8 1953


Uimhir 8 de 1953.


AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA GHRAÍ NÁISIÚNTA, 1945. [25ú Márta, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Graí Náisiúnta, 1945 (Uimh. 31 de 1945) .

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Scair-chaipiteal na Cuideachtan a mhéadú.

2. —Méadaítear leis seo scair-chaipiteal na Cuideachtan go dtí cúig céad míle punt, agus dá réir sin beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht ach tagairt don tsuim sin a chur in ionad na tagairte do dhá chéad agus caoga míle punt.

Cuntais stoic fholaíochta.

3. —Coimeádfaidh an Chuideachta, i pé foirm agus ar pé slí a ordós an tAire Talmhaíochta ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, cuntais a thaispeánfas an teacht isteach as eisiúint scair-chaipitil chun stoc folaíochta a cheannach agus na fáltais as aon stoc folaíochta a dhíol maraon leis an modh ar ar húdáideadh an t-airgead sin.

Athghairm.

4. —Athghairmtear leis seo alt 26 den Príomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht Graí Náisiúnta, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Graí Náisiúnta, 1945 agus 1953, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.