An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cain Bhrabus Corparaide.) Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghneitheach agus Ginearalta.)

13 1949

AN tACHT AIRGEADAIS, 1949

CUID V.

Dleachta Stampa.

Dleachta stampa ar léasanna d'athrú.

24. —(1) Na dleachta stampa is inmhuirir faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, i leith aon chomaoine, arb é atá inti aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos) as ucht léasa, beid, d'ainneoin aon Achta eile, do réir dhá phunt agus deich scillinge in aghaidh gach caoga punt nó codáin de chaoga punt de mhéid nó de luach na comaoine sin.

(2) Más rud é—

(a) gurb é atá sa chomaoin, nó in aon chuid den chomaoin, as ucht léasa, aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos) nach mó ná chúig chéad punt a mhéid nó a luach, agus

(b) go bhfuil ráiteas sa léas á rá nach bhfuil an t-idirbheart a déantar leis ina chuid d'idirbheart is mó ná sin ná de shreath idirbheart a bhfuil méid nó luach nó iomlán méide nó luacha na comaoine, seachas cíos, ina leith, níos mó ná chúig chéad punt, agus

(c) nach léas é a bhfuil cíos is mó ná fiche punt sa bhliain mar chuid den chomaoin ina leith, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an dleacht is inmhuirir i leith na comaoine, nó na coda dhi, arb é atá inti aon airgead, stoc nó urrús.

(3) Más rud é—

(a) gurb é atá sa chomaoin, nó in aon chuid den chomaoin, as ucht léasa, aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos) ar mó ná chúig chéad punt ach nach mó ná míle punt a mhéid nó a luach, agus

(b) go bhfuil ráiteas sa léas á rá nach bhfuil an t-idirbheart a déantar leis ina chuid d'idirbheart is mó ná sin ná de shreath idirbheart, agus

(c) nach léas é a bhfuil cíos is mó ná fiche punt sa bhliain mar chuid den chomaoin ina leith,

ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an dleacht is inmhuirir i leith na comaoine, nó na coda dhi, arb é atá inti aou airgead, stoc nó urrús, ach, d'ainneoin aon Achta eile, beidh dleacht inmhuirir ina leith mar leanas:

Má bhíonn méid nó luach na comaoine, nó na coda dhi,—

Níos mó ná

£500

gan bheith níos mó ná

  £550

..

£7

10s.

  ,,    ,,   ,,

£550

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £600

..

£10

  ,,    ,,   ,,

£600

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £650

..

£15

  ,,    ,,   ,,

£650

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £700

..

£20

  ,,    ,,   ,,

£700

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £750

..

£25

  ,,    ,,   ,,

£750

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £800

..

£30

  ,,    ,,   ,,

£800

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £850

..

£35

  ,,    ,,   ,,

£850

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £900

..

£40

  ,,    ,,   ,,

£900

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

 £950

..

£45

  ,,    ,,   ,,

£950

  ,,      ,,      ,,    ,,   ,,

£1,000

..

£50

(4) Beidh éifeacht ag na forála roimhe seo den alt seo i gcás (agus sa chás sin amháin) ina mbeidh sa léas ráiteas ón léasaí á dheimhniú gur ceann acu seo a leanas an phearsa a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile i leas an léasaí faoin léas (nó i gcás níos mó ná pearsa amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach ceann faoi leith dhíobh):

(a) saoránach Éireannach,

(b) pearsa atá de thuras na huaire ina ghnáthchónaí sa Stát agus a bhí ina ghnáthchónaí sa Stát go leanúnach ar feadh na dtrí bliana díreach roimh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947,

(c) comhlucht corprach a corpraíodh sa Stát an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin,

(d) comhlucht corprach a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a chomhdaigh le cláraitheoir na gcuideachtan, an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin, na doiciméid agus na sonraí a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 274 den Companies (Consolidation) Act, 1908,

(e) pearsa atá go dleathach ag seoladh gnótha a thagas faoi réim forál aon mhíre d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht chun Déantúis a Rialú, 1934 (Uimh. 36 de 1934)

(f) comhlucht corprach a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, i gcás níos mó ná leath (do réir luacha ainmniúil) na scaireanna de gach aicme a heisíodh a bheith ar únaeracht tairbhiúil ag pearsain a dtagann gach pearsa faoi leith acu faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) den fho-alt seo.

(5) D'ainneoin aon Achta eile, i gcás léasa nach bhfuil, de bhuaidh fo-ailt (4) den alt seo, aon éifeacht ag forála fo-alt (1), (2) agus (3) den alt seo ina leith, beidh na dleachta stampa is inmhuirir faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, i leith aon chomaoine, arb é atá inti aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos), as ucht an léasa, do réir ráta (dá ngairmtear an ráta ard san alt seo) chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine sin.

(6) (a) Aon léas (nach bhforghníomhaítear de mheon mhacánta agus ar chomaoin luachmhar), is tuigthe, chun críocha an ailt seo, gur léas é a oibríos mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, agus chuige sin ní tuigthe gur comaoin luachmhar an chomaoin ar aon léas más dóigh leis na Coimisínéirí Ioncaim, toisc gur comaoin neamhleor an chomaoin nó ar aon chúis eile, gur tairbhe shubstainteach don léasaí an léas.

(b) Bainfidh an t-alt seo le haon léas a oibríos mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, agus déanfar aon tagairt san alt seo do mhéid nó do luach aon chomaoine d'fhorléiriú, maidir le dleacht is inmhuirir ar an léas sin, mar thagairt don mhéid nó don luach íosta ba ghá chun nach mbeadh an léas, gan athrú a theacht ar aon chíos faoi, ina léas d'oibreodh mar dhiúscairt shaorálach inter vivos.

(7) (a) Baineann an fo-alt seo le gach léas den tsórt dá dtagartar sna fo-ailt roimhe seo den alt seo, pé acu léas é a oibríos mar dhiúscairt shaorálach inter vivos nó nach ea, mura mbíonn an phearsa a thig i dteideal an leasa thairbhiúil uile i leas an léasaí faoin léas (nó, i gcás níos mó ná pearsa amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach pearsa faoi leith dhíobh) faoi réim míre de mhíreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) den alt seo.

(b) Más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a fhorghníomhuithe, nach mbeidh léas lena mbaineann an fo-alt seo stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta aird, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta aird dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón léasaí, nó i gcás léasaithe, ó na léasaithe sin i gcomhpháirt agus ar leithligh, agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar an tsuim sin a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, aon uair tar éis léas lena mbaineann an fo-alt seo d'fhorghníomhú den chéad uair, aon tsuim a féadtar a ghnóthú faoi mhír (b) den fho-alt seo a laghdú nó a mhaitheamh.

Dleachta stampa ar léasanna áirithe.

25. —(1) Más rud é—

(a( go raibh dleacht stampa inmhuirir, an 4ú lá de Bhealtaine, 1949, nó aon lá dá éis sin agus roimh dháta an Achta seo a rith faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, i leith aon chomaoine, arb é a bhí inti aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos), as ucht léasa a forghníomhaíodh den chéad uair an 4ú lá de Bhealtaine, 1949, nó dá éis, agus

(b) go raibh an dleacht sin inmhuirir i leith suime (dá ngairmtear an tsuim bheag sa bhfo-alt seo) ba lú ná an tsuim (dá ngairmtear an tsuim mhór sa bhfo-alt seo) dob iomchuí dá mbeadh alt 24 den Acht seo achtaithe an lú lá de Nollaig, 1947,

ansin—

(I) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas má stampáladh an léas i leith na suime bige roimh an Acht seo a rith, pé acu stampáladh nó nár stampáladh an léas le stampa ar leith a thaispeáineas gur stampáladh go cuí é:

(i) beidh dleacht stampa inmhuirir arís i leith na comaoine sin (dá ngairmtear an dleacht stampa bhreise sa mhír seo) agus beidh sí inmhuirir d'ainneoin na stampála sin i leith na suime bige,

(ii) beidh an dleacht stampa bhreise inmhuirir i leith suime is ionann agus an méid atá an tsuim bheag faoi bhun na suime móire,

(iii) nuair a bheas an tsuim mhór á cinneadh chun críocha fo-mhíre (ii) den mhír seo, má cruthaíodh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh aon ráiteas den tsórt dá dtagartar in alt 24 den Acht seo a bheith go cuí sa léas, cé nach raibh sé ann iarbhír, is tuigthe an ráiteas sin a bheith sa léas,

(iv) chun críocha stampála an léasa i leith na dleachta stampa breise, is tuigthe gur forghníomhaíodh an léas den chéad uair ar an Acht seo a rith,

(v) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an léas stampálta i leith na dleachta stampa breise, beidh suim is ionann agus dhá oiread na dleachta stampa breise dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón léasaí, nó i gcás léasaithe, ó na léasaithe i gcomhpháirt agus ar leithligh, agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar an tsuim sin a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla,

(vi) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, aon tsuim a féadtar a ghnóthú faoi fho-mhír (v) den mhír seo a laghdú nó a mhaitheamh; agus

(II) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas má stampáladh an léas i leith na suime móire roimh an Acht seo a rith:

(i) an dleacht stampa a muirearaíodh i leith na suime móire is tuigthe gur muirearaíodh amhlaidh go cuí í agus daingnítear leis seo í,

(ii) nuair a bheas an tsuim mhór á cinneadh chun críocha na míre seo, má cruthaíodh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim nuair a stampáladh an léas go bhféadfadh aon ráiteas den tsórt dá dtagartar in alt 24 den Acht seo a bheith go cuí sa léas, cé nach raibh sé ann iarbhír, is tuigthe an ráiteas sin a bheith sa léas; agus

(III) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murar stampáladh an léas roimh an Acht seo a rith:

(i) beidh dleacht stampa inmhuirir in aghaidh na comaoine sin i leith suime is ionann agus an tsuim mhór (dá ngairmtear an dleacht stampa méadaithe sa mhír seo),

(ii) nuair a bheas an tsuim mhór á cinneadh chun críocha fo-mhíre (i) den mhír seo, má cruthaíodh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh aon ráiteas den tsórt dá dtagartar in alt 24 den Acht seo a bheith go cuí sa léas, cé nach raibh sé ann iarbhír, is tuigthe an ráiteas sin a bheith sa léas,

(iii) chun críocha stampála an léasa i leith na dleachta stampa méadaithe, is tuigthe gur forghníomhaíodh an léas den chéad uair ar an Acht seo a rith,

(iv) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an léas stampálta i leith na dleachta stampa méadaithe, beidh suim is ionann agus dhá oiread na dleachta stampa méadaithe dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón léasaí, nó i gcás léasaithe, ó na léasaithe i gcomhpháirt agus ar leithligh, agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar an tsuim sin a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla,

(v) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, aon tsuim a féadtar a ghnóthú faoi na forála atá i bhfo-mhír (iv) den mhír seo a laghdú nó a mhaitheamh.

(2) Más rud é—

(a) go raibh dleacht stampa inmhuirir, an lú lá de Nollaig, 1947, nó aon lá dá éis sin agus roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1949, faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, i leith aon chomaoine, arb é a bhí inti aon airgead, stoc nó urrús (seachas cíos), as ucht léasa, agus

(b) gur muirearaíodh an dleacht sin aon lá roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1949, i leith suime dob ionann agus an tsuim dob iomchuí dá mbeadh alt 24 den Acht seo achtaithe an lú lá de Nollaig, 1947,

is tuigthe maidir leis an dleacht sin a muirearaíodh mar adúradh gur muirearaíodh amhlaidh go cuí í agus daingnítear leis seo í.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo difir—

(a) d'aon chás ina ndearna cúirt ar bith measúnú ar dhleacht stampa roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1949, ná

(b) d'aon chás ina ndearna na Coimisinéirí Ioncaim measúnú faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1949, agus ina ndearnadh achomharc ína choinne a thionscnamh go cuí faoi alt 13 den Acht sin.

Dleachta stampa, ar mhorgáistí áirithe, etc.

26. —(1) San alt seo—

cíallaíonn an focal “maoin” tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin atá ar tíolacadh nó ar aistriú (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a rinneadh an tíolacadh nó an t-aistriú) chun comhluchta chorpraigh trí ionstraim is inmhuirir le dleacht stampa faoin mírcheann “Conveyance or Transfer on sale of any property” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus a stampáladh do réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ); ciallaíonn an abairt “comhlucht corprach Éireannach” comhlucht corprach do réir míre (f) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ; ciallaíonn an abairt “pearsa neamhcháilithe” aon phearsa a bhí, ar dháta forghníomhuithe na hionstraime iomchuí trínar tíolacadh nó trínar haistríodh maoin chun comhluchta chorpraigh, gan bheith faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ;

ciallaíonn an focal “scaireanna” scaireanna eisithe de gach aicme.

(2) (a) Más rud é, i gcás ina bhfuil maoin ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh, go dtabharfaidh an comhlucht corprach aon mhorgáiste nó morgáiste cothromais nó aon mhuirear ar an maoin, nó aon bhintiúir, nó aon bhanna, cúnant nó barántas aturnae chun breithiúnas d'admháil agus a thaifeadadh, do phearsa neamhcháilithe atá i dteideal tairbhiúil scaireanna ar bith sa chomhlucht corprach nó a dhéanas nó a fhéadas, faoi mheabhrán comhlachais nó faoi airteagail chomhlachais an chomhluchta chorpraigh nó ar shlí eile, urlámh nó bainistí d'fheidhmiú air nó más rud é go dtabharfaidh an comhlucht corpracha a leithéid do dhá phearsain nó níos mó ar pearsa neamhcháilithe den tsórt sin aon phearsa acu—

(i) beidh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna, an cúnant nó an barántas aturnae inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna, an cúnant nó an barántas aturnae d'fhorghníomhú, nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón duine sin, nó ó na daoine sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(b) Más rud é, i gcás ina bhfuil maoin ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh,—

(i) go dtabharfaidh an comhlucht corprach aon mhorgáiste nó morgáiste cothromais nó aon mhuirear ar an maoin, nó aon bhintiúir, nó aon bhanna nó cúnant d'aon phearsain (nach pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo) nó do dhá phearsain nó níos mó (nach pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo aon phearsa acu), agus

(ii) go bhforghníomhófar ina dhiaidh sin aon aistriú, sannadh nó diúscairt dá dtiocfaidh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir an banna nó an cúnant sin a bheith ar aistriú chun nó i bhfábhar pearsan neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó chun nó i bhfábhar dhá phearsan nó níos mó ar pearsa neamhcháilithe den tsórt sin aon phearsa acu,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(i) beidh an t-aistriú, an sannadh nó an diúscairt inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an t-aistriú, an sannadh nó an diúscairt d'fhorghníomhú, nach mbeidh sé stampálat nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsain is déanaí a luadh, nó ó na pearsain is déanaí a luadh, i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(c) Más rud é, i gcás maoine atá ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh, go ndéanfaidh an comhlucht corprach gníomhais teidil, nó aon doiciméad teidil, chun na maoine, a lóisteáil mar urrús agus gur le pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó le dhá phearsain nó níos mó ar pearsa neamhcháilíthe den tsórt sin aon phearsa acu a déanfar an lóisteáil—

(i) déanfaidh an comhlucht corprach, laistigh de thríocha lá tar éis na lóisteála, ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim a mbeidh sonraí ann ar an maoin, luach na maoine agus ainmneacha agus tuairiscí na bpáirtithe san idirbheart,

(ii) beidh an ráiteas inmhuirir le dleacht stampa a bheas iníoctha ag an gcomhlucht corprach do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(iii) mura seachadtar an ráiteas laistigh den tríocha lá sin nó más rud é, ar an tríocha lá sin a bheith caite, nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón gcomhlucht corprach agus óna stiúrthóirí, i gcomhpháirt agus ar leithligh,

(d) Más rud é, i gcás maoine atá ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh,—

(i) go ndéanfaidh an comhlucht corprach gníomhais teidil, nó aon doiciméad teidil, chun na maoine, a lóisteáil mar urrús agus gur le pearsa (nach pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo) nó le dhá phearsain nó níos mó (nach pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo aon phearsa acu) a déanfar an lóisteáil agus

(ii) go ndéanfar aon aistriú nó aistrithe ina dhiaidh sin dá dtarlóidh go scoirfidh na gníomhais teidil nó an doiciméad teidil sin de bheith lóisteálta mar adúradh agus go mbeidh an céanna ar lóisteáil mar urrús le pearsa is pearsa neamcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó le dhá phearsain nó níos mó ar pearsa neamhcháilithe den tsórt sin aon phearsa acu,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(I) déanfaidh an phearsa nó an dá phearsain nó níos mó is déanaí a luadh ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh de thríocha lá tar éis na gníomhais teidil nó an doiciméad teidil sin a lóisteáil leis an bpearsa nó leis na pearsain sin, a mbeidh sonraí ann ar an maoin, luach na maoine agus ainm nó ainmneacha agus tuairisc nó tuairiscí na pearsan nó na bpearsan sin,

(II) beidh an ráiteas inmhuirir le dleacht stampa a bheas iníoctha ag an bpearsa nó ag na pearsain sin do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(III) mura seachadtar an ráiteas laistigh den tríocha lá sin nó más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a sheachadtha, nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(3) Más rud é, i gcás maoine atá ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh, go dtiocfaidh pearsa neamhcháilithe nó dhá phearsain nó níos mó ar pearsa neamhcháilithe aon phearsa acu i dteideal aon leasa thairbhiúil in iomlán na maoine nó i gcuid di, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murab ionstraim is inmhuirir le dleacht stampa faoi fho-alt (2) den alt seo an phríomh-ionstraim nó an aonionstraim faoina dtiocfaidh an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh nó mura bhfuil dleacht stampa arna cinneadh do réir luach na maoine íoctha faoin bhfo-alt sin ag an bpearsa sin nó ag aon phearsa de na pearsain sin—

(i) beidh an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim faoina dtiocfaidh an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine nó, i gcás diúscartha saorálaí inter vivos, de luach na maoine (nó na coda dhi a dtiocfaidh an phearsa nó na pearsain sin ina teideal), agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite ó tháinig an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh, nach mbeidh an ionstraim sin stampálta nó nach mbeidh sí stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(4) (a) I gcás ina bhfuil maoin ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh a scoir de bheith ina chomhlucht chorprach Éireannach toisc na scaireanna, go dtí méid is mó ná a leath (do réir luach ainmniúil), do scor de bheith ar únaeracht tairbhiúil ag pearsain a bhfuil gach pearsa acu faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(i) beidh an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim trínar tíolacadh nó trínar haistríodh an mhaoin chun an chomhluchta chorpraigh inmhuirir athuair le dleacht stampa, d'ainneoin í a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh í le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí í,

(ii) beidh an dleacht sin inmhuirir do réir chúig puint fhichead faoin gcéad ar an méid ar dá réir a cinneadh an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(iii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite ó scoir an comhlucht corprach de bheith ina chomhlucht corprach Éireannach, nach mbeidh an ionstraim sin stampálta nó nach mbeidh sí stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón gcomhlucht corprach agus óna stiúrthóirí i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo in aon chás ina ndearnadh dleacht stampa arna cinneadh do réir luach na maoine d'íoc cheana faoi fho-alt (2) den alt seo ná in aon chás inar scoir na scaireanna de bheith i seilbh mar adúradh trí oibriú dlí amháin nó toisc aon aistrithe ó ionadaí pearsanta sealbhóra mhairbh nó toisc aon orduithe ó Chúirt.

(5) (a) Aon tsuim is fiach atá dlite don Aire Airgeadais do réir an ailt seo, beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar í a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo, aon tsuim a féadfar a ghnóthú faoi mhír (a) den fho-alt seo a laghdú nó a mhaitheamh.

Dleachta stampa i gcás idirbheart áirithe a rinneadh roimh an Acht seo a rith.

27. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an focal “maoin” tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin a bhí ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh trí ionstraim is inmhuirir le dleacht stampa faoin mírcheann “Conveyance or Transfer on sale of any property” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus a stampáladh do réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 );

ciallaíonn an abairt “comhlucht corprach Éireannach” comhlucht corprach do réir míre (f) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ;

ciallaíonn an abairt “pearsa neamhcháilithe” aon phearsa a bhí, ar dháta forghníomhuithe na hionstraime iomchuí trínar tíolacadh nó trínar haistríodh maoin chun comhluchta chorpraigh, gan bheith faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ;

ciallaíonn an focal “scaireanna” scaireanna eisithe de gach aicme;

ciallaíonn an abairt “an tréimhse iomchuí” an tréimhse a thosnaigh an 4ú lá de Bhealtaine, 1949, agus a chríochnaigh an lá roimh dháta an Achta seo a rith.

(2) (a) Más rud é, i gcás ina raibh maoin ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, go dtug an comhlucht corprach ar an dáta sin aon mhorgáiste nó morgáiste cothromais nó aon mhuirear an an maoin, nó aon bhintiúir, banna, cúnant nó barántas aturnae chun breithiúnas d'admháil agus a thaifeadadh, do phearsa a bhí ar an dáta sin ina pearsa neamhcháilithe atá i dteideal tairbhiúil aon scaireanna sa chomhlucht corprach nó a dhéanas nó a fhéadas faoi mheabhrán comhlachais nó faoi airteagail chomhlachais an chomhluchta chorpraigh nó ar shlí eile, urlámh nó bainistí d'fheidhmiú air nó más rud é go dtug an comhlucht corprach a leithéid ar an dáta sin do dhá phearsain nó níos mó ar phearsa neamhcháilithe den tsórt sin aon phearsa acu ar an dáta sin,

ansin—

(I) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murar stampáladh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna, an cúnant nó an barántas aturnae roimh dháta an Achta seo a rith:

(i) beidh sé inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón duine sin, nó ó na daoine sin i gcomhpháirt agus ar leithligh; agus

(II) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas má stampáladh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna, an cúnant nó an barántas aturnae roimh an Acht seo a rith:

(i) beidh sé inmhuirir athuair le dleacht stampa, d'ainneoin é a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh é le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí é, agus beidh sé inmhuirir i leith suime is ionann agus an difríocht idir dleacht stampa arna cinneadh do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine agus an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh sé stampálta i leith na dleachta stampa breise sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón duine sin, nó ó na daoine sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(b) Más rud é, i gcás ina raibh maoin ar tíolacadh nó ar aistriú, ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh—

(I) go dtug an comhlucht corprach aon mhorgáiste nó morgáiste cothromais nó aon mhuirear ar an maoin, nó aon bhintiúir, nó aon banna nó cúnant, ar an dáta sin, d'aon phearsa (nár phearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo ar an dáta sin) nó do dhá phearsain nó níos mó (nár phearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo aon phearsa acu ar an dáta sin), agus

(II) gur forghníomhaíodh ina dhiaidh sin ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, nó go bhforghníomhófar ar dháta tar éis an tAcht seo a rith, aon aistriú, sannadh nó diúscairt dá dtáinig nó dá dtiocfaidh an morgáiste, an morgáiste cothromais, an muirear, an bintiúir, an banna nó an cúnant a bheith ar aistriú chun nó i bhfábhar pearsan a bhí nó a bheas ar an dáta sin ina pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó chun nó i bhfábhar dhá phearsan nó níos mó a raibh nó a mbeidh aon phearsa acu ina pearsa neamhcháilithe den tsórt sin ar an dáta sin,

ansin—

(A) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murar stampáladh an t-aistriú, an sannadh nó an diúscairt roimh dháta an Achta seo a rith nó má forghníomhaítear é tar éis an dáta sin:

(i) beidh sé, d'ainneoin aon Achta eile, inmhuirir le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith nó tar éis a fhorghníomhuithe (pé acu is iomchuí), nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa is déanaí a luadh, nó ó na pearsain is déanaí a luadh, i gcomhpháirt agus ar leithligh; agus

(B) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas má stampáladh an t-aistriú, an sannadh nó an diúscairt roimh an Acht seo a rith:

(i) beidh sé inmhuirir athuair le dleacht stampa d'ainneoin é a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh é le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí é, agus beidh sé inmhuirir i leith suime is ionann agus an difríocht idir dleacht stampa arna cinneadh do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine agus an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh sé stampálta i leith na dleachta breise sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(c) Más rud é i gcás maoine a bhí ar tíolacadh nó ar aistriú chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, go ndearna an comhlucht corprach, ar an dáta sin, gníomhais teidil, nó aon doiciméad teidil, chun na maoine, a lóisteáil mar urrús, agus gur le pearsa a bhí ar an dáta sin ina pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó le dhá phearsa nó níos mó a raibh aon phearsa acu ina pearsa neamhcháilithe den tsórt sin ar an dáta sin a rinneadh an lóisteáil—

(i) déanfaidh an comhlucht corprach laistigh de thríocha lá tar éis an tAcht seo a rith, ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, a mbeidh sonraí ann ar an maoin, luach na maoine agus ainmneacha agus tuairiscí na bpáirtithe san idirbheart,

(ii) beidh an ráiteas inmhuirir le dleacht stampa a bheas iníoctha ag an gcomhlucht corprach do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(iii) mura seachadtar an ráiteas laistigh den tríocha lá sin nó más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a sheachadtha, nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón gcomhlucht corprach agus óna stiúrthóirí i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(d) Más rud é, i gcás maoin a bhí ar tíolacadh nó ar aistriú, ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh—

(i) go ndearna an comhlucht corprach, ar an dáta sin, gníomhais teidil, nó aon doiciméad teidil, chun na maoine a lóisteáil mar urrús agus gur le haon phearsa (nár phearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo ar an dáta sin) nó le dhá phearsain nó níos mó (nár phearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo aon phearsa acu ar an dáta sin) a rinneadh an lóisteáil, agus

(ii) go ndearnadh ina dhiaidh sin i rith na tréimhse iomchuí, nó go ndéanfar tar éis an tAcht seo a rith aon aistriú nó aistrithe dá dtarla gur scoir nó dá dtarlóidh go scoirfidh na gníomhais teidil nó an doiciméad teidil sin de bheith lóisteálta mar adúradh agus go raibh nó go mbeidh an céanna ar lóisteail ar aon dáta mar urrús le pearsa a bhí nó a bheas ar an dáta sin ina pearsa neamhcháilithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó le dhá phearsa nó níos mó a raibh nó a mbeidh aon phearsa acu ina pearsa neamhcháilithe den tsórt sin ar an dáta sin,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(I) déanfaidh an phearsa nó an dá phearsain nó níos mó is déanaí a luadh ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh de thríocha lá tar éis (do réir mar is iomchuí) an tAcht seo a rith nó na gníomhais teidil nó an doiciméad teidil sin a lóisteáil leis an bpearsa nó leis na pearsain sin, a mbeidh sonraí ann ar an maoin, luach na maoine agus ainm nó ainmneacha agus tuairisc nó tuairiscí na pearsan nó na bpearsan sin,

(II) beidh an ráiteas inmhuirir le dleacht stampa a bheas iníoctha ag an bpearsa nó ag na pearsain sin do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de luach na maoine, agus

(III) mura seachadtar an ráiteas laistigh den tríocha lá sin nó más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a sheachadtha, nach mbeidh sé stampálta nó nach mbeidh sé stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(3) Más rud é, i gcás maoine a bhí ar tíolacadh nó ar aistriú, ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, chun comhluchta chorpraigh Éireannaigh, go dtáinig pearsa neamhcháilithe nó dhá phearsa nó níos mó ar phearsa neamhcháilithe aon phearsa acu chun bheith i dteideal ar an dáta sin chun aon leasa thairbhiúil in iomlán na maoine nó i gcuid di, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas murab ionstraim is inmhuirir le dleacht stampa faoi fho-alt (2) den alt seo an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim faoina dtáinig an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh nó mura bhfuil dleacht stampa arna cinneadh do réir luach na maoine íoctha cheana faoin bhfo-alt sin ag an bpearsa sin nó ag aon phearsa de na pearsain sin—

(I) murar stampáladh, roimh an Acht seo a rith, an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim faoina dtáinig an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh—

(i) beidh an ionstraim sin inmhuirir, d'ainneoin aon Achta eile, le dleacht stampa do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine nó, i gcás diúscartha saorálaí inter vivos, de luach na maoine (nó na coda dhi a dtáinig an phearsa nó na pearsain sin ina teideal), agus

(ii) más rud é ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an ionstraim sin stampálta nó nach mbeidh sí stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh; agus

(II) má stampáladh, roimh an Acht seo a rith, an phríomhionstraim nó an aon-ionstraim faoina dtáinig an phearsa nó na pearsain sin i dteideal amhlaidh—

(i) beidh sí inmhuirir athuair le dleacht stampa d'ainneoin í a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh í le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí í, agus beidh sí inmhuirir i leith suime is ionann agus an difríocht idir dleacht stampa arna cinneadh do réir chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine nó, i gcás diúscartha saorálaí inter vivos, de luach na maoine (nó na coda dhi a dtáinig an phearsa nó na pearsain sin ina teideal), agus an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(ii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an ionstraim sin stampálta i leith na dleachta stampa breise sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa sin, nó ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(4) (a) I gcás ina raibh maoin ar tíolacadh no ar aistriú, ar dháta i rith na tréimhse iomchuí, chun comhluchta chorpraigh a scoir ar an dáta sin de bheith ina chomhlucht corprach Éireannach toisc na scaireanna, go dtí méid is mó ná a leath (do réir luacha ainmniúil), do scor de bheith ar únaeracht tairbhiúil ag pearsain a raibh gach pearsa acu faoi réim míre de mhíreanna (a) go (e) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(i) beidh an phríomh-ionstraim nó an aon-ionstraim trínar tíolacadh nó trínar haistríodh an mhaoin chun an chomhluchta chorpraigh inmhuirir athuair le dleacht stampa, d'ainneoin í a bheith stampálta cheana, agus pé acu stampáladh nó nár stampáladh í le stampa ar leith a thaispeánas gur stampáladh go cuí í,

(ii) beidh an dleacht sin inmhuirir do réir chúig puint fhichead faoin gcéad ar an méid ar dá réir a cinneadh an dleacht stampa a híocadh cheana, agus

(iii) más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith nach mbeidh an ionstraim sin stampálta nó nach mbeidh sí stampálta do réir an ráta sin, beidh suim is ionann agus dhá oiread méid na dleachta do réir an ráta sin dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón gcomhlucht corprach agus óna stiúrthórí i gcomhpháirt agus ar leithligh.

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo in aon chás ina ndearnadh dleacht stampa arna cinneadh dó réir luach na maoine d'íoc cheana faoi fho-alt (2) den alt seo ná in aon chás inar scoir na scaireanna de bheith i seilbh mar adúradh trí oibriú dlí amháin nó toisc aon aistrithe ó ionadaí pearsanta sealbhóra mhairbh nó toisc aon orduithe ó Chúirt.

(5) (a) Aon tsuim is fiach atá dlite don Aire Airgeadais do réir an ailt seo, beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfar í a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo, aon tsuim a féadfar a ghnóthú faoi mhír (a) den fho-alt seo a laghdú nó a mhaitheamh.