Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

24 1949


Uimhir 24 de 1949.


AN tACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHODHNÚ NA SUIMEANNA IS INLAMHÁLTA MAR BHREISITHE DLEATHACHA FAOI MHÍR (g) D'FHO-ALT (2) D'ALT 11, AGUS MÍR (e) D'FHO-ALT (2) D'ALT 17, DEN ACHT SRIANTA CÍOSA, 1946 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEAS LEIS SIN. [30ú Iúil, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1946.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an t Acht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) .

Modhnú ar Bhreisithe dleathacha faoi ailt (11) (2) (g) agus 17 (2) (e) dAcht 1946.

2. —(1) Déanfar, amhail ar dháta an Achta seo a rith agus uaidh sin amach, an tsuim is breisiú dleathach ar an mbun-chíos i gcás a luaitear i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, nó mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17, d'Acht 1946 a ríomh do réir an scála atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus forléireofar na míreanna sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(2) Baineann fo-alt (1) den alt seo le caiteachas faoina ndeachthas in aon tréimhse de na tréimhsí dhá bhlian a luaitear sa mhír iomchuí.

Ró-íocaíochta d'aisghabháil.

3. —I gcás—

(a) inar híocadh aon mhéid i leith cíosa a tháinig chun bheith dlite tar éis dáta an Achta seo a rith, agus

(b) ina bhfuil sa mhéid sin suim i leith breisithe dleathaigh faoi mhír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, nó mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17, d'Acht 1946, agus

(c) inar mó an tsuim sin ná an breisiú dleathach faoin mír iomchuí arna modhnú le halt 2 den Acht seo,

ansin, d'ainneoin nár seirbheáladh aon fhógra ar an tiarna tí ag laghdú an chíosa, beidh an ro-íocaíocht inaisghabhála ón tiarna tí lenar híocadh í nó óna ionadaí pearsanta dlíthiúil ag an tionónta d'íoc í nó ag a ionadaí pearsanta dlíthiúil mar bheadh suim a luaitear in alt 24 d'Acht 1946.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Srianta Cíosa, 1946 agus 1949, a ghairm d'Acht 1946 agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar Acht 1946 agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.