin bhfo-alt seo” san áit a bhfuil na focail deiridh sin díreach roimh na focail “agus a dhiúltóidh”,

(ii) cuirfear an mhír seo a leanas i ndeireadh fo-ailt (3):

“(g) féadfar fógra faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbainfidh sé nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha arna díriú chun an duine sin ag an seoladh ag a mbíonn gnáthchomhnaí air.”.

Dlínse na Cúirte Dúiche in imeachta faoi alt 71 d'Acht 1941.

94. —Déantar leis seo mír A d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), arna leasú le halt 52 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), a leasú tuilleadh trí chlásal nua mar a leanas a chur i ndeireadh na míre sin, sé sin le rá:

“(vi) dlínse, gan teorainn ar bith maidir le méid an éilimh, in imeachta ar agra iniúchóra nó duine eile faoi fho-alt (3) d'alt 71 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ).”.

Alt 2 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, a leasú.

95. —(1) Aon oifig lena mbaineann an t-alt seo, is tuigthe, chun críocha ailt 2 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , nach príomh-oifig fheidhmiúcháin faoi údarás áitiúil í.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) le hoifig chléirigh do choiste pinsean áitiúil faoi alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908;

(b) le hoifig chléirigh do na coimisinéirí ar bhaile nach ceantar uirbeach.

Fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Bailiú Rátaí), 1924, a leasú.

96. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Bailiú Rátaí), 1924 (Uimh. 11 de 1924) , trí na focail “do réir a bhanna” a scrios.

Alt 34 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, a leasú.

97. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh 5 de 1925) , trí fho-ailt (8) agus (9) a scrios agus na fo-ailt seo a leanas a chur ina n-ionad:

“(8) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo—

(a) údarás a thabhairt don tsuirbhéir contae ná don chomhairle cheantair uirbigh crann a bhearradh ná a ghearradh i rith aon tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair díreach ina dhiaidh sin, ná

(b) údarás a thabhairt chun a iarraidh ar dhuine ná a ordú dhó crann a bhearradh ná a ghearradh i rith aon tréimhse den tsórt sin,

mura dóigh leis an suirbhéir contae nó leis an gcomhairle cheantair uirbigh go mba chontúirt mhór thionóisce é gan an crann a bhearradh nó a ghearradh i rith na tréimhse sin.

(9) Más i rith aon tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair díreach ina dhiaidh sin a thiocfas deireadh leis an am a bheas ceaptha le hiarratas nó ordú faoin alt seo chun crann a bhearradh nó a ghearradh, is tuigthe an t-am sin a bheith arna fhaidiú go dtí an 7ú lá de Dheireadh Fómhair díreach ina dhiaidh sin.”.

Alt 39 d'Acht 1941 a leasú.

98. —Leasaítear leis seo alt 39 d'Acht 1941 trí na focail “fé mar atá feidhm acu maidir le toghchán cathrach” a scrios.

Feidhm ailt 80 d'Acht 1941.

99. —In ionad gach tagairte d'alt 63 (a hathghairmeadh le hAcht 1941) den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , atá in achtachán a bhaineas le cruinnithe d'údaráis áitiúla agus a bhí i bhfeidhm i dtosach feidhme ailt 80 d'Acht 1941, cuirfear tagairt don alt sin 80.