Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

11 1951


Uimhir 11 de 1951.


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHT (ORDÚ A DHAINGNIÚ) (Uimh. 2), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH, 1932. [3ú Iúil, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Ordú a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo an tOrdú a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis an Ordú a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usaide tagairt don Ordú sin agus é d'aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú ná teorannú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Ordú a Dhaingniú) (Uimh. 2), 1951 , a ghairm den Acht seo.