|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Tithe don Lucht Oibre.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Teaghais Bheaga a Thogaint.) |
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Iostain Sclabhaithe. | |
[EN] |
Iostáin sclábhaithe a chur ar fáil chun a ligean le daoine den lucht oibre. |
24. —(1) Féadfaidh comhairle chontae iostáin a chur ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe chun a ligean le daoine den lucht oibre, do réir bhrí Acht Tithe an Lucht Oibre, a chónaíos i gceantar sláinte contae. |
[EN] | (2) Aon ligean a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith agus a bheadh bailí da mba faoin alt seo a déanfaí é beidh sé, agus is tuigthe go raibh riamh, ina ligean bailí faoi Achta na Sclábhaithe. | |
[EN] | (3) Duine a mbeidh iostán ligthe leis faoin alt seo ní bheidh teideal aige chun an t-iostán a cheannach faoi Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936) . | |
[EN] | (4) Déanfar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1932, arna leasú le halt 23 d'Acht 1948, (a bhaineas le ranníocaíocht a thabhairt i leith na muirear bliantúla iasachta faoina ndeachaigh údarás áitiúil i leith airgid a fuaireadar ar iasacht chun cóiríocht chónaithe a chur ar fáil do sclábhaithe talmhaíochta) d'fhorléiriú amhail is dá bhfolaíodh an tagairt d'airgead a fuarthas ar iasacht tagairt d'airgead a fuair údarás áitiúil ar iasacht chun iostáin a chur ar fáil faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo beidh cumhachta ag comhairle chontae, agus oblagáidí orthu, mar bronntar agus a forchuirtear ar údarás tithe le hAchta na Sclábhaithe. | |
[EN] |
Feidhm ag Acht na Sclábhaithe, 1936 , i gcás iostán do theacht laistigh de líomatáiste uirbeach. |
25. —I gcás iostán a cuireadh ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe do theacht laistigh de líomatáiste uirbeach do réir bhrí ailt 22 den Acht seo, leanfaidh Acht na Sclábhaithe, 1936 , d'fheidhm a bheith aige maidir leis an iostán go dtí go n-aistreofar é chun an údaráis uirbigh faoin alt sin 22, d'ainneoin gan an t-iostán a bheith i gceantar sláinte contae a thuilleadh. |
[EN] |
Talamh a tógfar faoi Achta na Sclábhaitho d'úsáid. |
26. —D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon achtachán, féadfaidh údarás áitiúil aon talamh a thógfas an t-údarás áitiúil sin faoi Achta na Sclábhaithe d'úsáid chun aon chríche de chríocha na nAcht sin. |
[EN] |
Siopaí agus taitneamhachtaí eile a chur ar fáil i ndáil le tithe tuatha. |
27. —Beidh réim ag alt 40 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , (a bhaineas le húdarás áitiúil do chur siopaí, faichí imeartha agus taitneamhachtaí eile ar fáil i ndáil le cóiríocht chónaithe) maidir le húdarás áitiúil i bhfeidhmiú a chumhacht faoi Achta na Sclábhaithe. |
[EN] |
Leasú ar alt 6 den Labourers (Ireland) Act, 1883. |
28. —Déantar leis seo alt 6 den Labourers (Ireland) Act, 1883 (a bhaineas le riachtanais scéime feabhsuithe ag údarás sláintíochta) a leasú trí na focail “The scheme shall avoid all interference with the demesne and amenity of residence of the owner of the lands proposed to be taken, or with any home farm, or lands immediately adjoining and customarily occupied with such residence” a scrios. |
[EN] |
Cumhacht ag an Aire chun foirmeacha, etc., d'ordú agus dispionsáid a thabhairt ó fhógraí a sheirbheáil. |
29. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú aon ní a ceangaltar le Achta na Sclábhaithe d'ordú agus, fairis sin, ag ordú foirme aon fhógra nó fógráin nó doiciméid eile agus scála aon léarscáile a ceangaltar nó a húdaraítear d'úsáid nó a thabhairt faoi na hAchta sin nó chun críocha na nAcht sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire dispionsáid a thabhairt ó fhógraí a sheirbheáil a ceangaltar ar údarás áitiúil d'fhoilsiú nó a sheirbheáil faoi Achta na Sclábhaithe más deimhin leis cúis réasúnach a bheith ann le dispionsáid a thabhairt ó na fógraí sin a sheirbheáil. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire aon dispionsáid den tsórt sin a thabhairt roimh an am, nó tar éis an ama, a gceangaltar an fógra a sheirbheáil agus sin go neamh-choinníollach nó ar pé coinníollacha maidir le fógraí eile a sheirbheáil nó le nithe eile is oiriúnach leis an Aire, ach an tAire d'fhéachaint go cuí chuige nach ndéanfar dochar do leasa aon phearsan leis an dispionsáid. | |
[EN] |
Leasú ar alt 43 d'Acht 1948. |
30. —Déantar leis seo fo-alt (6) d'alt 43 d'Acht 1948 a leasú trí na focail “seachas agóid a tarraingíodh siar” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “aon agóid”. |
[EN] |
Achta na Sclábhaithe do leanúint i bhfeidhm. |
31. —Leanfaidh Achta na Sclábhaithe i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1955. |