|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SLÁINTE, 1953) | Ar Aghaidh (CUID III. Forais.) |
AN tACHT SLÁINTE, 1953
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte, 1953 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta Sláinte, 1947 agus 1953, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Ach amháin mar a foráltar a mhalairt go sonrach leis an Acht seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethe a ceapfear chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethe éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus d'fhorála éagsúla. |
[EN] |
An Príomh-Acht agus forléiriú an Phríomh-Achta agus an Achta seo. |
3. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947) . |
[EN] | (2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin. | |
[EN] | (3) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (2) den alt seo, déanfar aon tagairt sa Phríomh-Acht don Acht sin, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, d'fhorléiriú mar thagairt don Acht seo freisin. | |
[EN] |
Cosaint ghinearálta. |
4. —(1) Ní déanfar aon ní san Acht seo ná in aon ionstraim faoin Acht seo d'fhorléiriú mar ní a chuireas d'oblagáid ar aon duine leas a bhaint as aon tseirbhís a cuirfear ar fáil faoin Acht seo ná é féin ná aon duine faoina chúram a chur faoi scrúdú ná cóireáil liachta. |
[EN] | (2) Ní bheidh d'oblagáid ar aon duine a bhainfeas leas as aon tseirbhís a cuirfear ar fáil faoin Acht seo é féin ná aon duine faoina chúram a chur faoi scrúdú ná cóireáil liachta atá in aghaidh teagaisc a chreidimh. | |
[EN] |
Athghairm. |
5. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin. |