7 1947


Uimhir 7 de 1947.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCHA AN tAONÚ LÁ TRIOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A SEACHT CEATHRACHAD, AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A hOCHT CEATHRACHAD. [26ú Márta, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

£2,670,422 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1947.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Dhá Mhilliún Sé Chéad agus Seachtó Míle Ceithre Chéad agus Dhá Phunt Fhichead a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhise na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a seacht ceathrachad.

£17,681,000 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1948.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Seacht Milliún Déag Sé Chéad agus Aon Mhíle Ochtód Punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a hocht ceathrachad.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £20,351,422 a fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Fiche Milliún Trí Chéad agus Aon Mhíle Caogad Ceithre Chéad agus Dhá Phunt Fhichead a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna a airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus a eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear bunairgid agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin a eisiúint.

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Príomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1947 , a ghairm den Acht seo.