|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Muirir ar Thalamh I bhFabhar na Corparaide.) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL III. Talamh Neamhchláraithe.) |
AN tACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1947
[EN] | ||
[EN] |
CAIBIDIL II. Talamh Cláraithe. | |
[EN] |
Tosaíocht mhuirear áirithe i bhfábhar na Corparáide ar thalamh cláraithe. |
39. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) (i) duine a bheith cláraithe i gclár de ruílseoirí mar lán-únaer ar thalamh, agus | |
[EN] | (ii) an talamh sin a bheith cláraithe faoi réir cothromas, agus | |
[EN] | (iii) an duine sin do mhuirearú an tailimh sin i bhfábhar na Corparáide le haisíoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus | |
[EN] | (iv) an muirear sin a chlárú go cuí sa chlár sin mar ualach ar an talamh sin, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) (i) duine, a bheas cláraithe i gclár de ruílseoirí mar lán-únaer ar thalamh, a bheith tar éis bháis, agus | |
[EN] | (ii) an talamh sin a bheith cláraithe faoi réir cothromas, agus | |
[EN] | (iii) an duine is ionadaí pearsanta (pé acu a bheas nó ná beidh a ainm iontrálta sa chlár sin mar lán-únaer faoi réir toirmisc) don duine marbh sin, i gcáil ionadaí phearsanta dhó, do mhuirearú an tailimh sin i bhfábhar na Corparáide le haisíoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus | |
[EN] | (iv) an muirear sin a chlárú go cuí sa chlár sin mar ualach ar an talamh sin, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (c) (i) duine a bheith cláraithe i gclár de ruílseoirí mar únaer teoranta ar thalamh, agus | |
[EN] | (ii) an talamh sin a bheith cláraithe faoi réir cothromas, agus | |
[EN] | (iii) an duine sin nó sannaí eastáit teoranta an duine sin maraon leis an duine nó gach duine ag á mbeidh teideal chun an tailimh sin, le haghaidh eastáit nó eastát fuíll nó súilíochta d'éis nó do threascairt eastáit an duine sin a céadluaitear, do mhuirearú an tailimh sin, i gcomhar, i bhfábhar na Corparáide le híoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus | |
[EN] | (iv) an muirear sin a chlárú go suí sa chlár sin mar ualach ar an talamh sin, | |
[EN] | ansin, faoi réir forál an ailt seo, beidh tosaíocht agus sáraíocht, amhail i gcoinne an tailimh sin, ag an muirear sin (a léireofar a bheith ag sroicheadh, i dteannta na buntsuime sin agus an úis a bheas urraithe léi, chun costas agus caiteachais na n-imeacht dlí uile a thionscnós an Chorparáid chun an méid a bhaint amach a bheas dlite tráth ar bith ar scór na buntsuime agus an úis sin) ar gach éileamh cothromais i gcoinne an tailimh sin. | |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) ar dháta ionstraime a chruthnós muirear ar thalamh cláraithe a bheadh, mura mbeadh an fo-alt seo, ina mhuirear tosaíochta ar é a chlárú, go mbeidh rabhadh faoi alt 69 d'Acht 1891 i leith an tailimh sin ar an gclár, agus | |
[EN] | (b) gur duine a bhí á éileamh teideal a bheith aige chun éilimh chothromais i gcoinne an tailimh sin a lóisteáil an rabhadh sin, agus | |
[EN] | (c) go ndéanfar, tráth ar bith tar éis an muirear sin a chlárú, an t-éileamh cothromais sin a chlárú mar eastát nó leas sa talamh sin nó mar ualach air, | |
[EN] | ansin, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, déanfar, mura n-aontaí an duine sin lena mhalairt, tosaíochta faoi seach an mhuirir sin agus an éilimh chothromais sin a chinneadh amhail is nár hachtaíodh an fo-alt sin (1). | |
[EN] |
Cearta daoine ag á bhfuil leasa cothromais i gcoinne tailimh chláraithe faoi mhuirir thosaíochta nach muirir bhuan-Jheabhsuithe |
40. —(1) Aon mhuirear tosaíochta ar thalamh cláraithe nach muirear buanfheabhsuithe ar an talamh sin, is tuigthe, amhail idir an morgáisteoir agus éilitheoirí cothromais (seachas an morgáisteoir) i gcoinne an tailimh sin, é a bheith arna mhuirearú ar gach uile eastát agus leas (más ann) sa talamh sin a raibh, ar dháta an mhuirir thosaíochta sin a chlárú, nó a mbeidh, tráth ar bith ina dhiaidh sin, teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sin chuige do shlánú gach éilimh chothromais i gcoinne an tailimh sin ag éilitheoirí cothromais seachas an morgáisteoir. |
[EN] | (2) An t-airgead go léir a bheas íoctha leis an gCorparáid ag éilitheoir cothromais (seachas an morgáisteoir), nó as a scair nó a eastát nó a leas, ar scor muirir thosaíochta ar thalamh cláraithe nach muirear buanfheabhsuithe ar an talamh sin, déanfaidh an morgáisteoir é a aisíoc, arna éileamh, leis an éilitheoir cothromais sin maraon le hús air do réir trí faoin gcéad sa bhliain agus, go dtí go n-aisíocfar é amhlaidh, beidh an t-airgead sin agus an t-ús sin airina fhiach ar an morgáisteoir ag an éilitheoir cothromais sin agus is tuigthe é a bheith arna mhuirearú i bhfábhar an éilitheora chothromais sin ar gach uile eastát agus leas (más ann) chun a mbeidh teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sin sa talamh sin nó ar thoradh a dhíolta sin ar dháta na híocaíochta sin a dhéanamh leis an gCorparáid. | |
[EN] |
Mionaoisigh agus daoine mímheabhracha a chosaint i leith muirear tosaíochta ar thalamh cláraithe nach muirir shuanfheabhbuithe. |
41. —(1) I gcás talamh cláraithe a bheith faoi mhuirear tosaíochta nach muirear buanfheabhsuithe agus éilitheoir cothromais i gcoinne an tailimh sin a bheith, ar dháta an mhuirir thosaíochta sin a chlárú, faoi bhun bliana is fiche d'aois nó ina dhuine mímheabhrach, beidh an t-éilitheoir cothromais sin i dteideal, tráth ar bith tar éis an chláruithe sin (ach, i gcás é a bheith faoi bhun bliana is fiche d'aois ar dháta an chláruithe sin, ní bheidh tar éis dó bheith cuig bliana fichead d'aois) ordú a fháil ón gCúirt Chuarda á ordú don mhorgáisteoir, trí é do thabhairt urrúis, do lóisteáil airgid sa Chúirt nó do dhéanamh pé ní eile a cheadós an Chúirt, slánaíocht a thabhairt don éilitheoir cothromais sin a mheasfas an Chúirt is leor mar chosaint ar a éileamh cothromais i gcoinne an mhuirir thosaíochta sin agus á ordú, mura dtuga an morgáisteoir an tslánaíocht sin laistigh de thrí mhí tar éis dáta an orduithe sin, go ndíolfaidh an Chúirt an talamh cláraithe sin agus go n-úsáidfear do réir dlí toradh an díola sin agus, in aon chás, go n-íocfaidh an morgáisteoir costais an éilitheora chothromais sin maidir leis an ordú sin, leis an iarratas dá iarraidh agus leis na himeachta uile faoin gcéanna arna bhfómhas amhail idir aturnae agus clianta. |
[EN] | (2) Aon tslánaíocht a bhéarfas morgáisteoir de bhun orduithe faoin bhfo-alt sin roimhe seo, beidh sí infhorfheidhmithe, le cead na Cúirte Cuarda agus i pé slí a ordós an Chúirt sin, aon uair a déanfar an muirear tosaíochta, ar ina leith a tugadh an tslánaíocht sin, a fhorfheidhmiú chun dochair an éilimh chothromais ar chun a chosanta a tugadh an tslánaíocht sin nó i pé tosca eile a mheasfas an Chúirt sin a bheir é a bheith ceart agus cothrom an tslánaíocht sin a fhorfheidhmiú. | |
[EN] | (3) Na cearta agus na tairbhí a bheirtear d'aon éilitheoir cothromais leis an alt seo is cearta agus tairbhí iad i dteannta, agus ní cearta agus tairbhí, iad chun dochair, aon chearta nó tairbhí eile a mbeidh teideal aige chucu faoin Acht seo. | |
[EN] | (4) Ní déanfar aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a dheonadh gan fógra don mhorgáisteoir, mura dóigh leis an gCúirt gur cuí ná tabharfaí an fógra sin. |