Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

31 1946


Uimhir 31 de 1946.


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT TOGHCHÁIN, 1923 GO 1941. [4ú Nollaig, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) ;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo don Phríomh-Acht a léiriú mar thagairtí don Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo.

(3) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus an Príomh-Acht.

Alt 41 den Phríomh-Acht a leasú.

2. —Beidh éifeacht ag an bPríomh-Acht amhail is dá gcuirtí an t-alt seo a leanas in ionad ailt 41, is é sin le rá—

An t-ionad agus na huaireanna vótaíochta.

“41.—(1) Déanfar gach olltoghchán faoi leith a chomóradh ar an aon lá amháin, agus is é an lá céanna a bheas ann ar fud an Stáit agus ní bheidh an lá sin níos déanaí ná tríocha lá tar éis Dáil Éireann a lán-scor.

(2) Is é an ceann comhairimh a cheapfas an áit toghcháin do gach dáilcheantar agus is é áit a cheapfaidh ná—

(a) i ndailcheantar buirge, áit éigin sa bhuirg, agus

(b) i ndáilcheantar contae, áit éigin sa dáilcheantar nó i gcontae-bhuirg a bheas ag luí leis an gcontae ina mbeidh an dáilcheantar nó an mhórchuid den dáilcheantar.

(3) Tosnóidh an vótaíocht, más ann, in Olltoghchán nó i gCorr-thoghchán ar a 9 a chlog a.m. agus coimeádfar ar siúl í go dtí a 9 a chlog p.m. ach ní coimeádfar ar siúl níos sia í mura rud é, i gcás aon Olltoghcháin nó Corr-thoghcháin áirithe, go n-ordóidh an tAire, le hordú, go gcoimeádfar an vótaíocht san Olltoghchán nó sa Chorr-thoghchán sin ar siúl go dtí 9.30 a chlog p.m., agus sa chás sin coimeádfar an vótaíocht san Olltoghchán nó sa Chorr-thoghchán sin ar siúl go dtí 9.30 a chlog p.m.”.

Cuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht a leasú.

3. —Déantar leis seo Cuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht a leasú mar leanas—

(a) tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Rialach 30—

“30. Déanfaidh an ceann comhairimh do dháilcheantar na nithe seo a leanas—

(a) ceapfaidh sé, mar áit a gcomhaireofar na vótaí ann—

(i) i gcás an dáilcheantar a bheith comhshuite ar fad nó i bpáirt de chontae-bhuirg, áit éigin sa chontae-bhuirg, nó

(ii) in aon chás eile, áit éigin sa dáilcheantar, ach féadfaidh sé, le toiliú an Aire (toiliú ná tabharfar mura deimhin leis an Aire ná fuil ar fáil, laistigh den dáilcheantar, aon áit oiriúnach chun na vótaí a chomhaireamh), áit éigin lasmuigh den dáilcheantar, ach é comhgarach dó, a cheapadh,

(b) comhaireoidh sé na vótaí san áit a bheas ceaptha amhlaidh,

(c) bhéarfaidh sé, ocht n-uaire ceathrachad an chloig ar a laghad roimh a 9 a chlog a.m. lá na vótaíochta, fógra i scríbhinn i dtaobh na háite a bheas ceaptha amhlaidh do ghníomhairí na n-iarrthóirí a bheas ceaptha chun bheith i láthair le linn na vótaí a bheith á gcomhaireamh;”

(b) trí na focail “Sar a raghaidh an ceann comhairimh ar chomhaireamh na vótanna déanfaidh sé”, i Riail 32, a scrios agus na focail seo a leanas a chur ina n-ionad, eadhon, “Ar a 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh críochnú na vótaíochta agus san áit a bheas ceaptha faoi Riail 30 den Chuid seo den Sceideal seo, déanfaidh an ceann comhairimh”;

(c) tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Rialach 33—

“33. Tar éis dó déanamh do réir Rialach 32 den Chuid seo den Sceideal seo, tosnóidh an ceann comhairimh láithreach ar na vótaí a chomhaireamh agus, a mhéid is féidir é, raghaidh ar aghaidh le comhaireamh na vótaí gan stad ach amháin chun biadh a chaitheamh, agus ag eisceadh (ach amháin sa mhéid go n-aontóidh sé féin agus na gníomhairí ar a mhalairt) na n-uaireanna idir a haon déag a chlog san oíche agus a naoi a chlog an mhaidin ina dhiaidh sin. I rith an ama eiscithe cuirfidh an ceann comhairimh na boscaí ballóide agus na doiciméidí eile a bhainfeas leis an toghchán faoina shéala féin agus faoi shéalaí pé gníomhairí do na hiarrthóirí ar mian leo a séalaí a chur orthu, agus glacfaidh cúram cuí chun na páipéir agus na doiciméidí sin a choimeád slán.”.

Cártaí vótaíochta.

4. —(1) Aon uair a bheas toghchán Dála in aon dáilcheantar curtha ar athló chun vótaíocht a dhéanamh, déanfaidh an ceann comhairimh don dáilcheantar sin cárta (dá ngairmtear cárta vótaíochta san alt seo) sa bhfoirm ordaithe a chur leis an bpost do réir an ailt seo chun gach toghthóra a mbeidh a ainm ar an gclár de thoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ná beidh a ainm ar an liosta de phost-vótálaithe don dáilcheantar sin á chur in iúl don toghthóir sin cad é a uimhir (maille le litir a cheantair vótaíochta) ar an gclár sin agus cá bhfuil an áit vótaíochta ina mbeidh an toghthóir sin i dteideal vótáil sa toghchán sin.

(2) Gach cárta vótaíochta a cuirfear faoin alt seo chun toghthóra in aon dáilcheantar díreofar é chun an toghthóra sin faoin ainm agus an seoladh faoina mbeidh sé cláraithe sa chlár de thoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus cuirfear amach é i dtráth chun go seachadfaí ag an seoladh sin é i ngnáthchúrsa an phoist tráth nach déanaí ná an tríú lá roimh an lá vótaíochta sa toghchán lena mbainfidh.

(3) Déanfaidh an ceann comhairimh gach cárta vótaíochta a sheachadadh don Cheann-Oifig Phoist is comhgaraí nó do pé postoifig eile a socrófar leis an gCeann-Mháistir Poist agus déanfaidh an Ceann-Mháistir Poist nó máistir poist na post-oifige eile sin (pé acu é) é a chur ar aghaidh láithreach saor ó chostas chun é a sheachadadh don dhuine chun a mbeidh sé dírithe.

(4) Na costais faoina raghaidh ceann comhairimh chun an t-alt seo a chomhlíonadh i dtoghchán, áireofar iad mar chostais faoina raghaidh sé chun críocha an toghcháin sin do réir bhrí ailt 25 den Phríomh-Acht, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt sin dá réir sin.

(5) Ní bheidh aon toghchán neamhbhailí toisc an ceann comhairimh dá fhaillí cárta vótaíochta a chur do réir an ailt seo chun aon toghthóra nó toisc gan cárta vótaíochta a sheachadadh d'aon toghthóir nó toisc aon earráide nó míráitis in aon chárta vótaíochta a cuirfear amach de bhun an ailt seo, ná ní déanfar aon toghchán a chonspóid mar gheall ar aon fhaillí, neamhsheachadadh, carráid nó míráiteas den tsórt sin.

(6) Ní luífidh ná ní bunófar aon aicsean ná imeacht eile i gcoinne ceann comhairimh mar gheall ar aon earráid nó míráiteas in aon chárta vótaíochta a chuirfeas sé amach amhlaidh.

Leas-chinn chomhairimh a cheapadh.

5. —(1) Más é an t-aon duine amháin is ceann comhairimh do dhá dháilcheantar nó níos mó a mbeidh toghchán iomaidh i ngach ceann acu san am chéanna déanfaidh sé—

(a) más dhá dháilcheantar, ar a mhéid, a bheas ann, leascheann comhairimh a cheapadh i leith ceann amháin acu chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh,

(b) in aon chás eile, leas-cheann comhairimh a cheapadh, i leith gach ceann (ach ceann amháin) de na dáilcheantair sin, chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh,

agus déanfaidh gach leas-cheann comhairimh a bheas ceaptha amhlaidh i leith dáilcheantair na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a tugadh sa toghchán sa dáilcheantar sin a chomhaireamh.

(2) Mura féidir leis an gceann comhairimh do dháilcheantar, mar gheall ar bhreoiteacht nó cúis réasúnach eile, an toghchán sa dáilcheantar sin a stiúradh, féadfaidh sé leas-cheann comhairimh a cheapadh chun gach ceann nó aon cheann dá dhualgais a chomhlíonadh, agus déanfaidh aon leas-cheann comhairimh a ceapfar amhlaidh na dualgais dá gceapfar é a chomhlíonadh.

(3) Ní déanfar duine ar bith a cheapadh ina leas-cheann comhairimh faoi fho-alt (1) ná fo-alt (2) den alt seo mura n-aontaí an tAire lena cheapadh amhlaidh.

(4) Folaíonn an abairt “ceann comhairimh” sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht aon leas-cheann comhairimh arna cheapadh ag an gceann comhairimh faoin alt seo chun aon dualgais de chuid an chinn chomhairimh sin a chomhlíonadh.

E a bheith de dhualgas ar an gceann comhairimh toghchán a stiúradh.

6. —Faoi réir forál fo-ailt (1) d'alt 5 den Acht seo, déanfaidh an ceann comhairimh do dháilcheantar toghchán a stiúradh sa dáilcheantar sin mura rud é nach féidir leis sin a dhéanamh mar gheall ar bhreoiteacht nó cúis réasúnach eile is leor i dtuairim an Aire.

An tAire do cheapadh ceann comhairimh.

7. —Mura féidir leis an gceann comhairimh do dháilcheantar, mar gheall ar bhreoiteacht nó cúis eile, gach ceann nó aon cheann dá dhualgais mar oifigeach den tsórt sin a chomhlíonadh, agus mura mbeidh duine ceaptha aige faoi alt 5 den Acht seo nó mura mbeidh aon tsocrú déanta chun a dhualgais mar oifigeach den tsórt sin a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, duine a cheapadh chun bheith ina cheann comhairimh don dáilcheantar sin chun pé dualgais de chuid an chinn chomhairimh a chomhlíonadh a bheas gan comhlíonadh agus is tuigthe aon rit a heisíodh faoi alt 54 den Phríomh-Acht chun an chinn chomhairimh a bheith arna eisiúint chun an duine a bheas cheaptha ag an Aire faoin alt seo.

Forála éigeandála maidir le vótaíocht ar oileáin.

8. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh toghchán Dála in aon dáilcheantar curtha ar athló chun vótaíocht a dhéanamh, agus

(b) gur ar oileán a bheas an stáisiún vótaíochta (dá ngairmtear an stáisiún vótaíochta ceaptha sa bhfo-alt seo) do cheantar vótaíochta sa dáilcheantar sin,

féadfaidh an ceann comhairimh, má mheasann sé gur dócha, mar gheall ar dhrochaimsir nó deacrachta iompair,—

(i) nach féidir an vótaíocht a dhéanamh sa stáisiún vótaíochta ceaptha ar an lá vótaíochta ceaptha nó

(ii) dá ndéantaí an vótaíocht ar an lá vótaíochta ceaptha, ná féadfadh na boscaí ballóide a húsáideadh sa stáisiún vótaíochta ceaptha an áit a bheas ceaptha do chomhaireamh na vótaí a shroichint ar nó roimh a 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh an lae vótaíochta cheaptha,

fógra poiblí a thabhairt sa cheantar vótaíochta sin ina luafaidh an tuairim sin aige agus ina leagfidh amach na forála ina dhiaidh seo den fho-alt seo, agus air sin beidh éifeacht, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sa Phríomh-Acht, ag na forála seo a leanas—

(A) féadfaidh an ceann comhairimh an vótaíocht a dhéanamh sa stáisiún vótaíochta ceaptha an chéad lá, i ndiaidh an tríú lae tar éis an toghchán a chur ar athló, is dóigh leis a bheas cúrsaí iompair idir an t-oileán agus an mórthír réasúnta sábhálta,

(B) mura féidir, mar gheall ar dheacrachta iompair, tosnú ar an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ceaptha ar a 9 a chlog a.m., tosnófar uirthi a luaithe is féidir i ndiaidh an ama sin,

(C) más rud é, tar éis an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ceaptha a bheith ar siúl ar feadh ceithre huaire an chloig, ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais nárbh fhéidir, dá leantaí den vótaíocht níos sia, bheith ag brath air go sroichfeadh na boscaí ballóide an áit a bheas ceaptha do chomhaireamh na vótaí ar nó roimh a 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh an lae vótaíochta cheaptha, féadfaidh sé an vótaíocht a chríochnú ansin,

(D) ní déanfar aon athrú ar fhoirm ná ar lánas an fhógra i dtaobh na vótaíocht faoi Riail 8 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht de bhíthin an lá agus na huaireanna vótaíochta sa cheantar vótaíochta sin a athrú faoin bhfo-alt seo.

(2) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an lá vótaíochta ceaptha”, maidir le toghchán Dála in aon dáilcheantar, an lá a bheas ceaptha faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) d'alt 18 den Phríomh-Acht mar an lá a déanfar an vótaíocht sa toghchán sin sa dáilcheantar sin;

ciallaíonn an abairt “an áit a bheas ceaptha do chomhaireamh na vótaí”, maidir le toghchán Dála in aon dáilcheantar, an áit a bheas ceaptha faoi Riail 30 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht mar an áit a gcomhaireofar ann na vótaí a caitheadh sa toghchán sin sa dáilcheantar sin.

Athghairm.

9. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearr-theideal agus comhluadh.

10. —Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1946 , a ghairm den Acht seo agus féadfar na hAchta Toghcháin, 1923 go 1946, a ghairm de na hAchta Toghcháin, 1923 go 1941, den Acht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945 (Uimh. 6 de 1945) , agus den Acht seo le chéile.