|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncaim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Dleachta Bais.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Custaim agus Mal. | |
[EN] |
Ile éadrom udrocarbóin mhianrúil. |
6. —(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc— |
[EN] | (a) i rith na tréimhse dár tosach an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus dár críoch an 16ú lá d'Aibreán, 1952, do réir scilling agus ocht bpingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 7 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), agus | |
[EN] | (b) amhail ar an 17ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus naoi bpingne go leith an galún in ionad an ráta a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar— | |
[EN] | (a) maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra i rith na tréimhse dár tosach an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus dár críoch an 16ú lá d'Aibreán, 1952, nó a úsáidfeas an monaróir sin i rith na tréimhse sin chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus sé pingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 7 den Acht Airgeadais, 1951 , agus | |
[EN] | (b) maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 17ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus seacht bpingne go leith an galún in ionad an ráta a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo. | |
[EN] |
Ile udrocarbóin. |
7. —(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ocht bpingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ). |
[EN] | (2) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (2) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta, é a lamháil, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ocht bpingne an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1951 . | |
[EN] | (3) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus sé pingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1951 . | |
[EN] | (4) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (4) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta agus ar ar híocadh an dleacht mháil a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo do réir scilling agus sé pingne an galún, é a lamháil do réir scilling agus sé pingne an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1951 . | |
[EN] |
Biotáille. |
8. —(1) Déanfar an Finance Act, 1920, arna leasú le halt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), a leasú, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, tríd an méid atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Finance Act, 1920, adúradh, in ionad an mhéid a cuireadh ann leis an alt sin 6, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, adúradh. |
[EN] | (2) Déanfar an dleacht mháil a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir ocht bpuint agus sé scillinge déag an galún (arna ríomh do réir phrofa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ). | |
[EN] | (3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachta custam breise ná ón dleacht mháil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a forchuireadh le halt 9 den Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , ná chun dochar ná difir a dhéanamh dhóibh. | |
[EN] |
Beoir—dleachta custam. |
9. —(1) In ionad na ndleacht custam a forchuireadh le fo-alt (1) d'alt 9 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le halt 6 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), déanfar, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, dleacht chustam do réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach agus na hullmhóidí eile go léir (pé acu giosáilte nó neamh-ghiosáilte dhóibh) dá samhail sin a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá: |
[EN] | (a) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, ocht bpuint tríochad agus ceithre scillinge déag; | |
[EN] | (b) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, cúig puint cheathrachad agus ocht scillinge. | |
[EN] | (2) Is ionad na dleachta custam a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , arna leasú le halt 6 den Acht Airgeadais, 1948 , déanfar, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, dleacht chustam a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an mbeoir go léir d'aon tsórt (seachas beoir is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear leis an bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo) a hallmhuireofar isteach sa Stát, do réir naoi bpuint, trí scillinge déag agus sé pingne ar gach sé ghalún tríochad beorach a raibh a foirt, roimh ghiosáil, de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad. | |
[EN] | (3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir allmhuirithe a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht a forchuirtear le ceachtar den dá fho-alt sin roimhe seo den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir naoi bpuint, trí scillinge déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad beorach ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh. | |
[EN] | (4) Más rud é, i gcás beorach is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear le fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beorach ar a bhfuil aistarraing faoi fho-alt (3) den alt seo iníoctha, nach ionann saindlús na beorach sin agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt sin (2) nó sa bhfo-alt sin (3) (pé acu is iomchuí), athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (pé acu é) go coibhneasach. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , maidir le ceachtar de na dleachta custam a forchuirtear leis an alt seo. | |
[EN] |
Beoir—dleachta máil. |
10. —(1) In ionad na dleachta máil a forchuireadh le halt 10 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le halt 7 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a grúdófar sa Stát an 3ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis sin, dleacht mháil do réir naoi bpuint agus trí scillinge déag ar gach sé ghalún tríochad foirte do shaindlús míle agus cúig gráid chaogad. |
[EN] | (2) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar mar mharsantas nó chun a húsáidte mar stóras loinge beoir a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht mháil a forchuirtear leis an alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir naoi bpuint, trí scillinge déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh. | |
[EN] | (3) I gcás beorach nach ionann a saindlús agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt iomchuí den alt seo, athrófar go coibhneasach an dleacht is inmhuirir nó an aistarraing is iníoctha (pé acu é) de bhun an ailt seo. | |
[EN] |
Méadú ar an lacáiste ar bheoir a grúdaíodh as arbhar a brachadh sa Stát. |
11. —Beidh éifeacht ag alt 41 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , arna leasú le halt 15 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), maidir le beoir a grúdaíodh sa bhliain dár tosach an 1ú lá d'Iúil, 1951, agus maidir le beoir a grúdófar in aon bhliain dár tosach aon 1ú lá d'Iúil ina dhiaidh sin amhail is dá mba thagairt do ráta puint agus deich scillinge an baraille caighdeánach an tagairt atá anois san alt sin, arna leasú amhlaidh, do ráta deich scillinge an baraille caighdeánach. |
[EN] |
Tobac. |
12. —(1) An dleacht chustam ar thobac a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , déanfar, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a bhfuil an dleacht sin inmhuirir dá réir anois de bhuaidh ailt 8 den Acht Airgeadais, 1948 (Uimh. 12 de 1948) . |
[EN] | (2) An dleacht mháil ar thobac a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgeadais, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , déanfar, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a bhfuil an dleacht sin inmhuirir dá réir anois de bhuaidh ailt 16 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) . | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 19 den Acht Airgeadais, 1934, agus ag fo-alt (5) de, faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, maidir le tobac is inchurtha faoi mhuirear na dleachta máil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin 19 do réir ráta a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus chun críche na feidhme sin forléireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3), (4) agus (5) den alt sin 19 do Chuid I den tSéú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1934, adúradh, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (4) An lacáiste ar thobac neamhmhonaraithe a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 20 den Acht Airgeadais, 1932, arna leasú le halt 18 den Acht Airgeadais, 1934, agus i bhfo-alt (5) d'alt 19 den Acht Airgeadais, 1934, is lacáiste do réir cúig pingne an punt a bheas ann amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach. | |
[EN] | (5) An lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), is lacáiste do réir naoi scillinge agus ocht bpingne an punt a bheas ann maidir le haon tobac den tsórt sin a dhíolfas aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfeas sé amach, chun a úsáidte sa Stát, ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis. | |
[EN] | (6) Maidir le tobac neamhmhonaraithe ag a mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, teideal de bhuaidh ailt 5 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) , chun na rátaí fábhair dleachta custam a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1949 , déanfar an dleacht chustam is inmhuirir air, ar é a sheachadadh as banna-stóras, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí i leith tobac neamhmhonaraithe a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ach gach ceann de na rátaí sin a laghdú an méid atá an comhráta a sonraítear sa Dara Sceideal sin a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1949 , faoi bhun an chomhráta a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1948 . | |
[EN] |
Tobac (dleacht mháil ar stoic áirithe). |
13. —(1) Faoi réir forál fo-ailt (2) den alt seo, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar na stoic tobac go léir de gach saghas atá, ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952, ar únaeracht nó ar seilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac in aon áit sa Stát seachas banna-stóras, dleacht mháil, is iníoctha ag an monaróir, do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:— |
[EN] | (a) a mhéid is tobac neamhmhonaraithe atá sna stoic, aon scilling déag ar gach punt meáchain de na stoic, agus | |
[EN] | (b) a mhéid is tobac (lena n-áirítear snaois), seachas tobac neamhmhonaraithe, atá sna stoic, aon scilling déag ar gach punt meáchain de thobac neamhmhonaraithe as a dtáinig na stoic, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (2) Ní bheidh an dleacht a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois, seachas snaois chosamair) a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh sé, ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952, lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic agus— | |
[EN] | (i) nár thoradh é ar aon oibríocht a rinne monaróir ar bith a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige an uair sin; nó | |
[EN] | (ii) go raibh sé ar seilbh an uair sin mar stoc mionreaca in áitreabh a bhí á úsáid chun tobac a dhíol ar mionreic; nó | |
[EN] | (iii) go raibh sé an uair sin i gcúrsa turais ó dhíoltóir go dtí ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin: | |
[EN] | Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic más rud é go raibh sé, i ngnáthchúrsa gnótha an duine a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige nó i gcúrsa turais chuige, le cur faoi phróis éigin eile fós (seachas pacáil) sara ndíolfadh sé é. | |
[EN] | (3) Bhéarfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, tráth nach déanaí ná an 9ú lá d'Aibreán, 1952, tuairisceán do na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a cheadóid ag tabhairt pé eolais dóibh a iarrfas siad sa bhfoirm sin agus, go háirithe, ag insint na gcainníocht tobac de gach saghas, do réir meáchain, a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952, in aon áit sa Stát seachas banna-stóras. | |
[EN] | (4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac— | |
[EN] | (a) na leabhair trádála agus gach cuntas agus doiciméad is leis an monaróir sin nó atá ina sheilbh, agus is gá chun an tuairisceán d'fhíoradh a thug sé de bhun fo-ailt (3) den alt seo, a thabhairt ar aird, má hiarrtar sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil, agus | |
[EN] | (b) gach cabhair réasúnach a thabhairt don oifigeach sin chun cuntas a ghlacadh ar an tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952. | |
[EN] | (5) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, láithreach tar éis an tuairisceán is gá do réir fo-ailt (3) den alt seo a thabhairt nó ar an 9ú lá d'Aibreán, 1952, pé acu is luaithe, suim iomlán na dleachta a luaitear san alt seo d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar aon tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952, agus a bhí inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá d'Eanáir, 1953, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin. | |
[EN] | (6) Gach monaróir a gceanglaítear air le fo-alt (3) den alt seo tuairisceán a thabhairt den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin agus nach dtabharfaidh an tuairisceán sin, nó a bhéarfas tuairisceán a bheas neamh-iomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneos nó a dhiúltós aon ní a dhéanamh a gceanglaítear air le fo-alt (4) den alt seo é a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachta a bhaineas le dleachta máil agus in aghaidh gach ciona den tsórt sin dlífear pionós máil caoga punt a chur air agus forghéillfear an tobac go léir a ndearnadh an cion sin maidir leis. | |
[EN] |
Deireadh leis an dleacht shiamsa i leith ildamhsa nó rince. |
14. —(1) Ar an 1ú lá de Lúnasa, 1952, agus dá éis, ní déanfar an dleacht mháil ar a dtugtar dleacht shiamsa in alt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochta as dul isteach go dtí aon ildamhsa nó rince. |
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo, amhail ar an 1ú lá de Lúnasa 1952, agus ón lá sin amach, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ). | |
[EN] |
Luach earraí a hallmhuireofar. |
15. —(1) (a) Chun críche aon achtacháin (pé acu in Acht nó in Ordú dhó) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus faoina bhfuil dleacht chustam inmhuirir ar earraí do réir a luacha, is é is luach d'aon earraí allmhuirithe, pé acu atá nó nach bhfuil foráil shonrach eile ann ina thaobh, an luach atá leagtha síos sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus íocfar dleacht ar an luach sin: |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás earraí a hallmhuireofar faoi chonradh díolacháin agus a taifeadfar chun a n-úsáidte sa Stát, go measfar dleacht a bheith íoctha ar an luach sin más rud é, sara seachadfar na hearraí chun a n-úsáidte sa Stát, go dtairgfear agus go nglacfar dleacht ar luach dearbhaithe atá bunaithe ar an bpraghas conartha. | |
[EN] | (b) Is é is luach freisin d'aon earraí allmhuirithe ar gá thairis sin luacháil a dhéanamh orthu, chun críche aon achtacháin (pé acu in Acht nó in Ordú dhó) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhaineas leis na custaim, an luach atá leagtha síos sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, mura bhfuil foráil shonrach eile ann ina thaobh. | |
[EN] | (2) Chun críche an choinníll a ghabhas le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) is é is luach dearbhaithe d'aon earraí a luach mar dhearbhós an t-allmhuiritheoir é, nó mar dearbhófar thar a cheann é, le linn na hearraí a thaifeadadh chun a n-úsáidte sa Stát; | |
[EN] | (b) measfar an luach sin a bheith bunaithe ar an bpraghas conartha i gcás (agus sa chás sin amháin) go léiríonn sé an praghas sin agus é coigeartaithe go cuí chun imthosca a thabhairt i gcuntas a dheighleas an conradh ó chonradh díolacháin den tsórt atá i dtrácht sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo; | |
[EN] | (c) is é ráta malairte a húsáidfear chun cothrom aon airgeadra choigríche in airgeadra na hÉireann a chinneadh an ráta díola sa Stát ar an dáta a taifeadtar na hearraí chun a n-úsáidte sa Stát. | |
[EN] | (3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fhorála na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, agus go háirithe chun a cheangal ar aon allmhuiritheoir nó aon duine eile a bhfuil baint aige le hallmhuiriú earraí pé eolas, is gá dar leis na Coimisinéirí Ioncaim chun luacháil chóir a dhéanamh ar na hearraí, a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i pé foirm a ordóid, agus aon leabhair chuntais nó doiciméid eile d'aon tsórt a thabhairt ar aird a bhaineas le ceannach, allmhuiriú nó díol na n-earraí ag an duine sin. | |
[EN] | (4) Má sháraíonn aon duine aon rialachán a bheas déanta faoi fho-alt (3) den alt seo, nó má dhiúltaíonn sé nó má mhainníonn sé é a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós custam caoga punt a chur air. | |
[EN] |
Earraí a hallmhuireofar a scaoileadh isteach. |
16. —(1) Aon uair nach mbeidh sé so-fhionnta láithreach an bhfuil aon dleacht chustam iníoctha, nó cén dleacht chustam atá iníoctha, i leith aon earraí allmhuirithe a taifeadfar chun a n-úsáidte sa Stát, pé acu ar a n-allmhuiriú nó as stóras é, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, a cheadú na hearraí a sheachadadh gan an dleacht d'íoc, ar an allmhuiritheoir nó a ghníomhaire do thabhairt urrúis go n-íocfar an dleacht, trí airgead a thaisceadh nó ar shlí eile, chun a sástachta. |
[EN] | (2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a mheas gur taifeadadh earraí chun a n-úsáidte sa Stát d'ainneoin gan na sonraí go léir is gá le haghaidh taifeadta iomláin a bheith sa taifead má bhíonn an méid de na sonraí sin ann is eol an uair sin don allmhuiritheoir nó dá ghníomhaire, agus sa chás sin bhéarfaidh an t-allmhuiritheoir nó a ghníomhaire na sonraí eile do na Coimisinéirí Ioncaim a luaithe is féidir. | |
[EN] | (3) Má ceadaítear earraí a sheachadadh faoin alt seo, bhéarfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra don allmhuiritheoir nó dá ghníomhaire, nuair a bheas suim na dleachta is iníoctha cinnte acu, ag sonrú na suime sin, agus measfar, faoi réir forál fo-ailt (4) den alt seo, gurb í an tsuim sin an dleacht chuí is iníoctha, agus íocfar an tsuim sin nó, má taisceadh airgead faoi fho-alt (2) den alt seo, íocfar pé suim bhreise is gá nó aisíocfar pé suim is gá. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag ailt 30 agus 31 den Customs Consolidation Act, 1876 (a bhaineas le díospóidí i dtaobh dleacht custam) maidir leis an tsuim a bheas sonraithe i bhfógra den tsórt adúradh amhail is dá ndéantaí, ar dháta an fhógra, na hearraí a sheachadadh faoin alt sin 30 ar an tsuim sin a thaisceadh. | |
[EN] | Ar choinníoll, murar taisceadh aon tsuim faoi fho-alt (1) den alt seo nó más 1ú an tsuim a taisceadh faoi ná an tsuim a bheas sonraithe sa bhfógra, nach féidir imeachta a thionscnamh do réir an ailt sin 30, chun a fhionnadh an bhfuil aon dleacht iníoctha, nó cén dleacht atá iníoctha, ar na hearraí, go dtí go mbeidh an tsuim a bheas sonraithe sa bhfógra, nó an difríocht idir an tsuim sin agus an tsuim a taisceadh amhlaidh, pé acu é, íoctha, agus ní lamhálfar aon ús faoin alt sin 31 i leith aon tréimhse roimh íoc na suime sin nó na difríochta sin, pé acu é. | |
[EN] | (5) Más rud é go ndéanfar earraí a seachadadh as stóras chun a n-aistrithe faoi bhanna, lena n-athstórasú, a sheachadadh faoin alt seo gan iad d'athstórasú, is í dleacht is iníochta ar na hearraí, d'ainneoin aon ní in alt 9 den Finance Act, 1900 (alt arna leasú le halt 3 den Finance Act, 1911, a fhorálas gurb í dleacht is iníoctha an dleacht is inmhuirir ar dháta na dleachta d'íoc), an dleacht is inmhuirir ar dháta an urrúis a thabhairt faoin alt seo. |