An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Forfheidhmiu an Achta.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

28 1947

AN tACHT SLÁINTE, 1947

CUID X.

Forala Ilghneitheacha.

Comhairlí Comhairlitheacha.

98. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, comhairle a bhunú dá ngairmfear “An Chomhairle Shláinte Náisiúnta” chun comhairle a thabhairt don Aire, ar é dá iarraidh sin orthu, i dtaobh nithe a bhaineas nó a ghabhas le sláinte an phobail.

(2) Bhéarfaidh an tAire go ndéanfar ainm gach duine a ceapfar ina chomhalta den Chomhairle Shláinte Náisiúnta d'fhoilsiú, a luaithe is féidir, san Iris Oifigiúil.

(3) Féadfaidh an tAire, má bhíonn comhairle nó cabhair speisialta ag teastáil uaidh am ar bith maidir le ní áirithe a bhainfeas lena chumhachta agus a fheidhmeanna, comhairle chomhairlitheach speisialta a bhunú, le hordú, chun an chomhairle nó an chabhair sin a thabhairt sa tslí a bheas sonraithe san ordú.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, sealbhaíocht oifige comhaltaí, agus nós imeachta, na Comhairle Sláinte Náisiúnta agus aon chomhairle comhairlithí a bunófar faoin alt seo a chinneadh.

(5) Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas agus a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, íocaíochta a dhéanamh le comhaltaí na Comhairle Sláinte Náisiúnta nó aon chomhairle comhairlithí a bunófar faoin alt seo nó le comhaltaí aon choiste de chomhairle den tsórt sin in aghaidh:—

(a) costas taistil,

(b) liúntas cothuithe.

(6) Is iad a bheas ar an gComhairle Shláinte Náisiúnta agus ar gach comhairle chomhairlitheach a bunófar faoin alt seo daoine ag a mbeidh cleachtadh nó eolas speisialta ar na nithe a mbeidh siad le comhairle agus cabhair a thabhairt ina dtaobh.

Eolas agus comhairle i dtaobh sláinte a chraobhscaoileadh.

99. —(1) Féadfaidh an tAire nó údarás sláinte eolas agus comhairle i dtaobh nithe a bhaineas le sláinte a chraobhscaoileadh trí fhógráin, fógraí, paimfléidí nó léachtaí, nó tríd an radio, trí thaispeántais chineama nó ar aon chuma eile.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordachán a thabhairt do gach údarás sláinte, do gach údarás sláinte d'aicme áirithe nó d'údarás sláinte áirithe maidir leis na habhair a mbeidh orthu a gcumhachta faoi fho-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú ina leith, leis an modh ina ndéanfar agus a mhéid a déanfar sin, agus aon údarás sláinte lena mbainfidh aon ordachán den tsórt sin déanfaid dá réir.

Tástála ar cháilíocht agus nádúir substaintí.

100. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socruithe a dhéanamh, chun críocha a chumhacht agus a dhualgas, chun tástála, scrúduithe agus taifigh a dhéanamh ar cháilíocht nó nádúir substaintí.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialachán, aon ní acu seo a leanas a dhéanamh maidir le tástála, scrúduithe nó taifigh a ndéanfar socrú dhóibh faoi fho-alt (1) den alt seo, is é sin le rá:—

(a) na haicmí daoine d'ordú a bheas freagarthach sna tástála, na scrúduithe agus na taifigh sin a dhéanamh;

(b) na meáin agus an modh d'ordú trína mbeidh an tástáil, an scrúdú nó an taifeach le déanamh;

(c) an deimhniú nó an fhianaise eile d'ordú a bheas le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúduithe nó taifigh agus na haicmí daoine d'ordú a mbeidh an deimhniú nó an fhianaise sin le tabhairt acu nó dhóibh;

(d) a fhoráil go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile a hordófar faoi mhír (c) den fho-alt seo, agus a bhéarfar maidir leis an tástáil nó an scrúdú nó an taifeach ar shampla de shubstaint, ina fhianaise chun gach críche, maidir leis an sampla sin, ar thoradh na tástála sin.

(3) Aon uair a fhorálfas rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo go mbeidh aon deimhniú nó fianaise eile áirithe ina fhianaise chun gach críche ar thoradh tástála nó scrúduithe nó taifigh ar shampla de shubstaint, glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis an deimhniú nó leis an bhfianaise eile sin mar fhianaise, maidir leis na samplaí sin, ar thoradh na tástála sin agus glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis freisin mar fhianaise go ndearnadh an tástáil sin faoi réim agus do réir na rialachán.

Údaráis sláinte do ghníomhú i gcomhar.

101. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh agus údarás a thabhairt chun dhá údarás sláinte nó níos mó do ghníomhú i gcomhar ag comhlíonadh aon fheidhme dá dtugtar dóibh leis an Acht seo nó faoi, agus féadfaidh, go sonrach, forála a bheith san ordú ag sonrú an mhodha ar a ndéanfar an gníomhú comhair agus na slí ina gcionroinnfear costais an ghníomhuithe chomhair.

(2) I gcás ina raibh foras á chothabháil i gcomhar, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag dhá údarás sláinte nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo, socrú a dhéanamh agus údarás a thabhairt chun go leanfar den chothabháil chomhair sin faoi Chuid II den Acht seo.

(3) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm maidir le dhá údarás sláinte nó níos mó, léireofar aon tagairt i gCuid II den Acht seo d'údarás sláinte mar thagairt a fholaíos tagairt do na húdaráis sin i gcomhar.

Altranas baile.

102. —Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, socrú a dhéanamh chun altra nó altraí a chur ar fáil chun comhairle agus cabhair maidir le cúrsaí sláinte a thabhairt do dhuine ar bith a mbeidh sin ag teastáil uaidh agus chun cabhair a thabhairt do dhaoine breoite.

Údarás sláinte d'fháil iasachta.

103. —(1) Féadfaidh údarás sláinte le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, airgead d'fháil ar iasacht chun íoctha aon chostas faoina raghaid sa tslí chéanna inar féidir le húdarás sláintíochta iasacht d'fháil chun íoctha costas faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, agus na forála de na hAchta sin a bhaineas le húdarás sláintíochta d'fháil iasachta beidh feidhm acu, fara pé modhnuithe is gá, maidir le húdarás sláinte d'fháil iasachta faoin alt seo.

(2) Ní tuigthe, chun críocha Airteagail 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, airgead a gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht faoin alt seo a bheith ina chuid d'fhiach na comhairle.

(3) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil é do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, agus gur húdaraíodh é le hAcht ón Oireachtas.

Otharchóistí a sholáthar.

104. —(1) Féadfaidh údarás sláinte socruithe a dhéanamh chun otharchóistí nó córacha iompair eile a sholáthar chun othair a thabhairt ó áiteanna ina líomatáiste feidhme go dtí áiteanna laistigh nó lasmuigh den líomatáiste sin nó ó áiteanna lasmuigh dá líomatáiste feidhme go dtí áiteanna laistigh den líomatáiste sin.

(2) Má úsáideann duine otharchóiste a soláthrófar faoin alt seo, féadfaidh údarás sláinte, as a gcomhairle féin ach faoi réir aon rialachán iomchuí faoi alt 31 den Acht seo:—

(a) muirear a ghearradh i leith na húsáide sin do réir rialachán arna ndéanamh acu, nó

(b) gan aon mhuirear a ghearradh ina leith.

(3) Féadfar muirear a gearrfar faoi fho-alt (2) den alt seo i leith úsáide otharchóiste ag duine ar bith d'aisghabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla:—

(a) ón duine sin nó, i gcás an duine sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil, nó

(b) ó dhuine ar bith eile a dhlíos an duine sin a chothabháil chun críocha an Achta um Chúnamh Poiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), de bhuaidh ailt 27 den Acht sin nó, i gcás an duine eile sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil.

Aitimh a sholáthar d'oifigigh agus seirbhísigh.

105. —Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, áitimh a sholáthar agus a chothabháil chun úsáide oifigeach a bheas ceaptha agus seirbhíseach a bheas ar fostú acu.

Leasú ar an Rats and Mice (Destruction) Act, 1919.

106. —Déanfar an míniú atá ar an bhfocal “occupier” in alt 8 den Rats and Mice (Destruction) Act, 1919, a leasú trí na focail “or in any other case the person for the time being liable to pay rates on such land” a chur isteach ina dheireadh.

Údaráis Sláintíochta Poirt a scor.

107. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, údarás sláintíochta poirt a scor.

(2) Aon ordú a déanfar faoin alt seo ag scor údaráis sláintíochta phoirt beidh ann pé forála is gá nó is fóirstineach leis an Aire de dhroim an t-údarás sláintíochta poirt sin a scor agus féadfaidh sé, go sonrach, socrú a dhéanamh:—

(a) chun maoin, cearta agus dliteanais an údaráis sláintíochta phoirt d'aistriú chun údaráis sláinte,

(b) chun conartha leanúnacha a bheas déanta ag an údarás sláintíochta poirt a chaomhnadh,

(c) chun imeachta dlí a bheas ar feitheamh a choimeád ar marthain,

(d) chun na sealbhóirí ar oifigí faoin údarás sláintíochta poirt d'aistriú chun oifigí den tsórt chéanna faoi údarás sláinte, nó chun deireadh a chur leis na hoifigí sin.

(3) I gcás ina ndéanfar, le hordú faoin alt seo, sealbhóir oifige faoi údarás sláintíochta poirt d'aistriú chun oifige faoi údarás sláinte, is tuighte, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(4) San alt seo ciallaíonn an abairt “údarás sláintíochta poirt” údarás sláintíochta poirt a bunaíodh faoi Alt 9 den Public Health (Ireland) Act, 1896.

Cúiteamh i ndamáiste do dhaoine nó do mhaoin.

108. —(1) Faoi réir forál fo-ailt (2) den alt seo, má bhaineann damáiste do dhuine ar bith de dhroim díobhála a dhéanfas údarás sláinte nó a n-oifigigh nó a seirbhísigh dá mhaoin le linn dóibh bheith ag feidhmiú a gcumhacht nó ag comhlíonadh a ndualgas faoi aon fhoráil dá bhfuil san Acht seo lasmuigh de Chuid VIII, i gcás gan faillí uaidh féin a bheith ann, beidh an duine sin i dteideal cúiteamh sa damáiste sin d'aisghabháil ón údarás sláinte sin.

(2) Ní bheidh duine i dteideal cúiteamh d'aisghabháil ó údarás sláinte i leith díobhála dá mhaoin a tharlós de dhroim éinní a déanfar chun an mhaoin sin a ghlanadh, a dhí-aicídiú, a dhífhoiriciú nó a dhíothú i gcás ina mbeifear tar éis an mhaoin sin a chur go feasach agus go neamhriachtanach i gcaoi a haicídithe nó a foiricithe.

(3) Aon duine dá mbainfidh damáiste de dheascaibh díobhála dá phearsain a tharlós trí mhainneachtain údaráis sláinte nó aon duine dá n-oifigigh nó dá seirbhísigh ag feidhmiú a gcumhacht nó ag comhlíonadh a ndualgas dóibh faoin Acht seo, beidh sé i dteideal cúiteamh sa damáiste sin d'aisghabháil ón údarás sláinte sin.

(4) Beidh ionadaí pearsanta aon duine a dtiocfaidh a bhás de mhainneachtain údaráis sláinte nó aon duine dá n-oifigigh nó dá seirbhísigh ag feidhmiú a gcumhacht nó ag comhlíonadh a ndualgas dóibh faoin Acht seo i dteideal damáistí d'aisghabháil ón údarás sláinte i leith an bháis sin in aicsean arna bhunú faoi na Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908.

Achtacháin d'oiriúnú.

109. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith agus a bhainfeas le haon ní nó rud lena ndeighleálann an tAcht seo nó dá ndéanann an tAcht seo difir, pé oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh, le hordú, a chífear dó is gá chun go bhféadfaidh an reacht, an t-ordú nó an rialachán sin éifeacht a bheith aige do réir an Achta seo.

(2) Gach ordú a dhéanfas an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shúifeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.