6 1953


Uimhir 6 de 1953.


ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA dTITHE (GAELTACHT), 1929 go 1949. [18ú Márta, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1929” Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) ;

ciallaíonn “Acht 1949” Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1949 (Uimh. 4 de 1949) .

(2) Forléireofar mar aon ní amháin Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1949, agus an tAcht seo.

Alt 7 d'Acht 1929 a leasú.

2. —Déantar leis seo alt 7 d'Acht 1929 (a shonraíos srianta le deontais a dheonadh) a leasú—

(a) trí “nó inar deonadh deontas ina chóir aon uair laistigh de sheacht mbliana roimh an Acht seo a rith”, agus “nó faoi aon-Acht Briotáineach” a scrios as fo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (1) :

“(1A) Ní deonfar aon deontas feabhsúcháin faoin Acht seo i gcóir tí chónaithe i rith na tréimhse de sheacht mbliana tar éis deontas tógála nó deontas feabhsúcháin a dheonadh i gcóir an tí chónaithe chéanna.”

Deontais sláintíochta agus deontais i leith méaduithe speisialta.

3. —(1) Déantar leis seo alt 3 d'Acht 1929 (a shonraíos na deontais i gcóir tithe cónaithe) a leasú trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis :

“(3) Más deimhin leis an Aire tigh cónaithe sa Ghaeltacht a bheith ar staid go mba cheart soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach ann, féadfaidh an tAire, faoi réir forál an Achta seo agus na rialachán a dhéanfas an tAire faoi, deontas (dá ngairmtear deontas sláintíochta san Acht seo) nach mó ná caoga punt a dheonadh d'áititheoir an tí chónaithe sin chun sin a chur ar fáil agus a chur isteach.

(4) Más rud é—

(a) gur deimhin leis an Aire gurb inmholta méadú, le haghaidh cóiríochta do chuairteoirí, a dhéanamh ar thigh cónaithe sa Ghaeltacht, agus

(b) go bhfuil soláthar uisce agus saoráidí séarachais is leor leis an Aire curtha isteach cheana nó á gcur isteach sa tigh cónaithe sin,

féadfaidh an tAire, faoi réir forál an Achta seo agus na rialachán a deanfar faoi, deontas (dá ngairmtear deontas i leith méaduithe speisialta san Acht seo) nach mó ná ochtó punt a dheonadh d'áithitheoir an tí chónaithe sin chun an méadú sin a dhéanamh.”

(2) Déantar leis seo alt 8 d'Acht 1929 (a bhaineas le hiasachta i dteannta deontas) a leasú trí “(nach deontas sláintíochta)” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “deontas faoin Acht seo”.

(3) Déantar leis seo alt 16 d'Acht 1929 (a bhaineas le rialacháin) a leasú trí “deontais sláintíochta, deontais i leith méaduithe speisialta” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) i ndiaidh “deontais feabhsúcháin”.

(4) Féadfar deontas a dheonadh faoi fho-alt (3) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) d'alt 3 d'Acht 1929 chun soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach má tosnaíodh air sin roimh an Acht seo a rith, ar choiníoll gur ar an 29ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis sin, a tosnaíodh air.

(5) Is deontas iomchuí do réir bhrí agus chun críocha Achta na dTithe (Leasú), 1952 ( Uimh. 16 de 1952 ), deontas a rinneadh faoi fho-alt (3) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) d'alt 3 d'Acht 1929, agus chun críocha an fho-ailt seo, má híocadh an chéad tráthchuid de dheontas, measfar gur ar dháta na híocaíochta sin a deonadh an deontas.

Alt 2 d'Acht 1949 d'athghairm.

4. —Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht 1949 (a shonraíos an tórainn le méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht).

Alt 3 (1) d'Acht 1949 a leasú.

5. —Déantar leis so fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1949 (a bhaineas leis na tóranna le méideanna na ndeontas tógála agus feabhsúcháin) a leasú—

(I) trí “(nach deontas sláintíochta ná deontas i leith méaduithe speisialta)” a chur isteach i ndiaidh “deontais aonair”, agus

(II) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míre (b) :

“(b) i gcás deontais feabhsúcháin nach bhfuil faoi réim míre (c) den fho-alt seo—ochtó punt,

(c) i gcás deontais feabhsúcháin a híocadh go hiomlán an 29ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis sin (nach deontas a ceadaíodh agus a cuireadh in iúl don iarratasóir roimh an lá sin agus a deonadh i leith feabhsuithe nó méaduithe a tosnaíodh roimh an lá sin)—

(i) maidir le tigh cónaithe ina mbeidh trí sheomra ar an bhfeabhsú nó an méadú a bheith críochnaithe—ochtó punt,

(ii) maidir le tigh cónaithe ina mbeidh ceithre sheomra ar an bhfeabhsú nó an méadú a bheith críochnaithe—céad punt, agus

(iii) maidir le tigh cónaithe ina mbeidh cúig sheomra nó níos mó ar an bhfeabhsú nó an méadú a bheith críochnaithe— céad agus fiche punt.”

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1953, a ghairm d' Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1949, agus den Acht seo le chéile,