An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1947) Ar Aghaidh (CUID II. An Chorparaid.)

14 1947

AN tACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1947

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1947, a ghairm de na hAchta Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1929, agus den Acht seo le chéile.

Mínithe agus léiriú go ginearálta.

2. —(1) San Acht seo—

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1929;

Acht Leasaitheach 1928.

ciallaíonn an abairt “Acht Leasaitheach 1928” an t Acht Cairde Thalmhaíochta, 1928 (Uimh. 22 de 1928) ;

Acht Leasaitheach 1929.

ciallaíonn an abairt “Acht Leasaitheach 1929” an t Acht Cairde Thalmhaíochta, 1929 (Uimh. 30 de 1929) ;

an lá ceaptha.

ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá a ceapfar le hordú ón Aire faoi alt 6 den Acht seo;

comharchumann.

ciallaíonn an focal “comharchumann” cumann arna chlárú faoin Industrial and Provident Societies Act, 1893;

an Chorparáid.

ciallaíonn an abairt “an Chorparáid” Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1927 (Uimh. 24 de 1927) .

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta.

Mínithe ar na focail “talmhaíocht,” “feirmeoir” agus “feirm.”

3. —(1) San Acht seo—

folaíonn an focal “talmhaíocht”—

(a) síolrú, tógáil nó coimeád ainmhithe d'aon tsórt (lena n-áirítear éanacha agus míngeacha),

(b) déiríocht,

(c) féaraíocht ainmhithe, agus

(d) próiseasú, monarú, ullmhú nó críochnú aon toradh feirme chun a dhíolta;

ciallaíonn an focal “feirmeoir” pearsa atá ag gabháil, nó atá ar intinn bheith ag gabháil, do ghné éigin den talmhaíocht agus folaíonn sé—

(a) dhá phearsa nó níos mó atá ag gabháil, nó atá ar intinn bheith ag gabháil, i gcomhpháirt nó i gcoiteannas, do ghné éigin den talmhaíocht,

(b) ionadaí pearsanta duine mhairbh atá, chun leasa eastáit an duine mhairbh sin, ag gabháil, nó ar intinn bheith ag gabháil, do ghné éigin den talmhaíocht,

(c) iontaobhaí socraíochta atá, chun leasa na ndaoine ag á bhfuil teideal tairbhiúil faoin socraíocht sin, ag gabháil, nó ar intinn bheith ag gabháil, do ghné éigin den talmhaíocht,

(d) aon chomhlucht corpraithe atá ag gabháil, nó atá ar intinn bheith ag gabháil, do ghné éigin den talmhaíocht mar phríomhghnó acu, agus

(e) dhá chomhlucht nó níos mó atá ag gabháil, nó atá ar intinn bheith ag gabháil, i gcomhpháirt nó i gcoiteannas, do ghné éigin den talmhaíocht mar phríomhghnó acu;

ciallaíonn an focal “feirm” an talamh nó na foirgintí nó an talamh agus na foirgintí a bhfuil an feirmeoir, a n-úsáidtear an focal maidir leis, ag gabháil do ghné éigin den talmhaíocht air nó iontu.

(2) San alt seo—

folaíonn an focal “iontaobhaí” iontaobhaí faoi iontaobhas béil agus fós iontaobhaí ó inchiallú dlí;

ciallaíonn an focal “socraíocht” an gníomhas, an uacht nó an ionstraim eile, an dearbhú béil nó an t-inchiallú dlí ar dá bhuaidh atá an t-iontaobhaí, a n-úsáidtear an focal maidir leis, ina iontaobhaí amhlaidh.

Athghairm.

4. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, a mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin I, amhail ar dháta agus ó dháta an Achta seo a rith.

(2) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, a mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den chuid sin I, amhail ar an lá ceaptha agus uaidh sin amach.