Ar Aghaidh (An achomaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dTagartar san Acht seo.)

20 1950


Uimhir 20 de 1950.


AN tACHT LEITHREASA, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE, NAOI gCÉAD, A hAON CAOGAD, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONADH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1950 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT D'FHÁIL.                                                            [26ú Iúil, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste.

£51,615,593 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1950-51.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim caoga agus aon mhilliún, sé chéad agus chúig mhíle dhéag, chúig chéad agus nócha agus trí puint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle, naoi gcéad, a haon caogad.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £51,615,593 a thógaint ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná caoga agus aon mhilliún, sé chéad agus chúig mhíle dhéag, chúig chéad agus nócha agus trí puint a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan don Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis urrús ar bith a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin d'eisiúint.

(3) Déanfar aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais ae Leithreasu.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £84,938,177 a leithreasú.

3. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal (A) a ghabhas leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthair a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim ochtó agus cheithre mhilliún, naoi gcéad, tríocha agus ocht míle, céad, seachtó agus seacht bpuint, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú amhail ó dháta na nAcht a luaitear sa Sceideal sin (A) a rith chun na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear i Sceideal (B) a ghabhas leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhas léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhas leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhas leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim trí mhilliún, cheithre chéad míle, chúg chéad agus cheithre puint déag d'úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é d'úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríocha a sonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1950 , a ghairm den Acht seo.