An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL IV. Forála Ilghnéitheacha maidir le muirir ar thalamh.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

14 1947

AN tACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1947

CUID V.

Forala Ilghneitheacha.

Fianaise ar fhéichiúnas don Chorparáid.

53. —D'ainneoin aon ní in aon rialacha cúirte nó sna h Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 go 1940, i gcás aon imeacht in aon chúirt dlí chun an Chorparáid d'aisghabháil aon airgid a bheas dlite don Chorparáid pé acu in aghaidh bunairgid, úis nó eile é i leith aon iasachta nó airleacain arna thabhairt ag an gCorparáid (roimh an Acht seo a rith nó dá éis), beidh deimhniú i scríbhinn, a airbheartós a bheith séalaithe le séala na Corparáide á rá go raibh suim shonraithe airgid dlite ar dháta an deimhnithe sin don Chorparáid de dhuine sonraithe, ar scór iasachta nó airleacain sonraithe ón gCorparáid, ina fhianaise prima facie, aon tráth laistigh de mhí i ndiaidh an dáta a bheas airbheartaithe a bheith ar an deimhniú sin agus gan cruthúnas ar shéala na Corparáide ná ar a ghreamú go cuí den deimhniú sin, go bhfuil an tsuim atá sonraithe sa deimhniú sin dlite, agus go bhfanann sé dlite, don Chorparáid den duine agus ar an scór a bheas sonraithe sa deimhniú sin.

Deireadh le cumhacht Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn chun iasachta a thabhairt chun críocha áirithe.

54. —Tar éis an tAcht seo a rith ní thabharfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn aon iasacht—

(a) chun aon chríche dá luaitear in alt 4 den Land Improvement (Ireland) Act, 1847, arna leathnú le halt 8 den Public Money Drainage Act, 1850, nó leis an Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1852, nó le halt 1 den Labourers (Ireland) Act, 1860, nó le halt 5 den Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1866, ná

(b) faoi alt 31 den Land Law (Ireland) Act, 1881.

Ceapadh chun post sa Chorparáid.

55. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo déanfar ceapacháin chun post i seirbhís na Corparáide do réir pé socruithe, chun a áirithiú gur daoine oiriúnacha cáilithe a ceapfar chucu, a chinnfeas na stiúrthóirí ó am go ham tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí, agus beidh sna socruithe sin—

(a) i gcás post sna gráid chléireachais, foráil á ordú gur cáilíocht riachtanach le haghaidh ceapacháin an caighdeán sin eolais ar an nGaeilge a chinnfeas na stiúrthóirí le comhaontú na gCoimisinéirí,

(b) i gcás post eile, foráil chun go dtabharfar d'iarrthóirí oiriúnacha cáilithe, a mbeidh caighdeán eolais acu ar an nGaeilge nach lú ná mar chinnfeas na stiúrthóirí, creidiúint i leith an eolais sin.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

(a) le ceapacháin a déanfar i ngnáthchúrsa arduithe chéime, ná

(b) le ceapadh fofhostaithe, ná

(c) le ceapadh oibrithe tionscail, ná

(d) le fostú daoine chun fodhualgais a dhéanamh.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “na stiúrthóirí” stiúrthóirí na Corparáide;

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla arna gceapadh faoi Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) .