Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

26 1947


Uimhir 26 de 1947.


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHT (ORDÚ A DHAINGNIÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DIÚITÉTHE A GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932. [23ú Iúil, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Ordú a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo an tOrdú a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Diúitéthe a Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis an Ordú a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach iad chun go mb’ usaide tagairt don Ordú sin agus é a aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir do léiriú, ná teorannú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin sin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Ordú a Dhaingniú), 1947 , a ghairm den Acht seo.