9 1950


Uimhir 9 de 1950.


AN tACHT UM AN ACHT LÍN, 1936 (FIONRAÍ), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH TUILLEADH FIONRAÍ AR OIBRIÚ AN ACHTA LÍN, 1936 . [5ú Aibreán, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tuilleadh fionraí ar oibriú an Achta Lín, 1936 .

1. —Déantar leis seo oibriú an Achta Lín, 1936 ( Uimh. 20 de 1936 ), agus aon orduithe agus rialachán faoin Acht sin d'fhionraí tuilleadh ón 1ú lá d'Eanáir, 1950, go dtí pé lá a socrófar le hordú ón Rialtas.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um an Acht Lín, 1936 (Fionraí), 1950, a ghairm den Acht seo.