21 1950


Uimhir 21 de 1950.


AN tACHT UM OIBRITHE TALMHAÍOCHTA (LAETHANTA SAOIRE), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN LAETHANTA SAOIRE LE PÁIGH A THABHAIRT D'OIBRITHE TALMHAÍOCHTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [26ú Iúil, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tosach feidhme agus foráil iarmartach.

1. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá sa bhliain 1950 a cheapfas an tAire Talmhaíochta le hordú.

(2) Ní chuirfidh an tAcht seo aon dliteanas ar fhostóir talmhaíochta i leith fostaíochta oibrí thalmhaíochta a bhí ar fostú aige roimh thosach feidhme an Achta seo ach nach mbeidh, ar an tosach feidhme sin, ar fostú a thuilleadh aige.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

oibrí talmhaíochta.

ciallaíonn “oibrí talmhaíochta” duine ar fostú faoi chonradh seirbhíse nó príntíseachta agus ar obair thalmhaíochta a chuid oibre nó roinnt dá chuid oibre faoin gconradh sin, ach ní fholaíonn sé duine ar obair tís formhór a chuid oibre faoin gconradh sin;

fostóir talmhaíochta.

ciallaíonn “fostóir talmhaíochta” duine a mbíonn trádáil nó gnó na talmhaíochta ar siúl aige agus a mbíonn daoine eile ar fostú aige mar oibrithe talmhaíochta chun críocha na trádála nó an ghnótha sin;

talmhaíocht.

folaíonn “talmhaíocht” feirmeoireacht déiríochta agus úsáid talún mar thalamh féaraigh, móinéir nó mar thalamh úllghoirt nó talamh sailí nó talamh coille nó le haghaidh garraí mhargaidh nó garraí altran;

an Bord.

ciallaíonn “an Bord” an Bord Páighe Talmhaíochta;

bliain.

ciallaíonn “bliain” an bhliain 1950 nó aon bhliain ina dhiadh sin.

Laethanta saoire.

3. —(1) I ngach bliain, lamhálfaidh fostóir talmhaíochta laethanta saoire mar leanas d'oibrí talmhaíochta—

(a) sé lá saoire má bhíonn an t-oibrí ar fostú go leanúnach aige ar feadh na bliana sin, nó

(b) lá saoire in aghaidh gach tréimhse dhá mhí, sa bhliain sin, a bheas an t-oibrí ar fostú go leanúnach aige.

(2) Má bhíonn oibrí i dteideal trí lá saoire nó níos mó faoin alt seo, lamhálfar na laethanta saoire as a chéile.

(3) Na laethanta saoire a bheas le lamháil i leith aon bhliana nó aon tréimhse i mbliain lamhálfar iad roimh dheireadh na bliana, agus má forceanntar an fhostaíocht i rith na bliana lamhálfar na laethanta saoire roimh í d'fhorceannadh.

(4) Ní háireofar mar laethanta saoire chun críocha an Achta seo Domhnaigh ná pé leath-laethanta, laethanta saoire Eaglaise agus laethanta saoire poiblí a lamhálfar don oibrí de bharr comhshocruithe lena fhostóir.

(5) Faoi réir forál eile an ailt seo, féadfaidh an t-oibrí agus a fhostóir pé comhshocruithe is cuí leo a dhéanamh chun laethanta saoire a lamháil.

(6) Ní tuigfear gur briseadh ar leanúnachas na fostaíochta aon bhearnain sa bhfostaíocht nach faide san iomlán ná ocht lá in aon tréimhse dhá mhí, ar choinníoll nár oibrigh an t-oibrí d'aon fhostóir talmhaíochta eile na laethanta sin.

(7) Más rud é, in ionad laethanta saoire a thógaint atá le lamháil dó faoin alt seo, go bhfanfaidh oibrí ag obair le toiliú a fhostóra, measfar na laethanta saoire a bheith lamhálta ag an bhfostóir don oibrí má íocann sé díolaíocht saoire leis ina leith i dteannta páighe, roimh dheireadh na bliana ina mbeidh na laethanta saoire le lamháil nó, má forceanntar an fhostaíocht i rith na bliana, roimh í d'fhorceannadh.

Díolaíocht saoire.

4. —(1) Aon fhostóir talmhaíochta a gceangaltar air faoin Acht seo laethanta saoire a lamháil d'oibrí talmhaíochta, íocfaidh sé leis an oibrí, i leith na laethanta saoire sin, suim in ionad páighe, dá ngairmtear “diolaíocht saoire” san Acht seo, a ríomhfar do réir ráta nach lú ná an ráta íosta iomchuí a bheas ceaptha le hordú faoi alt 5.

(2) Beidh díolaíocht saoire iníoctha an lá sar a dtosnóidh na laethanta saoire.

(3) Má scoireann oibrí de bheith ar fostú gan saoire a raibh sé ina teideal faoin Acht seo a lamháil dó, déanfaidh an fostóir air sin suim, dá ngairmtear “díolaíocht saoire” freisin san Acht seo, d'íoc leis is ionann agus an díolaíocht saoire i leith na saoire sin.

Rátaí íosta díolaíochta saoire.

5. —An chumhacht a bheirtear don Bhord le halt 17 den Acht um Páigh Thalmhaíochta, 1936 (Uimh. 53 de 1936) , chun orduithe a dhéanamh ag ceapadh rátaí íosta páighe, beidh réim aici maidir le déanamh orduithe ag ceapadh rátaí íosta díolaíochta saoire agus beidh feidhm dá réir sin ag na forála den Acht sin a bhaineas le horduithe faoin alt sin.

Cionta.

6. —(1)  (a) Mura lamhála fostóir talmhaíochta laethanta saoire d'oibrí talmhaíochta do réir an Achta seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(b) Beidh sé ina chosaint mhaith ar inchúiseamh faoin bhfo-alt seo má chruthaíonn an fostóir nárbh fhéidir leis na laethanta saoire a lamháil toisc gur forceannadh fostaíocht an oibrí in imthosca nach bhféadfadh sé do réir réasúin coinne a bheith aige leo.

(2) (a) Mura n-íoca fostóir talmhaíochta díolaíocht saoire le hoibrí talmhaíochta do réir an Achta seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(b) In aon imeachta in aghaidh duine faoin bhfo-alt seo is ar an duine sin a bheas a chruthú gur íoc sé díolaíocht saoire do réir ráta nach lú ná an ráta íosta iomchuí.

Díolaíocht saoire a ghnóthú.

7. —(1) I gcás imeachta a thionscnamh in aghaidh fostóra thalmhaíochta á chúiseamh i gcion faoin Acht seo maidir le haon mhainneachtaint líomhanta in íoc díolaíochta saoire, féadfaidh an Chúirt, pé acu ciontaítear é nó nach gciontaítear, má bhíonn an Chúirt sásta go raibh mainneachtaint ann laistigh den cheithre mhí fichead díreach roimh an dáta a tosnaíodh ar na himeachta, a ordú don fhostóir suim is ionann agus méid na mainneachtana d'íoc leis an oibrí.

(2) Má bhíonn mainneachtaint ann in íoc díolaíochta saoire, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, féadfaidh oifigeach don Bhord, in ainm agus thar ceann an oibrí, imeachta sibhialta a thionscnamh chun méid na mainneachtana a ghnóthú, gan dochar do cheart an oibrí chun imeachta den tsórt sin a thionscnamh.

(3) D'ainneoin aon ní in aon achtachán, ní tosnófar ar imeachta sibhialta chun méid aon mhainneachtana in íoc díolaíochta saoire a ghnóthú mura rud é—

(a) i gcás an t-oibrí a bheith, ar dháta tosnuithe na n-imeacht tar éis scor de bheith ar fostú ag an bhfostóir—

(i) go dtosnófar ar na himeachta laistigh de cheithre mhí fichead tar éis dáta an scoir sin, agus

(ii) gur tharla an mhainneachtaint laistigh den cheithre mhí fichead díreach roimh dháta an scoir sin, nó

(b) i gcás an t-oibrí a bheith ar fostú ag an bhfostóir ar dháta tosnuithe na n-imeacht—gur tharla an mhainneachtaint laistigh den cheithre mhí fichead díreach roimh dháta tosnuithe na n-imeacht.

(4) Aon chomhaontú a déanfar chun díolaíocht saoire d'íoc contrártha don Acht seo nó chun staonadh ó fheidhmiú aon chirt chun íoc díolaíochta saoire do réir an Achta seo d'fhorfheidhmiú beidh sé ar neamhní.

Tuarascála Bliantúla.

8. —Beidh tuarascáil ar a n-imeachta faoin Acht seo sa tuarascáil bhliantúil a ceangaltar ar an mBord, le halt 21 den Acht um Páigh Thalmhaíochta, 1936, a thabhairt don Aire Talmhaíochta.

Caiteachais.

9. —Na caiteachais uile faoina raghfar ag cur an Achta seo i ngníomh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 , a ghairm den Acht seo.