An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Uachtaran na Cuirte Cuarda agus a Chumhachta agus a Dhualgais.)

20 1947

AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1947

CUID II.

Tuarastail Bhreithiun.

Tuarastail Bhreithiún na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte a mhéadú.

5. —Déanfar na tuarastail bhliantúla faoi seach is iníoctha faoi alt 13 (a bhaineas le tuarastail Bhreithiún na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte) den Phríomh-Acht a mhéadú,—

(a) i gcás gach gnáth-Bhreithiún den Ard-Chúirt, fiche faoin gcéad, agus

(b) i ngach cás eile, cúig déag faoin gcéad.

Tuarastal Uachtaráin na Cúirte Cuarda.

6. —(1) Gheobhaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda an tuarastal bliantúil céanna a gheobhaidh gnáth-Breitheamh den Ard-Chúirt.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc an tuarastail is iníoctha le hUachtarán na Cúirte Cuarda.

(3) Ní bheidh feidhm maidir le hUachtarán na Cúirte Cuarda ag an méid sin d'alt 41 den Phríomh-Acht a cheapas tuarastal Breithimh Chuarda.

Tuarastail Bhreithiún Cuarda a mhéadú.

7. —Méadófar cúig fichead faoin gcéad na tuarastail bhliantúla is iníoctha faoi alt 41 (a bhaineas le tuarastail agus pinsin Bhreithiún Cuarda) den Phríomh-Acht.

Tuarastail Bhreithiún na Cúirte Dúiche a mhéadú.

8. —Méadófar triocha faoin gcéad na tuarastail bhliantúla faoi seach is iníoctha faoi Alt 74 (a bhaineas le tuarastail Bhreithiún na Cúirte Dúiche) den Phríomh-Acht nó faoi alt 8 (a bhaineas le tuarastail na mBreithiún do Chathair Bhaile Atha Cliath) d'Acht 1946.