13 1952


Uimhir 13 de 1952.


AN tACHT CEARDCHUMANN, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FAIDITHE AR FEADH TRÉIMHSE EIGINNTE AR FHORÁLA AILT 2 DEN ACHT CEARDCHUMANN, 1947 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN.

[2ú Iúil, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1947.

1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt“Acht 1947”an t Acht Ceardchumann, 1947 (Uimh. 17 de 1947) .

Lá ceaptha.

2. —Is dleathach don Aire Tionscail agus Tráchtála, nuair is cuí leis é, lá (dá ngairmtear an lá ceaptha san Acht seo) a cheapadh, le hordú, ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

Alt 2 d'Acht 1947 d'fhaidiú.

3. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1947 trí thagairtí don tréimhse dár tosach dáta an Achta sin a rith agus dár críoch an lá ceaptha a chur in ionad tagairtí don tréimhse dár tosach dáta an Achta sin a rith agus dár críoch an 8ú lá d'Iúil, 1952, a cuireadh ann leis an Acht Ceardchumann, 1951 (Uimh. 14 de 1951) .

Orduithe láithreacha a choimeád i bhfeidhm.

4. —Gach ordú—

(a) a rinneadh faoi fho-alt (1) d'alt 2, nó a coimeádtar i bhfeidhm le halt 3, d'Acht 1947, agus

(b) a bheas i bhfeidhm an 8ú lá d'Iúil, 1952,

leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha mura gcúlghairmtear roimhe sin é.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht Ceardchumann, 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1952, a ghairm de na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1951, agus den Acht seo le chéile.