An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Seirbhis Mhathar agus Linbh.)

28 1947

AN tACHT SLÁINTE, 1947

CUID II.

Forais.

Forais sláinte a sholáthar agus a chothabháil.

10. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire agus do réir na n-ordachán (más ann) a bhéarfas sé ó am go ham, aon fhoras a sholáthar agus a chothabháil is dóigh leo is gá agus aon fhoras a bheas á chothabháil acu de bhun an ailt seo d'athchóiriú, a mhéadú nó d'athrú ar shlí eile.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl féachaint arbh inmhianuithe sin a dhéanamh, a ordú, le hordú, d'údarás sláinte:—

(a) foras de shaghas agus de mhéid a sonrófar a sholáthar agus a chothabháil in áit a sonrófar, nó

(b) aon fhoras a bheas á chothabháil acu de bhun an ailt seo d'athchóiriú, a mhéadú nó d'athrú ar shlí eile a sonrófar;

agus déanfaidh an t-údarás sláinte sin do réir an orduithe sin.

(3) Déanfaidh údarás sláinte, aon uair a ordós an tAire amhlaidh le hordú:—

(a) siltean, aerú, soláthar uisce, solas, teas nó aon tseirbhís eile, nua nó feabhsaithe nó breise, a sholáthar do réir an orduithe le haghaidh aon fhorais a bheas á chothabháil acu de bhun an ailt seo,

(b) na daingneáin, na feistis, an troscán, na fearais mháinliachta agus liachta, agus na háiseanna eile uile a hordófar leis an ordú a sholáthar agus a chothabháil in aon fhoras a bheas á chothabháil amhlaidh.

(4) Aon fhoras a bheas, i dtosach feidhme an ailt seo, á chothabháil ag údarás sláinte faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, is tuigthe é a bheith arna sholáthar faoin alt seo ag an údarás sin.

Foras sláinte d'fhorscor.

11. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, foras sláinte a bheas á chothabháil acu nó aon roinn d'fhoras sláinte den tsórt sin d'fhorscor amhail ó dháta sonraithe.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó fiosrúchán áitiúil a chur ar siúl féachaint arbh inmhianuithe sin a dhéanamh, a ordú, le hordú, d'údarás sláinte foras sláinte a bheas á chothabháil acu nó aon roinn d'fhoras den tsórt sin d'fhorscor amhail ó dháta sonraithe.

(3) I gcás ina ndéanfar foras sláinte nó roinn d'fhoras sláinte d'fhorscor faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, pé forála a dhéanamh a chífear dó is gá agus is cuí i dtaobh nithe a bheas ag gabháil leis an bhforscor nó ag leanúint as.

(4) I gcás ina ndéanfar foras sláinte nó roinn d'fhoras sláinte d'fhorscor le hordú faoi fho-alt (2) den alt seo:—

(a) féadfaidh an tAire, le hordú, pé forála a dhéanamh a chífear dó is gá agus is cuí i dtaobh nithe a bheas ag gabháil leis an bhforscor nó ag leanúint as,

(b) féadfaidh an tAire, más cuí leis, a ordú, le hordú, don údarás foras de shaghas nó de mhéid a sonrófar a sholáthar agus a chothabháil in áit a sonrófar in ionad an fhorais nó na roinne forscortha.

(5) Comhlíonfaidh údarás sláinte gach ordú a déanfar ina dtaobh faoin alt seo.

Comhaontú maidir húsáid forais.

12. —(1) In ionad nó i dteannta iad fhéin do sholáthar forais de shórt áirithe, féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích le duine ag á mbeidh bainistí forais den tsórt chéanna chun na daoine seo leanas d'úsáid an fhorais:—

(a) áitreabhach áirithe i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte, nó

(b) áitreabhaigh uile an líomatáiste sin, nó

(c) pé áitreabhaigh acu sin a bhaineas le haicme áirithe.

(2) Aon chomhaontú a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo agus dob fhéidir a dhéanamh faoin alt seo ar theacht i bhfeidhm don alt seo, is tuigthe, ar theacht i bhfeidhm don alt seo agus dá éis sin, é bheith ina chomhaontú a rinneadh faoin alt seo agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Comhúsáid foras áirithe ag údarás sláinte agus ag údarás cúnaimh phoiblí.

13. —(1) Féadfaidh údarás sláinte agus údarás cúnaimh phoiblí, le toiliú an Aire, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích:—

(a) chun an t-údarás cúnaimh phoiblí sin d'úsáid aon fhorais sláinte nó aon choda d'fhoras sláinte, nó

(b) chun an t-údarás sláinte sin d'úsáid aon fhorais nó íclainne ceantair a soláthraíodh faoi Acht 1939 nó d'úsáid coda d'aon fhoras nó d'aon íclainn cheantair den tsórt sin.

(2) I gcás ina dtarlóidh, de bhun comhaontuithe arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, go n-úsáidfidh údarás cúnaimh phoiblí foras sláinte nó cuid d'fhoras sláinte chun críocha íclainne, is tuigthe an íclann sin a bheith arna soláthar go cuí faoi alt 42 d'Acht 1939.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an t Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ;

ciallaíonn an abairt “údarás cúnaimh phoiblí” údarás cúnaimh phoiblí faoi Acht 1939.

Foras ceantoir d'aistriú.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, foras ceantair a bheas á chothabháil ag údarás cúnaimh phoiblí faoi alt 31 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , d'aistriú chun údaráis sláinte a mbeidh an t-iomlán nó cuid shubstainteach de líomatáiste feidhme an údaráis chúnaimh phoiblí ina líomatáiste feidhme.

(2) Beidh in aon ordú faoin alt seo pé forála is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun a chumasú d'údarás sláinte an foras ceantair lena mbaineann an t-ordú a ghabháil chucu agus a chothabháil do réir an orduithe.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, beidh in aon ordú faoin alt seo, ag aistriú forais cheantair ó údarás cúnaimh phoiblí chun údaráis sláinte, pé forála, maidir le ceachtar ní nó leis an dá ní acu seo a leanas, is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun na gcríocha a luaitear sa bhfo-alt sin (2), is é sin le rá:—

(a) cearta maoine agus dliteanais a choigeartú,

(b) sealbhóirí ar oifigí faoin údarás cúnaimh phoiblí, a mbaineann a ndualgais le seoladh an fhorais, d'aistriú chun oifigí den tsórt chéanna faoin údarás slóinte.

(4) I gcás ina ndéanfar, le hordú faoin alt seo, sealbhóir ar oifig faoi údarás cúnaimh phoiblí d'aistriú chun oifige den tsórt chéanna faoi údarás sláinte, is tuigthe, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(5) Nuair a haistreofar foras ceantair chun údaráis sláinte le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht ag an ordú sin do réir a théarmaí agus is tuigthe an foras a bheith arna sholáthar faoi alt 10 den Acht seo ag an údarás sláinte.

Foras a bheas á chothabháil ag údarás sláintíochta d'aistriú.

15. —(1) I gcás ina mbeidh, ar an dáta ceaptha, foras á chothabháil ag údarás sláintíochta uirbeach (nach bardas contaebhuirge) chun críche cumhacht agus dualgas a forchuireadh orthu le hachtachán nó faoi achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, an foras sin d'aistriú chun údaráis sláinte a mbeidh líomatáiste feidhme an údaráis sláintíochta ina líomatáiste feidhme.

(2) Beidh in aon ordú faoin alt seo pé forála is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun a chumasú d'údarás sláinte an foras lena mbaineann an t-ordú a ghabháil chucu agus a chothabháil do réir an orduithe.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, beidh in aon ordú faoin alt seo, ag aistriú forais ó údarás sláintíochta chun údaráis sláinte, pé forála, maidir le ceachtar ní nó leis an dá ní acu seo a leanas, is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun na gcríocha a luaitear sa bhfo-alt sin (2), is é sin le rá:—

(a) cearta maoine agus dliteanais a choigeartú;

(b) sealbhóirí ar oifigí faoin údarás sláintíochta, a mbaineann a ndualgais le seoladh an fhorais, d'aistriú chun oifigí den tsórt chéanna faoin údarás sláinte.

(4) I gcás ina ndéanfar, le hordú faoin alt seo, sealbhóir ar oifig faoi údarás sláintíochta d'aistriú chun oifige faoi údarás sláinte, is tuigthe chun críocha aon achtacháin a bhaineas le haoisliúntas, gan deireadh a bheith curtha leis an oifig chéadluaite.

(5) Nuair a haistreofar foras chun údaráis sláinte le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht ag an ordú sin do réir a théarmaí agus is tuigthe an foras a bheith arna sholáthar faoi alt 10 den Acht seo ag an údarás sláinte.

(6) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá a ceapfar le hordú faoi alt 3 den Acht seo chun na forála den Acht seo a theacht i ngníomh a athghairmeas an t-achtachán ar leis nó faoi a bronnadh nó a forchuireadh cumhacht agus dualgas cothabhála an fhorais ar an údarás sláintíochta.

Ospidéal Naomh Maighréid Chortóna d'aistriú chun Bardais Bhaile Atha Cliath.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialú agus bainistí an Ospidéil d'aistriú, le hordú, chun an Bhardais.

(2) Beidh in aon Ordú faoin alt seo pé forála is gá nó is fóirstineach leis an Aire chun a chumasú don Bhardas an tOspidéal a ghabháil chucu agus a chothabháil agus féadfaidh sé, go sonrach, socrú a dhéanamh le haghaidh aon ní acu seo a leanas:—

(a) Bord Rialtóirí an Ospidéil a scor,

(b) maoin, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear chosesin-action), d'aistriú,

(c) fiacha agus dliteanais d'aistriú,

(d) oifigigh agus seirbhísigh d'aistriú.

(3) Má haistrítear an tOspidéal le hordú faoin alt seo, is tuigthe é a bheith arna sholáthar faoi alt 10 den Acht seo ag an mBardas.

(4) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an Bardas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn an abairt “an tOspidéal” Ospidéal Naomh Maighréid Chortóna dá ngairmtí an Westmoreland Lock Hospital.

Muirir i leith seirbhísí forais.

17. —(1) I gcás ina bhfaighfidh duine seirbhísí forais ó údarás sláinte nó de bhun comhaontuithe arna dhéanamh ag údarás sláinte faoi alt 12 den Acht seo, féadfaidh an t-údarás sláinte, as a gcomhairle féin, ach faoi réir forál ailt 24 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929 (Uimh. 42 de 1929) , agus faoi réir aon rialachán iomchuí faoi alt 28 nó alt 31 den Acht seo, suim réasúnach d'éileamh i leith na seirbhísí sin.

(2) I gcás ina gcoinneofar duine i bhforas faoi alt 38 den Acht seo, ní gearrfar aon mhuirear faoin alt seo i leith aon tseirbhísí forais a gheobhaidh an duine sin le linn na coinneála sin.

(3) Nuair a beifear á chinneadh cad is suim réasúnach le héileamh faoin alt seo i leith seirbhísí a fuair duine ar bith, bhéarfar aird ar chúrsaí airgeadais an duine sin.

(4) Féadfar suim a héileofar faoi fho-alt (1) den alt seo i leith seirbhísí forais a fuair duine ar bith ó údarás sláinte d'aisghabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla:—

(a) ón duine sin nó, i gcás an duine sin a bheith tar éis bháis óna ionadaí pearsanta dlíthiúil, nó

(b) ó dhuine ar bith eile a dhlíos an duine sin a chothabháil chun críocha an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), de bhuaidh ailt 27 den Acht sin nó, i gcás an duine eile sin a bheith tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil.

Bainistí foras sláinte.

18. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, le ceadú an Aire, rialacha a dhéanamh chun foras sláinte a bheas á chothabháil acu a sheoladh agus a bhainistí, chun othair a bheas sa bhforas nó a bheas á fhreastal a rialáil agus chun othair a ghlacadh (lena n-áirítear iad a ghlacadh ar théarmaí speisialta maidir le híocaíocht agus cóiríocht) sa bhforas.

(2) Gach riail a rinneadh faoi fho-alt (4) d'alt 5 (a hathghairmtear leis an Acht seo) den Tuberculosis Prevention (Ireland) Act, 1908, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh sí, ar an alt seo a theacht i bhfeidhm agus dá éis sin, de bheith i bhfeidhm agus is tuigthe í a bheith arna déanamh faoin alt seo agus í a bheith inleasuithe nó inchúlghairmthe dá réir sin.

Leasú ar fho-alt (2) d'alt 6 den Acht Eitinne (Sanatoria a Bhunú), 1945.

19. —Déanfar na tagairtí i bhfo-alt (2) d'alt 6 den Acht Eitinne (Sanatoria a Bhunú), 1945 (Uimh. 4 de 1945) , do na Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913, a léiriú mar thargairtí don Chuid seo den Acht seo.

Cumhacht chun talamh a sholáthar d'fhoras.

20. —(1) Aon uair is deimhin le húdarás sláinte go dtugtar nó go dtabharfar seirbhís thairbheach do dhaoine a dteastaíonn seirbhísí forais uathu trí sheirbhísí den tsórt sin a sholáthar i bhforas i líomatáiste feidhme an údaráis sláinte sin, féadfaidh an t-údarás sláinte sin, ar chomhlucht rialúcháin an fhorais sin dá iarraidh sin agus le toiliú an Aire, aon talamh a sholáthar don fhoras sin a gcruthóidh an comhlucht rialúcháin sin chun sástachta an údaráis sláinte sin, é a bheith ag teastáil chun feidhmeanna an fhorais sin a chomhlíonadh héifeachtúil nó chun é a mhéadú nó a leathnú.

(2) Má chinneann údarás sláinte ar aon talamh a sholáthar faoin alt seo d'fhoras, féadfaidh an t-údarás sláinte sin an talamh sin a thógaint trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeanta faoi Chuid VIII den Acht seo agus (i gceachtar cás) féadfaid an talamh sin a thíolacadh chun an fhorais sin nó chun tairbhe dhó.

(3) Má iarrann comhlucht rialúcháin forais ar údarás sláinte aon talamh a sholáthar don fhoras sin faoin alt seo, ceanglóidh an t-údarás sláinte sin, mar choinníoll ar a soláthróid an talamh sin amhlaidh, ar an gcomhlucht rialúcháin sin a ghabháil lena n-ais iomlán an chostais d'íoc a bhainfeas leis an talamh sin a sholáthar amhlaidh.