18 1951


Uimhir 18 de 1951.


ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA, 1935 GO 1950. [17ú Iúil, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla.

1. —Athghairmtear leis seo Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1950 (Uimh. 13 de 1950) , agus in ionad ailt 1 de achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIas acht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , thar suim chaoga milliún punt.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1951 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1951, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, agus den Acht seo le chéile.