Ar Aghaidh (An Achomaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dTagartar san Acht seo.)

26 1949


Uimhir 26 de 1949.


AN tACHT LEITHREASA, 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN t-AONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE, NAOI gCÉAD, A hOCHT CEATHRACHAD AGUS NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN t-AONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE, NAOI gCÉAD, A CAOGA, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONADH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1949 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE HIASACHT D'FHÁIL.

[3ú Lúnasa, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste.

£2,522 1s. 6d. d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1947-48.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim dhá mhíle, chúig chéad agus fiche agus dhá phunt, scilling agus sé pingne d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle, naoi gcéad, a hocht ceathrachad.

£45,057,710 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1949-50.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim ceathracha agus chúig milliúin, caoga agus seacht míle, seacht gcéad agus deich bpuint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle, naoi gcéad, a caoga.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £45,060,232 1s. 6d. a thógaint ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná ceathracha agus chúig milliúin, seasca míle, dhá chéad, tríocha agus dhá phunt, scilling agus sé pingne a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan don Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis urrús ar bith a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin d'eisiúint.

(3) Déanfar aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasu.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £69,703,288 1s. 6d. a leithreasú.

4. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal (A) a ghabhas leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthair a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim seasca agus naoi milliúin, seacht gcéad agus trí mhíle, dhá chéad, ochtó agus ocht bpuint, scilling agus sé pingne, déantar iad a leithreasú agus is tuigthe iad a bheith ar na leithreasú amhail ó dháta na nAcht a luaitear sa Sceideal sin (A) a rith chun na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear i Sceideal (B) a ghabhas leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhas léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhas leis na sceidil sin, is tuigthe gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhas leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim trí milliúin, seacht gcéad, nócha agus sé mhíle, ocht gcéad, seachtó agus naoi bpuint, agus ocht scillinge déag d'úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é d'úsáid mar leithreasa-igcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríocha a sonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1949 , a ghairm den Acht seo.