Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Leasuithe an Dara Sceideal a Ghabhas Le hAcht 1934.)

25 1953


Uimhir 25 de 1953.


AN tACHT UM CHÚITEAMH DO LUCHT OIBRE (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTACHÁN A BHAINEAS LE CÚITEAMH D'OIBRITHE I nDÍOBHÁLA A THARLA DHÓIBH I gCÚRSA A bhFOSTAÍOCHTA. [12ú Lúnasa, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Achta 1897 agus 1900” na Workmen's Compensation Acts, 1897 and 1900;

ciallaíonn “Acht 1906” an Workmen's Compensation Act, 1906;

ciallaíonn “Acht 1934” an t Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) ;

ciallaíonn “Acht 1948” an t Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre (Leasú), 1948 (Uimh. 23 de 1948) ;

folaíonn na tagairtí d'íocaíocht sheachtainiúil mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900 nó faoi Acht 1906 tagairtí d'aon tsuim is iníoctha faoi alt 14 d'Acht 1934 nó faoi alt 3 d'Acht 1948.

An lá ceaptha.

2. —Féadfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo, agus san Acht seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a ceapfar amhlaidh.

Liúntais fhorlíontacha d'oibrithe atá i dteideal íocaíochtaí seachtainiúla faoi Achta 1897 agus 1900, faoi Acht 1906 nó faoi Acht 1934.

3. —(1) Má bhíonn oibrí fireann i dteideal íocaíochta seachtainiúla mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900, nó faoi Acht 1906 nó faoi Acht 1934 i leith aon tseachtaine dár tosach an lá ceaptha nó aon lá dá éis, beidh teideal aige i leith na seachtaine sin, pé acu roimh an lá ceaptha nó air nó dá éis a tharla an tionóisc is cúis leis an gcúiteamh—

(a) má tá bean chéile aige a bhí pósta leis tráth na tionóisce, chun liúntais fhorlíontaigh ina haghaidh do réir ráta nach mó ná dhá scilling déag sa tseachtain, agus

(b) má tá leanbh nó leanaí aige faoi bhun cúig bliana déag d'aois—

(i) mura bhfuil ach leanbh amháin den tsórt sin ann, chun liúntais fhorlíontaigh in aghaidh an linbh sin do réir ráta nach mó ná seacht scillinge sa tseachtain,

(ii) má tá beirt leanaí den tsórt sin ann agus gan ann ach an bheirt, chun liúntais fhorlíontaigh in aghaidh gach linbh acu sin do réir ráta nach mó ná seacht scillinge sa tseachtain,

(iii) má tá triúr leanaí nó níos mó den tsórt sin ann, chun liúntais fhorlíontaigh in aghaidh gach duine den bheirt is sine de na leanaí sin do réir ráta nach mó ná seacht scillinge sa tseachtain.

(2) Más íocaíocht sheachtainiúil i leith éagumais iomláin i nó más ionann í agus an méid dob iníoctha leis an oibrí i gcás éagumais iomláin de dheasca na díobhála, is é a bheas in aon liúntas den tsórt sin an liúntas uasta a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus in aon chás eile beidh idir é agus an liúntas uasta an coibhneas céanna a bheas idir an íocaíocht sheachtainiúil agus méid na híocaíochta seachtainiúla dob iníoctha leis an oibrí i gcás éagumais iomláin.

(3) Ní bheidh méid iomlán na liúntas forlíontacha is iníoctha i leith aon íocaíochta seachtainiúla níos mó ná pé suim a chomhdhéanfadh, i dteannta na híocaíochta seachtainiúla sin—

(a) i gcás éagumais iomláin, seachtó is cúig faoin gcéad de mheántuilleamh seachtainiúil an oibrí roimh an tionóisc, nó

(b) i gcás páirt-éagumais, ochtó faoin gcéad den difríocht idir meántuilleamh seachtainiúil an oibrí roimh an tionóisc agus meán-tsuim sheachtainiúil an oibrí tar éis na tionóisce.

Sa bhfo-alt seo tá an bhrí chéanna le “meántuilleamh seachtainiúil roimh an tionóisc” agus “meán-tsuim sheachtainiúil tar éis na tionóisce” atá leo sa Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934, ach—

(i) i gcás méid na híocaíochta seachtainiúla a mhéadú de dhroim athbhreithnithe faoi fho-alt (2) d'alt 25 d'Acht 1934, forléireofar “meántuilleamh seachtainiúil roimh an tionóisc” mar thagairt don tsuim sheachtainiúil ba dhócha a bheith á tuilleamh ag an oibrí ar dháta an athbhreithnithe dá mba nár tharla díobháil dó,

(ii) i gcás méid na híocaíochta seachtainiúla d'athrú de dhroim athbhreithnithe faoi fho-alt (3) d'alt 25 d'Acht 1934, forléireofar “meántuilleamh seachtainiúil roimh an tionóisc” mar thagairt don mheántuilleamh seachtainiúil a bheadh ag an oibrí i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh an tionóisc dá mba iad na rátaí luach saothair a bhí ann sa dá mhí dhéag roimh an athbhreithniú a bheadh ann sa dá mhí dhéag roimh an tionóisc,

(iii) i gcás méid na híocaíochta seachtainiúla a shocrú de bhun míre (i) d'fho-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1948, forléireofar “meántuilleamh seachtainiúil roimh an tionóisc” mar thagairt don tsuim sheachtainiúil ba dhócha a bheith á tuilleamh ag an oibrí ar dháta éisteachta na n-imeacht dá mba nár tharla díobháil dó, agus

(iv) i gcás méid na híocaíochta seachtainiúla a shocrú de bhun míre (ii) d'fho-alt (2) d'alt 7 d'Acht 1948, forléireofar “meántuilleamh seachtainiúil roimh an tionóisc” mar thagairt don mheántuilleamh seachtainiúil a bheadh ag an oibrí i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh an tionóisc dá mba iad na rátaí luach saothair a bhí ann sa dá mhí dhéag roimh éisteacht na n-imeacht a bheadh ann sa dá mhí dhéag roimh an tionóisc.

(4) Measfar na liúntais fhorlíontacha a bheith ina gcuid den íocaíocht sheachtainiúil sin chun gach críche agus dá réir sin beid iníoctha ag an bhfostóir a dhlífeas an íocaíocht sheachtainiúil a dhéanamh, ach má déantar iarratas chun na Cúirte Cuarda maidir le fuascailt na híocaíochta seachtainiúla, ansin, i gcás inar buan don eagumas chomh maith le cás nach buan don éagumas, is é a bheas sa chuid den chnapshuim is inchurtha i leith liúntais fhorlíontaigh pé méid a chinnfeas an Chúirt.

(5) I gcás inar gá chun críocha aon achtacháin acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) fo-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1906,

(b) fo-alt (5) d'alt 20 d'Acht 1934, agus

(c) ailt 107 agus 209 den Companies (Consolidation) Act, 1908,

an chnapshuim a dhéanamh amach ar a bhféadfaí aon íocaíocht sheachtainiúil a bhfuil liúntas forlíontach ina chuid di d'fhuascailt, beidh éifeacht ag na hachtacháin sin faoi réir forál fo-ailt (4) den alt seo.

(6) Aon oibrí a bhfuil teideal aige chun dhá íocaíocht sheachtainiúla chomhthráthacha nó níos mó, beidh teideal aige chun liúntas forlíontacha i leith gach íocaíochta seachtainiúla ar leith, ach—

(a) ní bheidh comhshuim na liúntas sin níos mó ná na liúntais uasta a sonraítear faoi seach i mír (a) agus i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, agus

(b) i gcás ina mbeadh, mura mbeadh an fhoráil seo, an chomhshuim níos mó ná na liúntais uasta sin agus nach ag an duine céanna atá na híocaíochtaí seachtainiúla go léir iníoctha, ní dlífear de na daoine éagsúla a dhlífeas na híocaíochtaí seachtainiúla adúradh a dhéanamh ach amháin pé liúntais d'íoc a mbeidh idir iad agus na liúntais uasta sin na coibhneasa céanna a bheas idir a n-íocaíochtaí seachtainiúla faoi seach agus comhshuim na n-íocaíochtaí seachtainiúla.

(7) An liúntas forlíontach in aghaidh a mhná céile is iníoctha le hoibrí a bhfuil teideal aige chun íocaíochta seachtainiúla mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900 nó faoi Acht 1906, is do réir an ráta uasta a sonraítear i mír (a) d'fho alt (1) den alt seo a bheas sé d'ainneoin aon fhorála eile den alt seo.

(8) Má ghlac oibrí íocaíocht sheachtainiúil nach bhfuil liúntas forlíontach ina chuid dí nó a bhfuil liúntas forlíontach is lú ná an liúntas forlíontach uasta ina chuid di, ní bheidh teideal aige chun aon íocaíochta breise mar liúntas forlíontach i leith aon tseachtaine mura ndéantar an t-éileamh ar an íocaíocht sin laistigh de shé mhí i ndiaidh deireadh na seachtaine sin.

(9) San alt seo ciallaíonn “leanbh”, maidir le hoibrí fireann a bhfuil teideal aige chun íocaíochta seachtainiúla,

(a) aon leanbh dlisteanach nó neamhdhlisteanach a rugadh dó tráth nach déanaí ná deich mí tar éis na tionóisce is cúis leis an gcúiteamh,

(b) aon leas-leanbh, is leanbh dlisteanach a raibh a mháthair pósta leis roimh an tionóisc, agus

(c) aon leanbh d'uchtaigh sé, nó d'uchtaigh sé féin agus a bhean chéile i gcomhar, roimh an tionóisc, de bhun orduithe uchtála á rinneadh faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952) .

Alt 5 (2) (a) d'Acht 1934 a leasú.

4. —(1) Déantar leis seo mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 5 d'Acht 1934, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1948, a leasú trí “sé chéad punt” a chur in ionad “chúig chéad punt”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú a déantar le fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chás más roimh an lá ceaptha a tharla an tionóisc.

Alt 53 d'Acht 1934 a leasú.

5. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 53 d'Acht 1934 trí “cé acu atá nó nach bhfuil an t-oibrí is páirtí sa chomhaontú árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) ” a chur in ionad “cé acu duine faoi árachas an t-oibrí is páirtí sa chomhaontú nó nach ea agus más duine faoi árachas é luafar san iarratas ainm agus seoladh an chumainn cheadaithe a riarann sochar breoiteachta nó mí-chumais faoi na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1933, is iníoctha leis an oibrí sin,”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 53 d'Acht 1934 trí “atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , an t-oibrí, ar an Aire Leasa Shóisialaigh” a chur in ionad “faoi árachas an t-oibrí, ar an gcumann ceadaithe lena mbaineann an scéal,”.

Alt 60 d'Acht 1934 a leasú.

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 60 d'Acht 1934 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—

“(6) I gcás lena mbaineann an t-alt seo—

(a) má ghlacann an t-oibrí cúiteamh faoin Acht seo, nó aon íocaíocht a airbheartós a bheith mar chúiteamh faoin Acht seo nó aon tsuim a híocfar faoi chomhaontú a cláraíodh go cuí faoi Chuid VI den Acht seo, ní choiscfidh sin ar an oibrí imeachta a chur ar aghaidh gan spleáchas leis an Acht seo, ar choinníoll go dtionscnófar na himeachta laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta na tionóisce do tharlachaint nó, má chruthaíonn an t-oibrí chun sástachta na Cúirte ina dtionscnófar na himeachta go raibh cúiseanna maithe nár thionscain sé na himeachta laistigh den dá mhí dhéag sin, laistigh de ceithre mhí fichead ó dháta na tionóisce do tharlachtaint, agus

(b) má tionscantar na himeachta amhlaidh agus go gcinnfear sna himeachta, nó de thoradh achomhairc, gur díobháil í a bhfuil an fostóir faoi dhliteanas maidir léi sna himeachta, bainfidh an Chúirt ina n-éistfear na himeachta nó, más cinneadh (tar éis achomhairc ó cheachtar páirtí) ag binse achomhairc an cinneadh, bainfidh an binse achomhairc sin, as na damáistí, na costais agus na caiteachais, aon chúiteamh, íocaíocht nó suim den tsórt sin a fuair an t-oibrí agus, i gcás ina raibh imeachta ann chun cúiteamh a ghnóthú faoin Acht seo, aon chostais agus caiteachais de chuid an fhostóra sna himeachta sin agus aon chostais agus caiteachais de chuid an oibrí iontu a thit ar an bhfostóir.”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú a déantar le fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chás más roimh an lá ceaptha a tharla an tionóisc.

Alt 61 d'Acht 1934 a leasú.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 61 d'Acht 1934 tríd an mír seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh míre (a):

“(aa) d'ainneoin aon ní sa mhír roimhe seo—

(i) má ghlacann an t-oibrí cúiteamh faoin Acht seo nó faoin scéim sin, nó aon tsuim a híocfar faoi chomhaontú a cláraíodh go cuí faoi Chuid VI den Acht seo, ní choiscfidh sin ar an oibrí na himeachta sin a chur ar aghaidh chun damáistí a ghnóthú, ná ní choiscfidh air damáistí a ghnóthú iontu, ar choinníoll go dtionscnófar na himeachta laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta na tionóisce do tharlachtaint nó, má chruthaíonn an t-oibrí chun sástachta na Cúirte ina dtionscnófar na himeachta go raibh cúiseanna maithe nár thionscnain sé na himeachta laistigh den dá mhí dhéag sin, laistigh de cheithre mhí fichead ó dháta na tionóisce do tharlachtaint, agus

(ii) má tionscantar na himeachta amhlaidh agus go gcinnfear sna himeachta, nó de thoradh achomhairc, gur díobháil í a bhfuil an cosantóir faoi dhliteanas maidir léi sna himeachta, bainfidh an Chúirt ina n-éistfear na himeachta nó, más cinneadh (tar éis achomhairc ó cheachtar páirtí) ag binse achomhairc an cinneadh, bainfidh an binse achomhairc sin, as na damáistí, na costais agus na caiteachais, aon chúiteamh nó suim den tsórt sin a fuair an t-oibrí agus, i gcás ina raibh imeachta ann chun cúiteamh a ghnóthú faoin Acht seo nó faoin scéim sin, aon chostais agus caiteachais de chuid an fhreagróra sna himeachta sin agus aon chostais agus caiteachais de chuid an oibrí iontu a thit ar an bhfreagróir sin,”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú a déantar le fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chás más roimh an lá ceaptha a tharla an tionóisc.

An Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1934 a leasú.

8. —(1) Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1934 a leasú do réir an Sceidil a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 22 d'Acht 1934 trí “dhá chéad déag punt” a chur in ionad “sé chéad punt”.

(3) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe a déantar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo in aon chás más roimh an lá ceaptha a tharla an tionóisc.

Eagumas a fhillfeas.

9. —(1) D'ainneoin aon riail dlí nó aon ní atá in Acht 1934, más dóigh leis an gCúirt, le linn éisteachta éilimh ar chúiteamh faoi Acht 1934 nó iarratais faoi alt 25 d'Acht 1934 ar íocaíocht sheachtainiúil d'athbhreithniú, go bhfuil deireadh leis an éagumas a tháinig den díobháil a tharla don oibrí ach go bhfuil cosúlacht réasúnach ann go bhfillfidh sé, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh ina mbeidh dearbhú sa chéill sin agus ina bhforcoimeádfar cead don oibrí agus don fhostóir á iarraidh ar an gCúirt an t-ordú sin d'athbhreithniú.

(2) Más dóigh leis an gCúirt, le linn iarratas d'éisteacht chun ordú faoi fho-alt (1) den alt seo d'athbhreithniú, go bhfuil an t-éagumas a tháinig den díobháil a tharla don oibrí tar éis filleadh, féadfaidh an Chúirt déileáil leis an iarratas amhail is dá mb'éileamh é ar chúiteamh faoi Acht 1934 agus chun na críche sin féadfaidh sí a mheas gurb é an lá d'fhill an t-éagumas sin an lá a tharla an díobháil sin don oibrí.

Ceanglais maidir le heolas a thabhairt.

10. —(1) (a) Aon fhostóir a ndéanfar éileamh ar liúntais fhorlíontacha ina choinne faoin Acht seo, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an oibrí dearbhú a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe ina mbeidh pé eolas is gá chun críocha an Achta seo maidir le haon bhean chéile nó leanaí a bhfuil aon liúntais á n-éileamh ina haghaidh nó ina n-aghaidh, agus maidir le haon íocaíocht sheachtainiúil eile mar chúiteamh faoi Achta 1897 agus 1900, faoi Acht 1906 nó faoi Acht 1934, agus le haon liúntais fhorlíontacha is iníoctha ina leith, a bhfuil teideal ag an oibrí chuici nó chucu.

(b) Aon fhostóir a dhlífeas liúntais fhorlíontacha d'íoc faoin Acht seo, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an oibrí, ar aon ócáid a bheas na liúntais fhorlíontacha dlite, dearbhú a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe ina mbeidh pé eolas is gá chun a chumasú don fhostóir a fháil amach ar tharla aon athrú ábhartha ar na himthosca.

(c) Má mhainníonn an t-oibrí, gan cúis réasúnach, an dearbhú a dhéanamh laistigh den cheithre lá déag ó dháta aon fhógra faoin bhfo-alt seo a sheirbheáil, déanfar a cheart chun na liúntas d'fhionraí amhail ó dheireadh na tréimhse sin go dtí go ndéanfar an dearbhú agus ní bheidh aon liúntais iníoctha in aghaidh tréimhse na fionraíochta.

(2) Aon duine a dhéanfas go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach d'fhonn liúntas forlíontach faoin Acht seo d'fháil dó féin nó d'aon duine eile nó d'fhonn méid aon liúntais den tsórt sin a mhéadú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile, agus i gcás inar híocadh, de dhroim aon ráitis nó uiríll bhréagaigh den tsórt sin a rinne an t-oibrí i scríbhinn nó a rinneadh amhlaidh go bhfios dó, aon liúntais den tsórt sin de bhreis ar na méideanna a raibh teideal chucu ag an oibrí, féadfaidh an fostóir a dhligh na liúntais d'íoc, gan dochar d'aon mhodh gnóthuithe eile, méid na breise a bhaint as aon liúntais a bheas le n-íoc ina dhiaidh sin.

(3) San alt seo ciallaíonn “ordaithe”ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Leasa Shóisialaigh.

Cruthú ar aois agus ar phósadh.

11. —(1) I gcás inar gá chun críocha an Achta seo aois nó pósadh aon duine a chruthú, beidh teideal ag duine ar bith, ar fhoréileamh i scríbhinn a thíolacadh i pé foirm agus pé sonraí ann a threorós an tAire Sláinte agus ar an táille cheaptha d'íoc, cóip dheimhnithe d'fháil de thaifead breithe nó pósta (do réir mar bheas) an duine sin sa chlár breitheanna nó póstaí (do réir mar bheas) faoi láimh an chláraitheora nó an chláraitheora mhaoirseachta nó an duine eile ar a bhfuil cúram an chláir sin, agus déanfaidh gach cláraitheoir breitheanna agus bása, agus gach cláraitheoir maoirseachta nó duine eile ar a bhfuil cúram an chláir, foirmeacha i gcóir an fhoréilimh sin a sholáthar in aisce nuair a hiarrfar iad.

(2) Féadfaidh an tAire Sláinte, le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh agus an Aire Airgeadais, táillí a cheapadh, le rialacháin, chun críocha an ailt seo agus féadfar táillí difriúla a cheapadh do dheimhnithe difriúla.

Scéimeanna faoi alt 79 d'Acht 1934.

12. —Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le hoibrithe ag a bhfuil teideal chun cúitimh faoi aon scéim a rinneadh faoi alt 79 d'Acht 1934, faoi réir pé oiriúnuithe, modhnuithe agus eisceachtaí atá sa scéim nó i scéim leasaitheach a rinneadh faoin alt sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

13. —(1) Féadfar an tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre (Leasú), 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1953, a ghairm de na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 agus 1948, agus den Acht seo le chéile.