An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL II. Talamh Cláraithe.) Ar Aghaidh (CAIBIDIL IV. Forála Ilghnéitheacha maidir le muirir ar thalamh.)

14 1947

AN tACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1947

CAIBIDIL III.

Talamh Neamhchláraithe.

Tosaíocht mhuirear áirithe i bhfábhar na Corparáide ar thalamh neamhchláraithe.

42. —(1) I gcás—

(a)  (i) duine a bheith ag áitiú tailimh atá de thuras na huaire faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiún na Talún), agus

(ii) Coimisiún na Talún dá dheimhniú gurb é an duine sin an duine ag á bhfuil an tsuim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) sin iníoctha ar dháta an deimhnithe sin, agus

(iii) an duine sin (ina aonar nó i gcomhar le daoine eile) do mhuirearú, laistigh de mhí i ndiaidh dáta an deimhnithe sin, an tailimh sin i bhfábhar na Corparáide le haisíoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus

(iv) ionstraim an mhuirearuithe sin a chlárú go cuí i gClarlann na nDintiúirí,

(b)  (i) duine (dá ngairmtear an t-ionadaí pearsanta sa mhír seo) a bheith, i gcáil ionadaí phearsanta dhuine mhairbh dó, ag áitiú tailimh atá de thuras na huaire faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiun na Talún), agus

(ii) Coimisiún na Talún dá dheimhniú maidir leis an talamh sin go bhfuil suim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) iníoctha ar dháta an deimhnithe sin ag an ionadaí pearsanta, agus

(iii) an t-ionadaí pearsanta (ina aonar nó i gcomhar le daoine eile) do mhuirearú, laistigh de mhí i ndiaidh dáta an deimhnithe sin, an tailimh sin i bhfábhar na Corparáide le haisíoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus

(iv) ionstraim an mhuirearuithe sin a chlárú go cuí i gClarlann na nDintiúirí,

ansin, faoi réir forál an ailt seo, beidh tosaíocht agus sáraíocht, amhail i gcoinne an tailimh a bheas muirearaithe amhlaidh, ag an muirear sin (a léireofar a bheith ag sroicheadh, i dteannta na buntsuime sin agus an úis sin, chun costas agus caiteachais na n-imeacht dlí uile a thionscnós an Chorparáid chun an méid a bhaint amach a bheas dlite tráth ar bith ag an gCorparáid ar scór na buntsuime agus an úis sin) ar gach eastát agus leas sa talamh sin agus ar gach eire agus ualach air a bheas ar marthain ar dháta na hionstraime sin ach amháin an tsuim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) sin, riaráistí dlúthshocraithe cíosa do réir bhrí na nAcht Talamh-Cheannaigh, morgáistí i bhfábhar Choimisiún na Talún, aon bhlianacht talamh-cheannaigh a muirearófar dá éis sin ar an talamh sin faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh, aon bhlianacht, cíos-mhuirear nó íocaíocht tréimhsiúil eile is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, aon mhuirear nó morgáiste i bhfábhar na gCoimisinéirí sin ar scór aon airgid a bheas dlite nó iníoctha leo i leith iasachta áitiúla do réir bhrí Achta Chiste na nIas acht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , agus aon mhuirear acu sin a luaitear i míreanna (a), (b), (d), (e) agus (g) d'alt 47 d'Acht 1891.

(2) Más rud é, ar dháta ionstraime a chuirfeas muirear ar thalamh a bheadh, ar an ionstraim sin a chlárú i gClarlann na nDintiúirí, i dteideal tosaíochta faoin alt seo mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeidh rabhadh faoi alt 61 d'Acht 1891, arna leathnú le halt 43 den Acht seo, i gClarlann na Talún i leith an tailimh sin, ansin, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, déanfar, mura n-aontaí an duine a lóisteáil an rabhadh sin lena mhalairt, tosaíochta faoi seach an mhuirir sin agus eastáit, leasa, eire nó éilimh eile an duine sin i gcoinne an tailimh sin a chinneadh amhail is nár hachtaíodh fo-alt (1) den alt seo.

Eilitheoirí íochtaracha do lóisteáil rabhadh i gcoinne tailimh neamhchláraithe.

43. —(1) Duine ar bith a bheas á éileamh go bhfuil teideal aige chun eastáit nó leasa in aon talamh neamhchláraithe nó chun eire air nó chun éilimh ina choinne is éileamh íochtarach i gcoinne an tailimh sin nó a thiocfadh chun bheith ina éileamh íochtarach i gcoinne an tailimh sin dá gcruthnaítí muirear tosaíochta ar an talamh sin, féadfaidh sé (pé acu bheas nó ná beidh an ionstraim (más ann) faoinar éirigh an t-éileamh sin cláraithe i gClarlann na nDintiúirí) rabhadh a lóisteáil, faoi alt 61 d'Acht 1891, i gcoinne clárú a dhéanamh i gcoinne an tailimh sin, ar dháta nó tar éis dáta a chéad-chláruithe, ar aon deighleáil leis an talamh sin i bhfábhar na Corparáide chun dochar don éileamh sin.

(2) I gcás rabhadh a lóisteáil faoi alt 61 d'Acht 1891, arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo, i leith aon tailimh ní bhainfidh fo-alt (2) den alt sin 61 leis an rabhadh sin ach ina ionad sin déanfar, ar an talamh sin a chéad-chlárú, an rabhadh sin a iontráil sa bhfóile a bhaineas leis an talamh sin mar rabhadh a lóisteáladh faoi alt 69 d'Acht 1891 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Cearta éilitheoirí íochtaracha i gcoinne tailimh neamhchláraithe faoi mhuirir thosaíochta nach muirir bhuanfheabhsuithe.

44. —(1) Aon mhuirear tosaíochta ar thalamh neamhchláraithe nach muirear buanfheabhsuithe i gcoinne an tailimh sin, is tuigthe, amhail idir an morgáisteoir agus éilitheoirí íochtaracha i gcoinne an tailimh sin, é a bheith arna mhuirearú ar gach uile eastát agus leas (más ann) sa talamh sin a raibh, ar dháta an mhuirir thosaíochta sin a chlárú i gClarlann na nDintiúirí, nó a mbeidh, tráth ar bith ina dhiaidh sin, teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sin chuige do shlánú gach éilimh íochtaraigh i gcoinne an tailimh sin ag éilitheoirí íochtaracha.

(2) An t-airgead go léir a bheas íoctha leis an gCorparáid ag éilitheoir íochtarach (seachas an morgáisteoir) i gcoinne tailimh neamhchláraithe, nó as scair, eastát nó leas an éilitheora íochtaraigh sin, ar scór muirir thosaíochta nach muirear buanfheabhsuithe ar an talamh sin, déanfaidh an morgáisteoir é a aisíoc, arna éileamh, leis an éilitheoir íochtarach sin maraon le hús air do réir trí faoin gcéad sa bhliain agus, go dtí go n-aisíocfar é amhlaidh, beidh an t-airgead sin agus an t-ús sin air ina fhiach ar an morgáisteoir ag an éilitheoir íochtarach sin agus is tuigthe é a bheith arna mhuirearú i bhfábhar an éilitheora íochtaraigh sin ar gach uile eastát agus leas (más ann) chun a mbeidh teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sa talamh sin nó ar thoradh a dhíolta sin ar dháta na híocaíochta sin a dhéanamh leis an gCorparáid.

Mionaoisigh agus daoine mímheabhracha a chosaint i leith muirear tosaíochta ar thalamh neamhhlá raithe nach muirir bhuanfheabhsuithe.

45. —(1) I gcás talamh neamhchláraithe a bheith faoi mhuirear tosaíochta nach muirear buanfheabhsuithe agus éilitheoir íochtarach i gcoinne an tailimh sin a bheith, ar dháta an mhuirir thosaíochta sin a chlárú, faoi bhun bliana is fiche d'aois nó ina dhuine mímheabrach, beidh an t-éilitheoir íochtarach sin i dteideal, tráth ar bith tar éis an chláruithe sin (ach, i gcás an t-éilitheoir íochtarach sin a bheith faoi bhun bliana is fiche d'aois tráth an chláruithe sin, ní bheidh tar éis dó bheith cúig bliana fichead d'aois) ordú a fháil ón gCúirt Chuarda á ordú don mhorgáisteoir, trí é do thabhairt urrúis, do lóisteáil airgid sa Chúirt nó do dhéanamh pé ní eile a cheadós an Chúirt, slánaíocht a thabhairt don éilitheoir íochtarach sin a mheasfas an Chúirt is leor mar chosaint ar a éileamh íochtarach i gcoinne an mhuirir thosaíochta sin agus á ordú, mura dtuga an morgáisteoir an tslánaíocht sin laistigh de thrí mhí tar éis dáta an orduithe sin, go ndíolfaidh an Chúirt an talamh sin agus go n-úsáidfear do réir dlí toradh an díola sin agus, in aon chás, go n-íocfaidh an morgáisteoir costais an éilitheora íochtaraigh sin maidir leis an ordú sin, leis an iarratas dá iarraidh agus leis na himeachta uile faoin gcéanna arna bhfómhas amhail idir aturnae agus clianta.

(2) Aon tslánaíocht a bhéarfas morgáisteoir de bhun orduithe faoin bhfo-alt sin roimhe seo, beidh sí infhorfheidhmithe, le cead na Cúirte Cuarda agus i pé slí a ordós an Chúirt sin, aon uair a déanfar an muirear tosaíochta, ar ina leith a tugadh an tslánaíocht sin, a fhorfeidhmiú chun dochair an éilimh íochtaraigh ar chun a chosanta a tugadh an tslánaíocht sin nó i pé tosca eile a mheasfas an Chúirt sin a bheir é a bheith ceart agus cothrom an tslánaíocht sin a fhorfheidhmiú.

(3) Na cearta agus na tairbhí a bheirtear d'aon éilitheoir íochtarach leis an alt seo, is cearta agus tairbhí iad i dteannta, agus ní cearta agus tairbhí iad chun dochair, aon chearta agus tairbhí eile a mbeidh teideal ag an éilitheoir íochtarach sin chucu faoin Acht seo.

(4) Ní déanfar aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a dheonadh gan fógra don mhorgáisteoir, mura dóigh leis an gCúirt gur cuí ná tabharfaí an fógra sin.

An Chorparáid do lóisteáil rabhadh.

46. —Aon uair a éileos an Chorparáid gurb eireoir í ar thalamh neamchláraithe de bhuaidh ionstraime a bheas cláraithe i gClarlann na nDintiúirí, is dleathach don Chorparáid, d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 61 d'Acht 1891, rabhadh faoin alt sin a lóisteáil leis an údarás clárúcháin, agus i gcás rabhadh den tsórt sin a chlárú amhlaidh is dleathach don údárás clárúcháin, ar an talamh sin a chéad-chlárú, an eire a bheas cruthnaithe leis an ionstraim sin a chlárú mar ualach ar an talamh sin agus pé tosaíocht (más ann) aici a bheirtear don eire sin leis an Acht seo nó ar shlí eile do réir dlí.