|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UCHTÁLA, 1952) | Ar Aghaidh (CUID II. Orduithe Uchtála.) |
AN tACHT UCHTÁLA, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Uchtála, 1952 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú. |
[EN] |
Mínithe. |
3. —San Acht seo— |
[EN] | ordú uchtála. |
ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9; |
[EN] | an Bord |
ciallaíonn “an Bord” an comhlucht a bunaítear le halt 8; |
[EN] | leanbh. |
ciallaíonn “leanbh” (ach amháin mar a n'éilíonn an comh. théacs a mhalairt) aon duine faoi bhun bliain agus fiche d'aois; |
[EN] | caomhnóir. |
ciallaíonn “caomhnóir”, maidir le leanbh, duine a ceapadh, do réir dlí, chun bheith ina chaomhnóir ar phearsa an linbh, le gníomhas nó le huacht nó le hordú ó chúirt dlínse inniúla; |
[EN] | ordú eatraimh, |
ciallaíonn “ordú eatraimh” ordú faoi alt 17; |
[EN] | an tAire. |
ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; |
dílleachta. |
ciallaíonn “dílleachta” leanbh a bhfuil a thuismitheoirí marbh; | |
tuismitheoir. |
ní fholaíonn “tuismitheoir” athair nádúrtha linbh neamhdhlisteanaigh; | |
ordú. |
ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacha faoi alt 5; | |
cumann uchtála cláraithe. |
ciallaíonn “cumann uchtála cláraithe” comhlucht daoine atá taifeadta sa Chlár de Chumainn Uchtála; | |
gaol. |
ciallaíonn “gaol” seanathair nó seanmháthair, deartháir, deirfiúr, uncal nó aintín, lánfhola nó leathfhola nó ó chleamhnas, agus is de thaobh na máthar amháin a déanfar gaolmhaireacht le leanbh neamhdhlisteanach a chomhaireamh. | |
[EN] |
Comhshocraíochta a dhéanamh chun leanbh d'uchtáil. |
4. —San Acht seo forléireofar tagairtí do chomhshocraíochta a dhéanamh chun leanbh d'uchtáil mar thagairtí a fholaíos tagairtí do na nithe seo a leanas:— |
[EN] | (a) aon chomhaontú nó comhshocraíocht a dhéanamh chun, nó mar éascú chun, an leanbh dá uchtáil nó dá chothabháil ag aon duine, agus | |
[EN] | (b) aon iomairle a thionscnamh, nó páirt a ghlacadh in aon iomairle, arb é is críoch nó éifeacht di aon chomh aontú nó comhshocraíocht den tsórt sin a dhéanamh, agus | |
[EN] | (c) a thabhairt ar dhuine eile aon iomairle den tsórt sin a thionscnamh nó páirt a ghlacadh inti. | |
[EN] |
Rialacha. |
5. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh chun a nós imeachta a rialú nó i dtaobh aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní ordaithe. |
[EN] |
Cionta ag comhluchta corpraithe. |
6. —Má dhéanann comhlucht corpraithe aon chion faoin Acht seo agus go gcruthófar gur héascaíodh é a dhéanamh trí aon fhaillí ag aon duine ba stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlucht corpraithe, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion agus féadfar imeachta a bhunú ina choinne agus é a phionósú dá réir. |
[EN] |
Caiteachais. |
7. —Na caiteachais faoina raghaidh Aire Stáit nó an Bord ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |