3 1947


Uimhir 3 de 1947.


AN tACHT UM AN ACHT LÍN, 1936 (FIONRAÍ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHIONRAÍ OIBRIÚ AN ACHTA LÍN, 1936 . [30ú Eanáir, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Oibriú an Achta Lín, 1936 , a fhionraí.

1. —Déantar leis seo oibriú an Achta Lín, 1936 ( Uimh. 20 de 1936 ), agus aon orduithe agus rialachán faoin Acht sin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, a fhionraí go dtí an 1ú lá d'Eanáir, 1950, nó pé lá roimhe sin a socrófar le hordú ón Rialtas.

Gearrtheideal

2. —Féadfar an tAcht um an Acht Lín, 1936 (Fionraí), 1947, a ghairm den Acht seo.