An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Iostain Sclabhaithe.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Athghairm.)

25 1950

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1950

CUID VII.

Teaghais Bheaga a Thogaint.

Míniú ar Mhargadh-luach.

32. —Is é is margadh-luach tí chun críocha ailt 1 d'Acht 1899 ná—

(a) i gcás tí atá ar áitiú nó le háitiú den chéad uair, an tsuim is dóigh leis an údarás áitiúil is comhionann le costas réasúnach tógála an tí, lena n-áirítear pé méid, más ann, is cuí leis an údarás áitiúil, de na caiteachais dlí agus eile a ghabhas leis sin nó a ghabhas le tógaint an tionóntáin ar a bhfuil an teach tógtha nó le tógáil, ach gan aon fhíneáil, préimh ná comaoin eile i leith tógaint an leasa léasachta sa tionóntán sin a chur san áireamh,

(b) in aon chás eile, an tsuim ar dóigh leis an údarás áitiúil go mbeadh súil réasúnach lena fáil ar an tigh dá ndíoltaí ar an margadh oscailte é.

Margadh-luach a mheas.

33. —Chun críocha ailt 1 d'Acht 1899, féadfar margadh-luach tí a mheas an tráth a bheas pleananna an tí curtha faoi bhráid an údaráis áitiúil ag an iarratasóir nó ag an bhfoirginteoir.

An ranníoc íosta ó iarratasóir ag lorg iasachta.

34. —Ní tabharfar airleacan faoi alt 1 d'Acht 1899 mura ndéana an t-iarratasóir chúig faoin gcéad ar a laghad de mhargadhluach an tí, gan deontas faoi aon achtachán a chur san áireamh, a thabhairt mar ranníoc i leith an phraghais cheannaigh nó i leith an chostais tógála.

Comhairle cheantair uirbigh do scarúint le cumhachta.

35. —Aon chomhairle cheantair uirbigh a bheas tar éis glacadh leis na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil do réir ailt 9 d'Acht 1899, féadfaidh sí, ar pé téarmaí ar a gcomhaontóidh an chomhairle agus comhairle na contae, trí rún, scarúint lena cumhachta, lena cearta agus lena dliteanais faoi na hAchta sin i bhfábhar comhairle na contae, agus, sa chás sin, beidh deireadh leis na cumhachta, na cearta agus na dliteanais a scarfar leo amhlaidh agus beidh éifeacht ag forála na nAcht sin amhail is nach ndearna comhairle an cheantair uirbigh rún a rith faoi alt 9 d'Acht 1899.

Airleacain do chomhdhílseánaigh.

36. —D'fhonn aon amhras a bheadh ann a scaoileadh dearbhaítear leis seo go bhféadfar airleacan faoi na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1950, a thabhairt do chomh-dhílseánaigh nó comh-únaeraí agus léireofar agus riarfar an hAchta sin dá réir sin.

Rialacháin chun críocha na nAcht um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1950.

37. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha na nAcht um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1950.