4 1953


Uimhir 4 de 1953.


AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA n ACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 AGUS 1948. [18ú Márta, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 ( Uimh. 37 de 1936 ).

Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú.

2. —(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú caoga faoin gcéad.

(2) Tosnóidh méadú faoin alt seo amhail ón lú lá d'Eanáir, 1953.

(3) Baineann an t-alt seo—

(a) le pinsean seirbhíse is iníoctha faoin bPríomh-Acht, agus

(b) le pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh.

Fionraí d'fhorceannadh.

3. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus ón lá sin amach.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1953, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1953, a ghairm den na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 agus 1948, agus den Acht seo le chéile.