12 1953


Uimhir 12 de 1953.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AILT 25 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1925. [1ú Aibreán, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Míniú.

1. —San Acht seo tá leis an abhairt “údarás bóthar” an bhrí atá léi in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ).

Alt 25 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, a leasú.

2. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 25 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , nó in aon achtachán eile, cumhachtaítear leis seo d'údarás bóthar a dhearbhú gur bóthar poiblí aon bhóthar a bhfuil ceart slí poiblí air ag lucht siúil, ag ainmhithe agus ag feithiclí agus nach bóthar poiblí, más deimhin leis an údarás bóthar sin gur bóthar é a fhónas don phobal i gcoitinne, agus gach bóthar a ndearbhófar amhlaidh é a bheith ina bhóthar poiblí beidh sé ina bhóthar poiblí chun gach críche ar an dearbhú sin a dhéanamh.

(2) Mí ar a laghad sara ndéanfaid aon dearbhú den tsórt a luaitear sa bhfo-alt roimhe seo, foilseoidh an t-údarás bóthar, i dhá nuachtán ar a laghad a léitear ina líomatáiste feidhmiúcháin, fógra go bhfuil ar intinn acu déanamh an dearbhuithe sin a bhreithniú agus beidh sa bhfógra sin pé sonraí a bheas ordaithe.

(3) Beidh déanamh dearbhuithe faoi fho-alt (1) den alt seo nó faoi fho-alt (1) d'alt 25 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , ina fheidhm fhorcoimeádta do réir bhrí na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1953, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.