An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Airneis-Mhorgaisti.)

14 1947

AN tACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1947

CUID II.

An Chorparaid.

Mínithe chun críocha Coda II.

5. —Sa Chuid seo—

na hAchta Cuideachtan.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Cuideachtan” na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924;

stiúrthóir.

ciallaíonn an focal “stiúrthóir” stiúrthóir ar an gCorparáid;

scaireanna láithreacha.

ciallaíonn an abairt “scaireanna láithreacha” na scaireanna “A” agus “B” sa Chorparáid a heisíodh faoin bPríomh-Acht, arna leasú le hAcht Leasaitheach 1929;

scaireanna nua.

ciallaíonn an abairt “scaireanna nua” scaireanna sa Chorparáid a heiseofar agus a dáileofar chun an Aire de bhun ailt 9 den Acht seo.

An lá ceaptha.

6. —Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCorparáid, lá a cheapadh, le hordú, chun bheith ina lá ceaptha chun críocha na Coda seo.

Caipiteal na Corparáide a laghdú agus scaireanna láithreacha a chealú.

7. —(1) Amhail ar an lá ceaptha agus dá éis, is £300,000 (trí chéad míle punt) caipiteal na Corparáide, agus é roinnte ina shé chéad míle scaireanna de dheich scillinge an ceann.

(2) Ar an lá ceaptha déanfar gach scair láithreach sa Chorparáid a chealú de bhuaidh an ailt seo.

Sealbhóirí (seachas an tAire) ar scaireanna láithreacha d'fháil íocaíochta ina n-ionad sin.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “sealbhóir cláraithe” duine, nó, i gcás nasc-shealbháin scaireanna láithreacha, beirt nó níos mó, is sealbhóir cláraithe, an lá díreach roimh an lá ceaptha, ar scair láithreach amháin nó níos mó, ach ní fholaíonn sí an tAire;

ciallaíonn an abairt “suim iomchuí,” maidir le sealbhóir cláraithe, suim airgid arna háireamh do réir deich scillinge in aghaidh gach scaire láithrí i seilbh an tsealbhóra chláraithe sin.

(2) (a) Tríocha lá ar a laghad roimh an lá ceaptha, seirbheálfaidh an Chorparáid ar gach sealbhóir cláraithe fógra—

(i) go gcealófar a scaireanna láithreacha an lá ceaptha, agus

(ii) go n-íocfaidh an Chorparáid suim iomchuí leis an lá ceaptha.

(b) Féadfar fógraí faoi mhír (a) den fho-alt seo a sheirbheáil mar foráltar le hairteagail chomhlachais láithreacha na Corparáide fógraí a sheirbheáil.

(3) Ar an lá ceaptha, íocfaidh an Chorparáid suim iomchuí le gach sealbhóir cláraithe.

(4) Gach sealbhóir cláraithe ar aon scaireanna láithreacha glacfaidh sé, in ionad agus do shásamh gach cirt agus éilimh maidir lena scaireanna láithreacha, an íocaíocht a déanfar leis de bhun fo-ailt (3) den alt seo.

(5) (a) Íocfaidh an Chorparáid le gach sealbhóir cláraithe, ar pé dáta (nach déanaí ná seasca lá tar éis an lae cheaptha) a shocrós an Chorparáid le toiliú an Aire, díbhinn, arna háireamh do réir cúig faoin gcéad sa bhliain ar an méid a bheas íoctha i leith scaireanna láithreacha a bhí i seilbh an tsealbhóra chláraithe sin an lá díreach roimh an lá ceaptha, in aghaidh na tréimhse dar tosach an lá díreach i ndiaidh an dáta dheiridh roimh an lá ceaptha ar ar íoc an Chorparáid díbhinn agus dar críoch an lá díreach roimh an lá ceaptha, agus ní bheidh an sealbhóir cláraithe sin i dteideal aon díbhinne eile i leith na scaireanna sin in aghaidh na tréimhse sin.

(b) Más rud é, ar an dáta a socrófar faoi mhír (a) den fho-alt seo, ná beidh aon airgead nó ná beidh dóthain airgid ar fáil agus inúsáidte ag an gCorparáid le haghaidh na n-íocaíocht is gá a dhéanamh faoin mír sin (a), deimhneoidh an Chorparáid don Aire, láithreach, an tsuim is gá, i dteannta an airgid (más ann) atá ar fáil agus inúsáidte amhlaidh, chun na híocaíochta sin a dhéanamh agus, ar an Aire d'fháil an deimhnithe sin, íocfaidh sé leis an gCorparáid an méid a bheas deimhnithe amhlaidh agus déanfaidh an Chorparáid an t-airgead a gheofar amhlaidh a úsáid láithreach chun nó mar chabhair chun na híocaíochta sin a íoc.

(c) An t-airgead go léir is iníoctha ag an Aire leis an gCorparáid faoi mhír (b) den fho-alt seo, beidh a íoc agus a mhuirear ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis.

(6) Féadfaidh an Chorparáid chun críocha an ailt seo, a scair-chlár a dhúnadh go ceann tréimhse ceathracha lá a chríochnós an lá ceaptha agus diúltú d'aon aistriú scaireanna láithreacha a chlárú i rith na tréimhse sin.

Scaireanna nua a eisiúint chun an Aire.

9. —(1) Ar an lá ceaptha, déanfaidh an Chorparáid, in ionad agus do lán-tsásamh gach éilimh agus cirt maidir le scaireanna láithreacha a bheas cláraithe in ainm an Aire, cúig céad agus ceithre mhíle ochtód dhá chéad agus seacht gcinn tríochad de scaireanna láníoctha deich scillinge sa Chorparáid a eisiúint agus a dháiliú chun an Aire.

(2) (a) Ar an lá ceaptha, déanfaidh an Chorparáid freisin cúig mhíle dhéag seacht gcéad agus trí cinn seascad de scaireanna láníoctha deich scillinge sa Chorparáid a eisiúint agus a dháiliú chun an Aire.

(b) Ar an lá ceaptha, íocfaidh an tAire leis an gCorparáid, i gcomaoin scaireanna sa Chorparáid a eisiúint chuige de bhun an fho-ailt seo, suim £7,881 10s. 0d. (seacht míle, ocht gcéad agus aon phunt ochtód agus deich scillinge).

(c) An t-airgead go léir is iníoctha ag an Aire leis an gCorparáid de bhun an fho-ailt seo, beidh a íoc agus a mhuirear ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis, agus, chun an t-airgead sin a sholáthar, féadfaidh an tAire airgead a fháil ar iasacht trí pé urrúis is cuí leis a eisiúint agus íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

Forála maidir le scaireanna nua a bheas ar seilbh ag an Aire.

10. —(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh an tAire, maidir le scaireanna nua a bheas ar seilbh aige de thuras na huaire, gach ceann nó aon cheann de na cearta agus na cumhachta a fheidhmiú is infheidhmithe de thuras na huaire ag sealbhóir na scaireanna nua sin, agus, i gcás na cearta nó na cumhachta sin a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire, más cuí leis, na cearta agus na cumhachta sin a fheidhmiú trína aturnae, agus chuige sin féadfaidh duine amháin a cheapadh mar aturnae dhó maidir le scaireanna nua áirithe a bheas ar seilbh aige agus duine eile a cheapadh mar aturnae dhó maidir le scaireanna nua eile a bheas ar seilbh aige.

(2) Chun an méid sin de na hAchta Cuideachtan a chomhlíonadh a dhlíos seachtar comhaltaí ar a laghad a bheith i gcónaí ar an gCorparáid nó chun an cháilíocht riachtanach a thabhairt do dhuine a bheas ceaptha nó le ceapadh ina stiúrthóir, féadfaidh an tAire, ó am go ham do réir mar is gá, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(a) scair nua amháin a bheas ar seilbh de thuras na huaire ag an Aire a aistriú chun duine ar bith,

(b) a cheangal ar chomhalta ar bith den Chorparáid aon scair nua a bheas ar seilbh aige a aistriú chun an Aire nó chun duine ar bith eile a cheapfas an tAire chuige sin.

(3) Is ar iontaobhas don Aire a shealbhós gach comhalta (seachas an tAire) den Chorparáid, nó ionadaí pearsanta an chomhalta sin, a scaireanna nua agus beidh de cheangal air dá réir sin na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an comhalta sin ar na scaireanna nua sin nó ina leith a íoc leis an Aire chun tairbhe don Stát-Chiste agus na scaireanna nua sin a aistriú, mar iarrfas agus nuair a iarrfas an tAire é, chun an Aire nó chun duine a ainmneos an tAire chuige sin.

(4) Má éagann comhalta ar bith den Chorparáid nó má dearbhaítear é a bheith ina fhéimhí nó má dhéanann sé comhshocraíocht lena chreidiúnóirí nó má dearbhaítear é a bheith mímheabhrach, féadfaidh an tAire na scaireanna nua a bheas ar seilbh ag an gcomhalta sin a aistriú chun an Aire nó chun duine eile agus air sin dílseoidh na scaireanna nua sin sa duine a sonrófar san aistriú sin.

(5) Ach amháin mar a húdaraítear nó a ceangaltar leis an alt seo, ní dhéanfaidh aon chomhalta den Chorparáid (lena n-áirítear an tAire) aon scaireanna nua a bheas ar seilbh aige de thuras na huaire a aistriú.

Díbhinní, etc., ar scaireanna nua a íoc isteach sa Stát-Chiste.

11. —Déanfar na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna nua a bheas ar seilbh aige, nó ar iontaobhas dó, a íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire

Stiúrthóirí na Corparáide.

12. —(1) Na daoine a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, ina stiúrthóirí, scoirfid, an lá ceaptha, de bheith i seilbh oifige.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis—

(a) ní lú ná triúr ná ní mó ná cúigear líon na stiúrthóir í (agus an cathaoirleach a áireamh),

(b) ainmneoidh an tAire na stiúrthóirí,

(c) is í cáilíocht is gá chun duine a bheith ina stiúrthóir scair amháin ar a laghad a bheith aige sa Chorparáid.

Cumhachta chun airgead a fháil ar iasacht.

13. —(1) (a) Ar an lá ceaptha agus dá éis, is dleathach don Aire airleacain a thabhairt ó am go ham don Chorparáid agus is dleathach don Chorparáid pé suimeanna a theastós ón gCorparáid chun críocha a gnótha a fháil ar iasacht ón Aire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, ar pé téarmaí maidir le haisíoc a chinnfeas an tAire as a chomhairle féin, ach sin i slí nach mó ná dhá chéad agus caoga míle punt ar fad an méid iomlán a bheas dlite aon tráth áirithe ar scór na n-airleacan sin.

(b) Íocfaidh an Chorparáid leis an Aire, ar gach suim a hairleacfar don Chorparáid faoin bhfo-alt seo, ús, ó dháta na suime sin a airleacan go dtí dáta na suime sin a aisíoc, do réir pé ráta (nach lú ná an ráta is iníoctha, ar dháta an airleacain, ar airleacain as an bPríomh-Chiste chun Ciste na nIasacht Áitiúla) agus ar pé dáta nó dátaí a cheapfas an tAire ó am go ham chuige sin.

(c) An t-airgead go léir a íocfas an Chorparáid leis an Aire i leith aisíoctha airleacan a tugadh faoi fhorála an fho-ailt seo nó i leith úis ar airleacain den tsórt sin, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí a ordós an tAire.

(2) Is dleathach don Chorparáid, le haontú an Aire, pé suimeanna a theastós ón gCorparáid chun críocha a gnótha go ginearálta nó chun críche áirithe (do réir mar sonrófar san aontú) a fháil ar iasacht, aon tráth nó trátha, trí rótharraing nó airleacan sealadach eile ó aon Bhanc nó foras creidiúnais eile, ach sin i slí nach mó ná dhá chéad agus caoga míle punt ar fad an méid iomlán a bheas dlite aon tráth áirithe ar scór na rótharraing nó na n-airleacan sealadach eile sin.

Cumhachta na Corparáide chun airgead a thabhairt ar iasacht.

14. —(1) Is dleathach don Chorparáid a meabhrán comhlachais agus a hairteagail chomhlachais a athrú i slí go mbeid i bhfoirm agus i bhfriotal a bhéarfas teideal agus údarás don Chorparáid chun airgead a thabhairt ar iasacht nó a airleacan ar pé urrús is cuí leis na stiúrthóirí do na daoine sin amháin agus chun na gcríocha sin amháin a luaitear anseo ina dhiaidh seo, is é sin le rá:—

(a) do dhuine ar bith (is feirmeoir)—

(i) chun foirgintí a thógáil ar fheirm an duine sin, nó

(ii) chun buan-fheabhsuithe a dhéanamh ar fheirm an duine sin a raghadh chun táirgiúlacht na feirme sin a mhéadú nó chun an méadú sin a urasú nó chun cabhruithe leis, nó

(iii) chun beodhíle a cheannach, nó

(iv) chun sásra nó uirlisí talmhaíochta a cheannach, nó

(v) chun abhair, leasacháin, abhair bheatha, síolta, nó riachtanais eile i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta, a cheannach, nó

(vi) chun talamh a cheannach a bhí, díreach roimh í a cheannach, ar únaeracht ag an gCorparáid nó ina urrús ag an gCorparáid in aghaidh iasachta nó airleacain, nó

(vii) chun gnó an duine sin a bhunú, a sheoladh nó a leathnú, nó

(viii) chun fiach nó dliteanas eile a íoc agus a urscaoileadh a bheas ar an duine sin agus faoina ndeachaigh an duine sin nó duine ar bith eile (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) ar fad nó go formhór chun críche ar dleathach don Chorparáid iasacht a thabhairt chuici, nó

(ix) chun fiach a íoc nó a urscaoileadh faoina ndeachthas tráth ar bith chun talamh a cheannach chun críocha talmhaíochta, nó

(x) chun aon mhorgáiste, muirear, ualach, blianacht nó eire ar thalamh nó aon fhiach a íoc i gcás inar dóigh leis na stiúrthóirí dá n-íoctaí an morgáiste, an muirear, an t-ualach, an bhlianacht nó an eire sin ar thalamh nó an fiach sin go n-urasódh sin don duine a mbeadh a thailte faoin gcéanna nó ar a mbeadh an céanna de dhliteanas a ghnó a sheoladh mar fheirmeoir nó fearachas a dhéanamh nó caillteanais a sheachaint, nó

(xi) chun morgáiste, muirear, ualach, blianacht nó eire ar thalamh a íoc nó iasacht a íoc a fuarthas chun morgáiste, muirear, ualach, blianacht nó eire ar thalamh a íoc i gcás inar dóigh leis na stiúrthóirí dá dtugtaí airleacan don duine sin chun an morgáiste, an muirear, an t-ualach, an bhlianacht, an eire ar thalamh nó an iasacht sin a íoc go n-urasódh sin airleacan a thabhairt nó a aisíoc i gcás an Chorparáid a bheith tar éis nó ar intinn sin a thabhairt don duine sin chun aon chríche a mbeidh údaraithe don Chorparáid airleacan a thabhairt chuici, nó

(xii) chun caipiteal oibre a sholáthar don duine sin.

(b) do phearsain ar bith (is feirmeoir) chun socraíocht nó comhshocraíocht ar chúrsaí a theaghlaigh nó ar a mhaoin a airgeadasú, a dhéanamh nó a chríochnú;

(c) do dhuine ar bith (is feirmeoir) chun aon chríche is dóigh leis na stiúrthóirí a bhaineas le talmhaíocht;

(d) do dhuine ar bith a bheas ag gabháil nó a bheartós bheith ag gabháil do ghnóthas, a bheas ceaptha go príomha chun fónamh d'fheirmeoirí, chun an gnóthas sin a bhunú, a sheoladh nó a leathnú;

(e) do dhuine ar bith chun íoctha na gcostas agus an chaiteachais a bhainfeas le hairgead a fháil ar iasacht ón gCorparáid, chun urrús a thabhairt don Chorparáid ar an iasacht sin, nó chun teideal an duine sin chun tailimh ar bith a chomhlánú.

(2) (a) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide i bhfoirm agus i bhfriotal n bhéarfas freisin go bhféadfaidh an tAire agus a í tAire Talmhaíochta, as a gcomhchomhairle, tr orduithe arna ndéanamh acu i gcomhar, na daoine agus na críocha a mbeidh teideal agus údarás ag an gCorparáid airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan dóibh, mar bheas luaite sa mheabhrán agus sna hairteagail sin de bhun an ailt seo, a athrú (trí leathnú, srianadh nó eile) ó am go ham, ach sin i slí ná déanfar le haon hordú den tsórt sin leathnú ar líon na ndaoine agus na gcríoch sin chun go bhfolóid—

(i) duine ar bith ná beidh ag gabháil, nó ar tí bheith ag gabháil, do thalmhaíocht nó do ghnó nó gnóthas a bhaineas le talmhaíocht nó a raghadh, go díreach nó go neamhdhíreach, chun tairbhe go príomha do dhaoine a bhíos ag gabháil do thalmhaíocht, ná

(ii) duine ar bith a dtoirmeasctear go sainráiteach ar an gCorparáid leis an alt seo iasacht nó airleacan a thabhairt dó, ná

(iii) aon chríoch ná baineann go díreach nó go neamhdhíreach le talmhaíocht.

(b) Gach ordú a dhéanfas an tAire agus an tAire Talmhaíochta faoi mhír (a) den fho-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus mura ndéana ceachtar Teach acu sin, laistigh de lá agus fiche i ndiaidh an chéad lae a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, tiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh ar lá agus fiche a bheith caite ó pé lá acu seo a leanas is déanaí, is é sin le rá, an chéad lá a shuífeas Dáil Éireann tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bráid nó an chéad lá a shuífeas Seanad Éireann tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid.

(3) (a) Ní dhéanfaidh an Chorparáid, chun na gcríocha a sonraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, aon iasacht ná airleacan a thabhairt—

(i) d'aon chomhlucht corpraithe ar dóigh leis na stiúrthóirí nach gníomhacht nó gníomhachta acu seo a leanas an príomhghnó aige—

(I) creidiúnas talmhaíochta a thabhairt,

(II) toradh talmhaíochta a tháirgeadh, a phróiseasú, nó a mhargú,

(III) sásra nó fearais talmhaíochta a dhíol nó a ligean ar cíos,

(IV) leasacháin, abhair bheatha, síolta, nó riachtanais eile i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta, a tháirgeadh nó a sholáthar,

(V) aon cheann nó cinn acu seo a leanas a tháirgeadh, eadhon, uisce, cumhacht agus solas, lena n-imdháil ar fheirmeoirí go príomha,

(VI) oibreacha nó seirbhísí a sholáthar a raghadh, go díreach nó go neamhdhíreach, chun tairbhe go príomha do dhaoine a bhíos ag gabháil do thalmhaíocht, ná

(ii) d'aon chomhlucht corpraithe ar dóigh leis na stiúrthóirí gur cuid shubstainteach den ghnó a bhíos ar siúl aige aon earraí a dhíol ar mionreic nach de tháirgeadh an chomhluchta chorpraithe sin nó (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí ná nach riachtanais i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta;

(b) más rud é, i gcás earraí a bheas á ndíol ag comhlucht corpraithe, gur de tháirgeadh an chomhluchta chorpraithe sin nó (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí formhór na n-earraí sin, féadfar, chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo, aon earraí dá samhail sin a dhíolfas an comhlucht corpraithe sin ó am go ham a áireamh mar earraí de tháirgeadh den tsórt sin d'ainneoin gur daoine eile a tháirg iad agus gurb amhlaidh a cheannaigh an comhlucht corpraithe sin uathu iad.

(4) Ní thabharfaidh an Chorparáid aon airgead ar iasacht ná ar airleacan do stiúrthóir.

(5) (a) Ní thabharfaidh an Chorparáid aon tsuim airgid ar iasacht ná ar airleacan do dhuine ar bith (seachas comharchumann) a bhéarfas gur mó ná deich míle punt aon tráth áirithe an méid iomlán bunairgid a bheas dlite den duine sin ag an gCorparáid.

(b) Nuair a beifear ag ríomh, chun críocha an fho-ailt seo, an méid iomlán bunairgid a bheas dlite de dhuine aon tráth áirithe ag an gCorparáid, ní gá áireamh a dhéanamh—

(i) ar aon dliteanas teagmhais faoina raghaidh nó faoina ndeachaigh an duine sin i leith na Corparáide mar ráthaitheoir nó mar urra, ná

(ii) ar aon ús a fhaibhreos chun bheith dlite nó a bheas gan íoc ar aon iasachta nó airleacain a bheas tugtha ag an gCorparáid aon duine sin, ná

(iii) ar aon airgead a mbeidh a aisíoc urraithe le morgáiste nó muirear i bhfábhar na Corparáide ar aon mhaoin, réadach nó pearsanta, a dílsíodh nó a dílseofar, agus í faoin morgáiste nó faoin muirear sin, sa duine sin mar thairbhí faoi shocraíocht nó iontaobhas nó faoi uacht nó neamhuachtas aon duine eile nó mar iontaobhaí uachta nó socraíochta nó mar chomharba-i-dteideal nó mar shannaí nó aistrí aon duine eile, ná

(iv) ar aon íocaíochta a bheas déanta ag an gCorparáid chun aon urrús a thug an duine sin don Chorparáid a chosaint nó a chaomhaint.

(6) D'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh an Chorparáid airgead a bheas ar láimh aici a shuncáil in aon chuid de na stoic, na cistí agus na hurrúis a bheas údaraithe le dlí de thuras na huaire mar shuncála i gcóir cistí Bhanc Taisce an Phoist nó pé urrúis a bheas ceadaithe de thuras na huaire (go ginearálta nó go sonrach) ag an Aire chun críocha an fho-ailt seo a cheannach nó a shuibscríobhadh leis an airgead sin.

(7) Déanfar an chéad tagairt i bhfo-alt (1) d'alt 9 den Phríomh-Acht do na srianta a fhorchuireas an Príomh-Acht a léiriú mar thagairt don alt seo.

(8) Tiocfaidh fo-ailt (3), (4), (5), (6) agus (7) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

Srianta le gníomhachta comharchumann a mbeidh airgead dlite dhíobh ag an gCorparáid.

15. —(1) Faid a bheas aon chuid d'iasacht nó d'airleacan a thug an Chorparáid do chomharchumann (dá ngairmtear an cumann fiachach sa bhfo-alt seo) dlite don Chorparáid—

(a) ní thabharfaidh an cumann fiachach iasacht airgid ar ús d'aon duine seachas duine a bhféadfaidh an Chorparáid airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan dó;

(b) ní thabharfaidh an cumann fiachach iasacht airgid ar ús d'aon chomhlucht corpraithe a bheas ag gabháil, mar chuid shubstainteach dá ghnó, do dhíol aon earraí ar mionreic nach de tháirgeadh an chomhluchta chorpraithe sin nó (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí ná nach riachtanais i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta;

(c) ní bheidh an cumann fiachach féin ag gabháil, mar chuid shubstainteach dá ghnó, do dhíol aon earraí ar mionreic nach de tháirgeadh an chumainn fhiachaigh ná de tháirgeadh a chomhaltaí ná nach riachtanais i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta;

(d) má sháraíonn an cumann fiachach forála míre (a) nó míre (b) nó míre (c) den fho-alt seo, ansin (d'ainneoin aon chomhaontuithe contrártha dhó sin) tiocfaidh iomlán na hiasachta nó an airleacain sin nó pé cuid de a bheas dlite fós don Chorparáid chun bheith dlite agus iníoctha láithreach ag an gcumann fiachach leis an gCorparáid.

(2) Más rud é, i gcás na n-earraí a bheas á ndíol ag comhlucht corpraithe, gur de tháirgeadh an chomhluchta chorpraithe sin nó (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí formhór na n-earraí sin, féadfar, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, aon earraí dá samhail sin a dhíolfas an comhlucht corpraithe sin ó am go ham a áireamh mar earraí de tháirgeadh den tsórt sin d'ainneoin gur daoine eile a tháirg iad agus gurb amhlaidh a cheannaigh an comhlucht corpraithe sin uathu iad.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

Srianta le lascainiú agus ceannach ionstraimí intráchta ag an gCorparáid.

16. —(1) Ní lascaineoidh ná ní cheannóidh an Chorparáid aon nóta geallúna, bille malairte ná ionstraim intráchta eile—

(a) a rinne duine a dtoirmisctear go sainráiteach ar an gCorparáid, le halt 14 den Acht seo, airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan dó, nó

(b) a rinneadh chun críche seachas chun airgead a fháil dá dhéantóir nó d'aon duine eile lena chaitheamh chun críche chun a bhféadfaí go dleathach airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan don déantóir nó don duine sin.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le hairgead a shuncáil, ná ní léireofar é mar ní a bheir é a bheith neamhdhleathach airgead a shuncáil, ag an gCorparáid ag ceannach billí, nótaí nó ionstraimí intráchta eile a dhéanfas an tAire nó pé duine eile a cheadós an tAire.

(3) Déanfar an dara tagairt, in alt 9 den Phríomh-Acht, do na srianta a fhorchuireas an Príomh-Acht a léiriú mar thagairt do na srianta a fhorchuireas an t-alt seo.

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

Gan feidhm a bheith ag forála áirithe de na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924.

17. —(1) Aon atheagrú a déanfar ar scair-chaipiteal na Corparáide faoin gCuid seo, ní laghdú, athrú, comhdhlúthú, cealú ná atheagrú é ar chaipiteal na Corparáide do réir bhrí na nAcht Cuideachtan, agus na forála de na hAchta sin a bhaineas le laghdú, athrú, comhdhlúthú, cealú nó atheagrú scairchaipitil nó le heisiúint scaireanna nua ní bheidh feidhm acu maidir leis an atheagrú a húdaraítear leis an gCuid seo ar scair-chaipiteal na Corparáide.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis, ní bheidh feidhm ag alt 115 ná ag mír (iv) d'alt 129 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir leis an gCorparáid, agus féadfaidh an tAire tráth ar bith bheith ina scair-shealbhóir aonair nó leanúint de bheith ina scairshealbhóir aonair.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide a athrú.

18. —(1) Déanfaidh an Chorparáid, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, gach athrú ar a meabhrán comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais a húdaraítear leis na forála sin roimhe seo den Chuid seo, agus is gá chun éifeacht a thabhairt do na forála sin, ach ní thiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha.

(2) Féadfaidh an Chorparáid, tráth ar bith tar éis an tAcht seo a rith, a meabhrán comhlachais a athrú i slí go mbeidh sé i bhfoirm agus i bhfriotal a bhéarfas go mbeidh teideal agus údarás ag an gCorparáid chun tabhartais, ranníocaíochta i leith costas, íocaíochta as seirbhísí a rinneadh thar ceann duine ar bith nó aon airgead eile a ghlacadh ón duine sin, ach, i gcás aon athrú den tsórt sin a dhéanamh roimh an lá ceaptha, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha.

(3) I dteannta na n-athruithe a ceangaltar le fo-alt (1) den alt seo nó a húdaraítear le fo-alt (2) den alt seo a dhéanamh ar mheabhrán comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Corparáide, is dleathach don Chorparáid pé athruithe eile a dhéanamh ar a meabhrán comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais is gá nó is cuí mar fhorlíonadh ar aon athrú, nó de dhroim aon athruithe, a ceangaltar nó a húdaraítear amhlaidh a dhéanamh agus fós pé athruithe eile is gá nó is cuí chun éifeacht a thabhairt d'fhorála an Achta seo.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 10 den Phríomh-Acht le hathruithe a déanfar ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na Corparáide faoin Acht seo nó dá bhun, agus ina ionad sin achtaítear leis seo gur i pé foirm, ar comhréir leis an gCuid seo, a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta a bheas gach athrú den tsórt sin.

(5) Chun aon athruithe a dhéanamh ar airteagail chomhlachais na Corparáide a ceangaltar nó a húdaraítear leis an gCuid seo, léireofar alt 13 den Companies (Consolidation) Act, 1908, amhail is dá gcuirtí na focail “extraordinary resolution” in ionad na bhfocal “special resolution” sa chéad áit a bhfuil na focail deiridh sin.

(6) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon athrú a húdaraítear leis an gCuid seo don Chorparáid a dhéanamh ar a meabhrán comhlachais, agus ina ionad sin achtaítear leis seo go bhféadfar gach athrú den tsórt sin a dhéanamh trí rún neamhghnáthach, mar mínítear sin le halt 69 den Companies (Consolidation) Act, 1908, agus, i dteannta alt 70 den Acht sin a chomhlíonadh, go ndéanfaidh an Chorparáid, laistigh den am a luaitear san alt sin 70, cóip chlóbhuailte den mheabhrán arna athrú amhlaidh a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtan agus go gcláróidh an cláraitheoir sin é agus go ndeimhneoidh an clárú sin faoina láimh agus go mbeidh an deimhniú sin ina fhianaise dhochlaoite gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta sin, arna leasú leis an alt seo maidir leis an athrú sin, agus uaidh sin amach is é an meabhrán arna athrú amhlaidh meabhrán na Corparáide.

Cuntais agus eolas a thabhairt.

19. —(1) Bhéarfaidh an Chorparáid don Aire, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, pé cuntais (lena n-áirítear clár comhardaíochta agus cuntas sochair agus dochair) a ordós an tAire ó am go ham don bhliain chuntasaíochta sin agus iad iniúctha go cuí ag iniúchóir na Corparáide, maraon le tuarascáil ar oibríochta na Corparáide ar feadh na bliana cuntasaíochta sin, agus beidh na cuntais agus an tuarascáil sin i pé foirm, agus beidh iontu pé sonraí, a ordós an tAire ó am go ham.

(2) Déanfaidh an tAire cóip de gach cuntas agus tuarascáil a bhéarfar dó de bhun fo-ailt (1) den alt seo a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis sin a thabhairt dó.

(3) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham a iarraidh ar an gCorparáid pé eolas a thabhairt dó, i dtaobh gnótha na Corparáide, is cuí leis agus a shonrós sé san iarratas, agus déanfaidh an Chorparáid do réir gach iarratais den tsórt sin.

(b) Ní thabharfaidh an Chorparáid aon eolas ná ní hiarrfar uirthi aon eolas a thabhairt, faoi mhír (a) den fho-alt seo, a nochtfadh cúrsaí aon duine áirithe a fuair nó a bheas ag iarraidh iasachta.

Eifeacht ag forála Coda II d'ainneoin na nAcht Cuideachtan agus na nAcht.

20. —Beidh éifeacht ag forála na Coda seo d'ainneoin aon ní sna hAchta Cuideachtan nó sna hAchta nó i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na Corparáide.