Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

50 1947


Uimhir 50 de 1947.


AN tACHT CORÓINÉIRÍ (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CORÓINÉIRÍ.

[29ú Nollaig, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAire.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

An tuarastal d'oifig choróinéara.

2. —Is é is tuarastal d'oifig choróinéara ná pé tuarastal a dhéanfas údarás áitiúil íoctha an tuarastail a shocrú ó am go ham faoi réir formheasa an Aire, nó, mura socraí an t-údarás sin an tuarastal, pé tuarastal a shocrós an tAire.

Comhuascadh ceantar.

3. —(1) Ar choróinéir d'éag nó d'éirí as oifig, féadfaidh an t-údarás áitiúil a cheap é, agus, má cheanglann an tAire orthu é, déanfaid, in ionad comharba dhó a cheapadh, scéim a chur faoi bhráid an Aire chun a cheantar nó cuid dá cheantar a chomhnascadh le ceantar nó ceantair aon choróinéara nó coróinéirí eile a bheas ceaptha ag an údarás áitiúil sin.

(2) Tiocfaidh scéim faoin alt seo i bhfeidhm, má fhormheasann an tAire í tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, ar pé dáta a chinnfeas an tAire.

Tuarastail d'athscrúdú.

4. —(1) Laistigh de shé mhí tar éis scéim faoi alt 3 den Acht seo a theacht i bhfeidhm, déanfar tuarastal coróinéara ar méadaíodh a cheantar faoin scéim d'athscrúdú ag údarás áitiúil íoctha an tuarastail.

(2) Laistigh do shé mhi tar éis an tAcht seo a rith, déanfar tuarastal coróinéara a bhí in oifig le linn a rite d'athscrúdú ag údarás áitiúil íoctha an tuarastail.

(3) Ar athscrúdú a dhéanamh faoin alt seo ar thuarastal, déanfaidh an t-údarás áitiúil, faoi réir a fhormheasta ag an Aire, cinneadh (dá ngairmtear cinneadh sealadach san alt seo) go méadófar an tuarastal ar mhodh sonraithe nó go ndaingneofar é.

(4) Aon údarás áitiúil a dhéanfas cinneadh sealadach, cuirfid téarmaí an chinnte in iúl don choróinéir lena mbainfidh laistigh de mhí tar éis a dhéanta.

(5) Má bhíonn coróinéir míshásta le cinneadh sealadach, féadfaidh sé, laistigh de mhí tar éis téarmaí an chinnte a chur in iúl dó, achomharc ina choinne a chur chun an Aire.

(6) I gcás ina ndéanfar achomharc i gcoinne cinnte shealadaigh, díbheoidh an tAire an t-achomharc nó cinnfidh go ndéanfar an tuarastal a bheas i gceist a mhéadú ar mhodh sonraithe.

(7) I gcás ina ndéanfar cinneadh sealadach agus ná déanfar achomharc ina choinne nó, má déantar, go ndíbheofar é, beidh an tuarastal a bheas i gceist arna dhaingniú nó arna mhéadú do réir an chinnte.

(8) I gcás ina ndéanfar achomharc i gcoinne cinnte shealadaigh agus ina gcinnfidh an tAire, ar an achomharc, go ndéanfar an tuarastal a bheas i gceist a mhéadú ar mhodh sonraithe, beidh an tuarastal arna mhéadú amhlaidh.

(9) Más rud é, i gcás údaráis áitiúil a gceanglann an t-alt seo orthu tuarastal coróinéara d'athscrúdú, go ndiúltóid é d'athscrúdú nó, ar mhí a bheith caite tar éis deireadh na tréimhse ina gceangaltar orthu an tuarastal d'athscrúdú, ná beidh téarmaí an chinnte shealadaigh a rinneadar i leith an tuarastail curtha in iúl acu don choróinéir—

(a) féadfaidh an coróinéir a iarraidh ar an Aire an tuarastal d'athscrúdú,

(b) athscrúdóidh an tAire an tuarastal agus de thoradh an athscrúduithe sin cinnfidh go méadófar an tuarastal ar mhodh sonraithe nó go ndaingnófar é,

(c) beidh an tuarastal arna mhéadú nó arna dhaingniú do réir mar chinnfeas an Aire.

(10) Aon mhéadú a déanfar ar thuarastal faoin alt seo beidh éifeacht aige—

(a) más méadú de dhroim scéime faoi alt 3 den Acht seo é— amhail ón scéim a theacht i bhfeidhm, agus

(b) in aon chás eile—amhail ó dháta an Achta seo a rith.

Srianta le formheas, etc.

5. —Ní dhéanfaidh an tAire, faoin Acht seo, formheas a thabhairt, achomharc a dhíbhe, ná tuarastal a shocrú ná d'athscrúdú ná cinneadh a thabhairt ina leith ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.

Cosaint maidir le tuarastail láithreacha.

6. —An tuarastal a bheas ag coróinéir a bheas in oifig le linn an Achta seo a rith is é a bheas mar thuarastal aige go deireadh a théarma oifige, ach ní dhéanfaidh an fhoráil seo dochar—

(a) d'aon mhéadú ar a thuarastal a déanfar faoin Acht seo, ná

(b) i gcás a thuarastal a mhéadú amhlaidh, d'aon laghdú air ná laghdóidh é faoi bhun an tuarastail a bhí aige le linn an Achta seo a rith.

Athghairm.

7. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht Coróinéirí (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Coróinéirí (Leasú), 1927 agus 1947, a ghairm den Acht Coróinéirí (Leasú), 1927 (Uimh. 1 de 1927) , agus den Acht seo le chéile.