|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Bhrabus Corparaide.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1949
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Dleachta Bais. | |
[EN] |
Alt 2 den Finance Act, 1894, a leasú. |
18. —Leasaítear leis seo mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894 (is é sin an mhír a cuireadh isteach sa bhfo-alt sin le fo-alt (1) d'alt 32 den Acht Airgeadais, 1924 (Uimh. 27 de 1924) ), trí na focail “or, in the case of a gift for public or charitable purposes, at least one year before the death of the deceased,” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “at least three years before the death of the deceased,”. |
[EN] |
Maolú ar fhorála an Achta Airgeadais, 1941 , maidir le ceannach blianacht, etc., ó ghaolta. |
19. —Faoi réir forál an ailt seo, deonfar an faoiseamh a sonraítear ann más rud é, ar bhás duine a rinne maoin a dhiúscairt i bhfábhar gaoil dó nó i bhfábhar cuideachtan (dá ngairmtear an diúscairt anseo feasta), go mbeidh, nó go mbeadh, d'éagmais an ailt seo, aon dleacht eastáit iníoctha de bhuaidh ailt 31 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) (a bhaineas le blianachta nó leasa eile a cheannach ó ghaolta). |
[EN] | (2) Déanfar ar dtúis an tsuim a ríomh a mbeadh dleacht eastáit iníoctha uirthi, d'éagmais an ailt seo, ar an mbás a tharlachtain, i leith na maoine dob ábhar don diúscairt nó i leith na maoine atá faoi fhiach nó eíre a bhunaigh an t-éagach agus dob ábhar don diúscairt, pé acu sin é, agus, faoi réir na dteorann a foráltar le fo-alt (3) den alt seo, lamhálfar ansin mar asbhaint as an tsuim sin— | |
[EN] | (a) an méid, más aon mhéid é, atá ag comhshuim na n-íocaíocht a rinneadh ar cuntas na blianachta nó an leasa eile, don tréimhse ón dáta a thosnaigh an bhlianacht nó an leas eile ar fhaibhriú i bhfábhar an éagaigh go dtí dáta a bháis, de bhreis ar chomhshuim an ioncaim a fuarthas ón éagach de bhuaidh na diúscartha don tréimhse ó dháta na diúscartha go dtí dáta a bháis; agus | |
[EN] | (b) ús simplí ar pé cion, más aon chion é, den mhéid adúradh, agus in aghaidh pé tréimhse is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cothrom in imthosca uile an cháis, do réir na rátaí is iníoctha ó am go ham i rith na tréimhse sin ar dhleachta báis i riaráiste. | |
[EN] | Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “comhshuim an ioncaim a fuarthas ón éagach de bhuaidh na diúscartha”— | |
[EN] | (i) maidir leis an gcuid sin den mhaoin dob ábhar don diúscairt nach fiach ná eire a bhunaigh an t-éagach í, pé méid is dóigh leis na Coimisineirí Ioncaim, in imthosca uile an cháis, is ionann agus teacht isteach réasúnach ón maoin; agus | |
[EN] | (ii) maidir leis an gcuid sin den mhaoin dob ábhar don diúscairt ar fiach nó eire a bhunaigh an t-éagach í, comhshuim an úis d'íoc an t-éagach nó dob iníoctha aige i leith an fhéich nó an eire sin. | |
[EN] | (3) An méid a lamhálfar mar asbhaint faoi fho-alt (2) den alt seo, déanfar, sna himthosca a sonraítear i bhforála an Cheathrú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo, teora a chur leis mar sonraítear sna forála sin faoi seach. | |
[EN] | Sa Sceideal sin, tá leis an abairt “an diúscairt” an bhrí atá léi san alt seo, ciallaíonn an abairt “na híocaíochta i leith na blianachta” na híocaíochta a sonraítear i mir (a) d'fho-alt (2) den alt seo, agus ciallaíonn an abairt “an méid a lamhálfar” an méid a lamhálfar mar asbhaint faoin alt seo. | |
[EN] | (4) San alt seo, tá leis an bhfocal “gaol” an bhrí a bheirtear dó le fo-alt (4) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1941 , agus beidh feidhm ag alt 27 den Acht sin maidir le léiriú an ailt seo agus an Cheathrú Sceidil sin amhail mar atá feidhm aige maidir le léiriú Coda IV den Act sin. | |
[EN] | (5) Is tuigthe éifeacht a bheith ag an alt seo maidir le daoine a fuair bás tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941. | |
[EN] |
Dleacht eastáit i gcás polasaithe a choimeád ar bun nó a dhéanamh faoi shocraíochta. |
20. —(1) Chun críocha na míre deiridh d'fho-alt (1) d'alt 11 den Customs and Inland Revenue Act, 1889 (a fhorálas, mar atá feidhm aige chun críocha dleachta eastáit, go ndéanfar airgead a gheibhtear faoi pholasaí árachais a rinne an t-éagach ar a shaol féin agus a choimeád sé ar bun d'áireamh mar airgead d'aistrigh ar a bhás) an méid de na préamaí a híocadh ar aon pholasaí árachais agus a ndearnadh, de bhuaidh nó de dhroim socraíochta a rinne an t-éagach, é d'íoc as maoin, bíodh sí arna soláthar ag an éagach nó ná bíodh, a folaíodh sa tsocraíocht, nó as ioncam, bíodh sé arna sholáthar ag an éagach nó ná bíodh, d'éirigh faoin socraíocht, déanfar, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, é d'áireamh amhail is dá mba é an t-éagach d'íoc é. |
[EN] | (2) Aon íocaíochta dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo agus nach ndearnadh as maoin arna soláthar go díreach nó go neamhdhíreach ag an éagach chun críocha na socraíochta, ná as maoin a ionadaíos an mhaoin sin, ná as ioncam arna sholáthar go díreach nó go neamhdhíreach ag an éagach, pé acu as an maoin sin d'éirigh sé nó nach ea, ní háireofar iad mar íocaíochta a rinne an t-éagach más deimhin leis na Coimisinéiri Ioncaim nach mar chuid d'aon chomhshocraíocht chomharaíochta idir an t-éagach agus aon duine eile a rinneadh na híocaíochta sin. | |
[EN] | (3) Chun críocha an achtacháin sin san Customs and Inland Revenue Act, 1889, déanfar polasaí árachais ar shaol éagaigh, a rinneadh de bhuaidh nó de dhroim socraíochta arna déanamh ag an éagach, d'áireamh amhail is dá mba é an t-éagach a rinne é. | |
[EN] | (4) Is tuigthe éifeacht a bheith ag an alt seo maidir le daoine a fuair bás an 4ú lá de Bhealtaine, 1949, nó dá éis. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) folaíonn an focal “socraíocht” aon diúscairt, iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht, agus | |
[EN] | (b) is tuigthe socraíocht a bheith déanta ag duine má rinne sé an tsocraíocht go díreach nó go neamhdhíreach, agus go háirithe (ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal roimhe seo den mhír seo) má rinne nó má gheall sé cistí a sholáthar go díreach nó go neamhdhíreach chun críocha na socraíochta, nó má rinne sé comhshocraíocht chomharaíocht le haon duine eile chun an duine sin do dhéanamh na socraíochta. |