22 1950


Uimhir 22 de 1950.


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1946 . [26ú Iúil, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíocht (Faoiseamh), 1946, maidir le 1950-51.

1. —Beidh feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 (Uimh. 36 de 1946) , maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1951.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1950 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1950, a ghairm de na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1948, agus den Acht seo le chéile.