|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 32 de 1947. | ||
[EN] |
AN tACHT BEODHÍLE (INTSEAMHNÚ SAORGA), 1947. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH RIALUITHE MAIDIR LE hINTSEAMHNÚ SAORGA AR EALLACH, CAOIRIGH, GABHAIR, MUCA AGUS CAPAILL. [2ú Nollaig, 1947.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | oifigeach. údaraithe. |
ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ag an Aire ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo; |
[EN] | ceadúnas |
ciallaíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas faoi alt 7 den Acht seo; |
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta. | |
[EN] |
Ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo. |
2. —Baineann an tAcht seo le heallach, caoirigh, gabhair, muca agus capaill. |
[EN] |
Rialacháin chun intseamhnú saorga a rialú. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun hintseamhnú saorga ar ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo a rialú agus, go háirithe, chun toirmeasc a chur le himdháil agus díol seamhna ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais. |
[EN] | (2) Féadfar feidhm a thabhairt do rialacháin faoin alt seo maidir leis na hainmhithe go léir lena mbaineann an tAcht seo nó maidir le cuid acu. | |
[EN] |
Onnmhuiriú seamhna. |
4. —Ní onnmhuireoidh duine ar bith seamhan ainmhí lena mbaineann an tAcht seo ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais. |
[EN] |
Allmhuiriú seamhna. |
5. —Ní allmhuireoidh duine ar bith seamhan ainmhí lena mbaineann an tAcht seo ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais. |
[EN] |
Seamhan a hallmhuireofar ar eadarthuras d'eisceadh. |
6. —Ní bhaineann ailt 4 agus 5 den Acht seo le seamhan ná hallmhuireofar ach ar eadarthuras chun a honnmhuirithe dá chionn sin. |
[EN] |
Ceadúnais. |
7. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnais d'eisiúint chun críocha an Achta seo. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire ceadúnas a chúlghairm tráth ar bith. | |
[EN] |
Cumhachta oifigeach údaraithe |
8. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach gach tráth réasúnach— |
[EN] | (a) in áitreabh a bheas á áitiú ag sealbhóir ceadúnais agus a bheas á úsáid chun nó i leith aon chríche dá mbeidh údaraithe leis an gceadúnas, | |
[EN] | (b) in áitreabh ina ndéantar intseamhnú saorga ar ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo, | |
[EN] | (c) in áitreabh a mbeidh cúis réasúnach amhrais aige go bhfuil nó go raibh an tAcht seo á shárú ann nó i ndáil leis. | |
[EN] | (2) Féadfaidh oifigeach údaraithe iniúchadh a dhéanamh ar áitreabh lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo agus ar ainmhithe agus earraí ann agus pé tástála nó fiosruithe eile a dhéanamh is cuí leis chun a fháil amach an bhfuil an tAcht seo agus na rialacháin faoi agus coinníollacha aon cheadúnais á gcomhlíonadh, agus féadfaidh, chun críocha aon tástála nó fiosruithe don tsórt sin, a cheangal ar áititheoir an áitribh pé saoráidí, cabhair agus eolas a thabhairt a bheas ar a chumas. | |
[EN] | (3) Ar oifigeach údaraithe dá iarraidh sin, bhéarfaidh sealbhóir ceadúnais a cheadúnas ar aird chun a iniúchta ag an oifigeach sin. | |
[EN] |
Cionta. |
9. —Má sháraíonn duine ar bith nó mura gcomhlíonfaidh sé aon fhoráil den Acht seo nó de rialacháin faoi nó aon choinníoll ar faoina réir a heisíodh ceadúnas, nó má bhacann sé duine ar bith agus an duine sin ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis an Acht seo nó má dhiúltaíonn sé aon tsaoráidí, cabhair no eolas a thabhairt d'aon duine den tsórt sin a ceanglófar air a thabhairt, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile is inchurtha air, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí in ionad nó i dteannta na fíneála sin. |
[EN] |
Rialacháin a leagadh faoi bhráid an Oireachtais. |
10. —Gach rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh, den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a chur faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. |
[EN] |
Costais. |
11. —Na costais faoine raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
12. —Féadfar an tAcht Beodhíle (Intseamhnú Saorga), 1947 , a ghairm den Acht seo. |