23 1950


Uimhir 23 de 1950.


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1950.

[An tiontó oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA FORBARTHA MÓNA, 1946 . [26ú Iúil, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Forbartha Móna, 1946 (Uimh. 10 de 1946) .

Deontais don Bhord i leith costas trialach agus taighde.

2. —Leasaítear leis seo alt 52 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (1) agus (2):

“(1) Faoi réir na teorann a forchuirtear le fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontais de pé méideanna a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis an mBord ó am go ham i leith na gcaiteachas faoina raghaidh an Bord faoi alt 19 (a bhaineas le trialacha agus taighde ag an mBord maidir le móin agus táirgí móna) den Acht seo.

(2) Ní mó ná dhá chéad agus caoga míle punt méid iomlán na ndeontas a deonfar faoin alt seo”.

Airleacain leis an mBord as an bPríomh-Chiste.

3. —Leasaítear leis seo alt 53 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1):

“(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná ocht milliún dhá chéad agus seachtó míle punt) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham leis an mBord as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis”.

Us ar airleacain áirithe leis an mBord a tharscaoileadh.

4. —Leasaítear leis seo alt 57 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1):

“(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le hairleacain a bhéarfar don Bhord faoi alt 53 den Acht seo:

(a) ní bheidh aon ús iníoctha ag an mBord ar airleacain a bhéarfar i rith na tréimhse chúig mblian dar tosach an 21ú lá de Mheitheamh, 1946, maidir leis an gcéad chlár forbartha móna ag an mBord (dá ngairmtear airleacain an chéad chláir sa bhfo-alt seo) i leith aon tréimhse roimh an lá a dhéanfas an tAire Airgeadais ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo,

(b) déanfaidh an tAire Airgeadais, díreach i ndiaidh na tréimhse chúig mblian dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo, cúrsaí airgeadais an Bhoird a scrúdú agus ansin, ag féachaint don staid ina mbeidh cúrsaí airgeadais an Bhoird an tráth sin agus d'ionchais an Bhoird ó thaobh airgeadais san am le teacht, déanfaidh—

(i) le hordú (dá ngairmtear an t-ordú díolúine i bhfo-alt (3) den alt seo), díolúine a thabhairt don Bhord ón dliteanas chun ús d'íoc ar airleacain an chéad chláir i leith na tréimhse a bheas an t-ordú i bhfeidhm, nó

(ii) le hordú, a dhearbhú é a bheith de dhliteanas ar an mBord ús d'íoc ar airleacain an chéad chláir i leith aon tréimhse dar tosach dáta an orduithe a dhéanamh nó dáta dá éis sin,

(c) ní bheidh aon ús iníoctha ag an mBord ar airleacain a bhéarfar i rith na tréimhse chúig mblian dar tosach an lú lá d'Iúil, 1950, maidir leis an dara clár forbartha móna ag an mBord (dá ngairmtear airleacain an dara cláir sa bhfo-alt seo) i leith aon tréimhse roimh an lá a dhéanfas an tAire Airgeadais ordú faoi mhír (d) den fho-alt seo,

(d) déanfaidh an tAire Airgeadais, díreach i ndiaidh na tréimhse chúig mblian dá dtagartar i mír (c) den fho-alt seo, cúrsaí airgeadais an Bhoird a scrúdú agus ansin, ag féachaint don staid ina mbeidh cúrsaí airgeadais an Bhoird an tráth sin agus d'ionchais an Bhoird ó thaobh airgeadais san am le teacht, déanfaidh—

(i) le hordú (dá ngairmtear an t-ordú díolúine i bhfo-alt (3) den alt seo), díolúine a thabhairt don Bhord on dliteanas chun ús d'íoc ar airleacain an dara cláir i leith na tréimhse a bheas an t-ordú i bhfeidhm, nó

(ii) le hordú, a dhearbhú é a bheith de dhliteanas ar an mBord ús d'íoc ar airleacain an dara cláir i leith aon tréimhse dar tosach dáta an orduithe a dhéanamh nó dáta dá éis sin,

(e) i gcás ordú a dhéanamh mar adúradh ag tabhairt díolúine don Bhord ón dliteanas chun ús d'íoc ar airleacain an chéad chláir nó an dara cláir, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tráth dá éis sin é a chúlghairm le hordú eile”.

Tithe do sheirbhísigh an Bhoird.

5. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham scéimeanna a chur faoi bhráid an Aire chun an Bord do dhéanamh tithe lena n-áitiú ag seirbhísigh don Bhord.

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, aontú le scéim a cuirfear faoina bhráid faoin alt seo agus air sin féadfaidh an Bord an scéim sin a chur i gcrích.

(3) Féadfaidh an Bord tithe a déanfar de bhun scéime faoin alt seo a ligean le seirbhísigh don Bhord.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Beaga Cónaithe), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , maidir le tigh a déanfar de bhun scéime faoin alt seo.

(5) Ní tabharfar deontas faoi Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) , i leith tí a déanfar de bhun scéime faoin alt seo.

Deontais agus airleacain a thabhairt don Bhord i leith caiteachas faoi scéimeanna faoi alt 5 den Acht seo.

6. —Faoi réir na dteorann a forchuirtear le fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontais de pé méideanna a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis an mBord ó am go ham i leith na gcaiteachas faoina raghaidh an Bord faoi aon scéimeanna faoi alt 5 den Acht seo.

(2) Na deontais a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo beid faoi réir na dteorann seo a leanas:

(a) ní mó ná trí chéad agus seasca míle punt a méid iomlán,

(b) ní mó ná céad agus ochtó punt an deontas i leith aon tí áirithe.

(3) Faoi réir na teorann a forchuirtear le fo-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, airleacain inaisíoctha i leith na gcaiteachas faoina raghaidh an Bord faoi aon scéimeanna faoi alt 5 den Acht seo a thabhairt don Bhord ó am go ham as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(4) Ní mó ná sé chéad agus octó míle punt méid iomlán na n-airleacan a bhéarfar faoi fho-alt (3) den alt seo.

(5) Beidh feidhm ag forála alt 54, 55 agus 56 den Phríomh-Acht (ach amháin an chosaint atá i bhfo-alt (1) d'alt 55 le haghaidh ailt 57 den Phríomh-Acht) maidir le hairleacain faoi fho-alt (3) den alt seo, agus chun críocha na feidhme sin beidh éifeacht ag na tagairtí atá sna hailt sin d'alt 53 den Phríomh-Acht mar thagairt d'fho-alt (3) den alt seo.

Forléiriú an Phríomh-Achta agus an Achta seo.

7. —(1) Forléireofar mar aon ní amháin an Príomh-Acht agus an tAcht seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (1) den alt seo déanfar tagairt sa Phríomh-Acht don Acht sin d'fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíos tagairt don Acht seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1950 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Forbartha Móna, 1946 agus 1950, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.