An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1951) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mal.)

15 1951

AN tACHT AIRGEADAIS, 1951

CUID I.

Cain Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1951-52.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, a mhuirearú do réir sé scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus chúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1950, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1951, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Méadú ar an liúntas pearsanta d'fhear pósta.

2. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1947 ( Uimh. 15 de 1947 ), a leasú tuilleadh trí “two hundred and eighty pounds” a chur in ionad “two hundred and sixty pounds”.

Méadú ar na hasbhaintí i leith leanaí.

3. —(1) Gan dochar d'fho-alt (2) den alt seo, déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of eighty pounds” a chur in ionad “a deduction of sixty pounds”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ),—

(a) trí “d'ochtó punt” a chur in ionad “de sheasca punt”, agus

(b) trí “go dtí seasca agus trí puint in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, nó aon bhliana ina dhiaidh sin” a chur in ionad “go dtí ocht bpuint cheathrachad in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1944, agus go dtí trí puint cheathrachad in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, nó aon bhliana ina dhiaidh sin”.

Liúntais as an ioncam iomlán— daoine atá chúig bliana seascad d'aois nó os a chionn.

4. —(1) (a) Aon phearsa a dhéanfas, sa tslí a hordaítear leis na hAchta Cánach Ioncaim, éileamh dá lorg sin, tuairisceán a thabhairt sa bhfoirm ordaithe ar a ioncam iomlán, agus cruthúnas a thabhairt go raibh sé féin nó, i gcás fir phósta, go raibh a bhean, agus í ina cónaí leis, chúig bliana seascad d'aois nó os a chionn, tráth ar bith i rith na bliana measúnuithe, agus nár mhó ná chúig chéad punt a ioncam iomlán don bhliain mheasúnuithe, lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnuithe d'fhionnadh chun críche cánach ioncaim, suim is ionann agus an cúigiú cuid dá ioncam iomlán mar asbhaint as méid an ioncaim sin.

(b) Aon phearsa a bheadh, mura mbeadh gur mó ná chúig chéad punt a ioncam iomlán, i dteideal liúntais mar adúradh, beidh sé i dteideal méid na cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin a laghdú, más gá sin, ionas nach mó é ná suim is ionann agus comhiomlán an dá mhéid seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach dob iníoctha dá mba chúig chéad punt, ach nár mhó ná sin, a ioncam iomlán, maraon le leath an mhéid atá ag a ioncam iomlán de bhreis ar chúig chéad punt.

(2) Aon asbhaint nó faoiseamh a lamhálfar faoi fho-alt (1) den alt seo, is in ionad, agus ní i dteannta, na hasbhainte faoi alt 16 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 4 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ), a lamhálfar é.

(3) Beidh feidhm maidir le héilimh faoin alt seo ag forála ailt 30 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin (alt ina bhaineas le pionóis i gcásanna éilimh chalaoisigh).

(4) Más rud é, i gcás iarratas a dhéanamh chuige sin faoi fhorála na nAcht Cánach Ioncaim, go mbeidh cáin ioncaim in aghaidh aon bhliana inmheasúnuithe agus inmhuirir ar ioncam an fhir chéile agus ar ioncam na mná céile faoi seach amhail is nach mbeidís pósta, déanfar tairbhe aon liúntais nó faoisimh faoi fho-alt (1) den alt seo a chionroinnt idir an fear céile agus an bhean chéile do réir méideanna a n-ioncaim iomláin faoi seach.

(5) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forál na nAcht Cánach Ioncaim.

Díolúintí do cheard-chumainn.

5. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 3 den Acht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , a leasú tuilleadh trí “one hundred and thirty pound a year by way of annuity” a chur in ionad “eighty pounds as year by way of annuity”.

Comhshó faoin Acht um Iasachta Rialtais (Comshó), 1951.

6. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Iasachta Rialtais (Comhshó) 1951;

tá leis na habairtí “iasacht Rialtais”, “iasacht nua”, “an dáta fuascailte” agus “stoc-shealbhóir” na bríonna atá leo faoi seach san Acht.

(2) Má déantar sealbhán stoic, nó aon chuid de shealbhán stoic, in iasacht Rialtais, a chomhshó faoin Acht agus go bhfuil an stoc-shealbhóir ina dhuine atá ag seoladh gnótha arb é atá ann, go hiomlán nó go páirteach, tráchtáil urrús, ansin, má thugann an stoc-shealbhóir don chigire cánach, tráth nach déanaí ná deireadh na bliana measúnuithe díreach i ndiaidh na bliana measúnuithe ina dtitfidh an dáta fuascailte, fógra i scríbhinn gur mian leis go ndeighleálfaí leis amhlaidh, deighleálfar leis, chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim, amhail is gur athraigh sé a infheistíocht ar an dáta fuascailte ach, mura dtuga sé aon fhógra den tsórt sin, deighleálfar leis chun na gcríocha sin, an uair sin agus ina dhiaidh sin, amhail is nár athraigh sé a infheistíocht, agus sa chás sin déanfar an fáltas as aon réadú ina dhiaidh sin ar an iomlán, nó ar aon chuid, den tsealbhán san iasacht nua (agus measfar, chun críocha na forála seo, go bhfolaíonn an sealbhán sin aon stoc a bheas eisithe mar bhónas i leith an chomhshó), maraon le haon chomaoin bhreise, nó leis an gcuid iomchuí d'aon chomaoin bhreise, a bheas faighte aige i ndáil leis an gcomhshó, d'áireamh mar fháltas as réadú ar iomlán an tsealbháin bhunaidh nó ar an gcuid iomchuí dhe.