|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Forais.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht.) |
AN tACHT SLÁINTE, 1953
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Seirbhisi Slainte. | |
[EN] |
Seirbhísí liachta ginearálta. |
14. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhís liachta agus máinliachta lia-chleachtóra ghinearálta, íceanna, cóireáil súl-liachta, déadliachta agus cluasliachta, agus fearais liachta, máinliachta agus déadliachta ar fáil in aisce do réir rialachán do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus dá gcleithiúnaithe. |
[EN] | (2) Na daoine dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo is daoine iad nach féidir leo an chóireáil liachta nó máinliachta, an chóireáil súl-liachta, déadliachta nó cluasliachta nó na híceanna, nó na fearais liachta, máinliachta nó déadliachta, is gá dóibh féin nó dá gcleithiúnaithe, a sholáthar as a saothar féin ná ar aon mhodh dleathach eile. | |
[EN] |
Seirbhísí forais agus sainliachta. |
15. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí forais agus sainliachta ar fáil do réir rialachán do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo. |
[EN] | (2) Is iad na daoine dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo na daoine seo a leanas agus a gcleithiúnaithe: | |
[EN] | (a) daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , | |
[EN] | (b) daoine aosaithe ar 1ú ná sé chéad punt a n-acmhainn bhliantúil, | |
[EN] | (c) daoine aosaithe arb é tuairim an údaráis sláinte gur as an bhfeirmeoireacht, go hiomlán nó go formhór, a gheibheann siad a n-acmhainn bhliantúil, ach gan luacháil inrátuithe thar caoga punt a bheith ar an bhfeirm nó ar na feirmeacha (lena n-áirítear na foirgintí uirthi nó orthu), | |
[EN] | (d) daoine nach sonraítear sna míreanna roimhe seo arb é tuairim an údaráis sláinte nach bhféadfaidís gan cruatan míchuí seirbhísí forais agus sainliachta a sholáthar dóibh féin nó dá gcleithiúnaithe. | |
[EN] | (3) Cuirfear seirbhísí forais faoi fho-alt (1) den alt seo ar fáil in aisce do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 den Acht seo agus do pé daoine eile dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a chinnfeas an t-údarás sláinte. | |
[EN] | (4) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil faoi fho-alt (1) den alt seo, i gcásanna nach mbaineann fo-alt (3) den alt seo leo, gearrfar pé táillí, nach mó ná sé scillinge in aghaidh gach lae a baintear leas as na seirbhísí forais, a chinnfeas an t-údarás sláinte, ach amháin sna cásanna sin (is cásanna daoine a sonraítear i mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, nó cleithiúnaithe ar na daoine sin) a sonrófar le rialacháin a dhéanfas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, sna cásanna sin, gearrfar na táillí a cheadós nó a threorós an tAire i leith costas na seirbhísí. | |
[EN] | (5) Cuirfear seirbhísí sainliachta faoi fho-alt (1) den alt seo ar fáil in aisce. | |
[EN] | (6) I mír (b) agus i mír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, folaíonn an tagairt d'acmhainn bhliantúil, ní hamháin acmhainn bhliantúil an duine atás i gceist, ach ina teannta sin— | |
[EN] | (a) acmhainn bhliantúil chéile an duine sin (má tá ann) má chónaíonn an céile leis an duine sin, agus | |
[EN] | (b) acmhainn bhliantúil aon mhic nó iníne neamhphósta | |
[EN] | (i) leis an duine sin, nó | |
[EN] | (ii) le céile an duine sin (má tá ann), nó | |
[EN] | (iii) le haon chéile a bhí ag an duine sin agus d'éag, | |
[EN] | má chónaíonn an mac nó an iníon go rialta leis an duine sin. | |
[EN] | (7) Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí forais agus sainliachta ar fáil in aisce, do réir rialachán, do dhaltaí scoile náisiúnta i leith éalaingí a fionnfar ag scrúduithe sláinte do na scoileanna. | |
[EN] | (8) Chun críocha an ailt seo ríomhfar acmhainn bhliantúil do réir Rialach 1 de na Rialacha sa tSeachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952. | |
[EN] | (9) Más í breith a tugtar de bhun míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo nach lú ná sé chéad punt acmhainn bhliantúil an duine aosaithe, féadfar achomarc i gcoinne na breithe sin a dhéanamh chun duine a cheapfas an tAire, agus féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin i dtaobh achomhairc a dhéanamh agus a chinneadh faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (10) Chun críocha an ailt seo ní fholóidh seirbhísí sainliachta seirbhísí súl-liachta ná seirbhísí cluasliachta agus ní seirbhísí forais seirbhísí a tugtar in áit seachas ospidéal, teaghlach eadarshláinte nó teaghlach do dhaoine faoi mhíchumas coirp nó meabhrach. | |
[EN] |
Aireachas liachta do mháithreacha. |
16. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí liachta, máinliachta, asaoideachta, ospidéil agus sainliachta ar fáil in aisce, do réir rialachán, chun freastal ar shláinte ban (is mná a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo) i leith máithreachta. |
[EN] | (2) Is iad na mná dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo: | |
[EN] | (a) mná atá in aon cheann de na haicmí a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 15 den Acht seo, nó atá ina gcleithiúnaithe ar dhaoine atá sna haicmí sin, | |
[EN] | (b) mná a rinne, nó a ndearnadh thar a gceann, pé ranníoca is gá do réir rialachán i leith costas na seirbhísí faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Na rialacháin dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo— | |
[EN] | (a) forálfaidh siad go mbeidh ranníoca iníoctha do réir na suime iomchuí in aghaidh gach bliana (nach bliain roimh phósadh) a bhfuil ranníoc iníoctha ina leith, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh siad a cheangal go mbeidh méideanna éagsúla de ranníoca le déanamh in iomthosca éagsúla, ach ní ceanglófar ranníoca (seachas ranníoca reatha) d'íoc roimh ré, agus | |
[EN] | (c) forálfaidh siad, faoi réir na bhforál de bhun míre (d) den fho-alt seo, gur punt an tsuim iomchuí dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo, agus | |
[EN] | (d) forálfaidh siad gurb í an tsuim iomchuí dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo, do gach tréimshe chúig mblian as a chéile (agus is í an chéad tréimhse díobh sin an tréimhse chúig mblian a thosnós an lá i ndiaidh deireadh trí mblian ó thosach feidhme an ailt seo nó pé lá dá éis sin a gcinnfidh an tAire gurb é an lá is luaithe is féidir é chun an chéad tréimhse díobh sin a thosnú),— | |
[EN] | (i) i gcás daoine seachas daoine a raibh ranníoc déanta acu i leith na bliana díreach roimhe an tréimhse sin— | |
[EN] | (I) pé suim a gcinnfidh an tAire i leith na tréimhse sin gurb í an tsuim í a bhéarfas go bhfaighfear as ranníoca timpeall leath an mhéid a mheasfas an tAire a chosnós sé na seirbhísí do mhná a dhéanfas ranníoca, nó a ndéanfar ranníoca thar a gceann, do réir an ráta a cinnfear faoin gclásal seo den fho-mhír seo, a sholáthar ar feadh na tréimhse sin, nó | |
[EN] | (II) dhá phunt, | |
[EN] | pé acu sin is lú, agus | |
[EN] | (ii) i gcás daoine a raibh ranníoc déanta acu i leith na bliana díreach roimh an tréimhse sin, an tsuim is iníoctha ag an duine sin don bhliain sin nó an tsuim a chinnfeas an tAire mar adúradh, pé acu sin is lú. | |
[EN] | (4) Forálfaidh rialacháin go bhféadfaidh aon bhean atá i dteideal seirbhísí liachta d'fháil faoin alt seo iad d'fháil óna rogha lia-chleachtóir cláraithe ach comhaontú a bheith déanta aige leis an údarás sláinte chun na seirbhísí sin a thabhairt agus é a bheith toilteanach glacadh léi mar othar. | |
[EN] | (5) Má bhaineann bean leas as seirbhísí faoin alt seo le haghaidh luí seoil in áit seachas ospidéal nó teaghlach máithreachais, cuirfidh an t-údarás sláinte riachtanais asaoideolaíochta ar fáil in aisce a mhéid a sonrófar le rialacháin. | |
[EN] |
Seirbhísí leasa naíonán. |
17. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí liachta, máinliachta, ospidéil, sainliachta agus altranais ar fáil in aisce, do réir rialachán, do leanaí suas go dtí sé seachtaine d'aois a bhfuil a máithreacha i dteideal leas a bhaint as na seirbhísí faoi alt 16 den Acht seo. |
[EN] | (2) Forálfaidh rialacháin go mbeidh seirbhísí liachta faoin alt seo ar fáil ag leanbh ó pé lia-chleachtóir cláraithe is rogha le tuismitheoir an linbh, ach comhaontú a bheith déanta aige leis an údarás sláinte chun na seirbhísí sin a thabhairt agus é a bheith toilteanach glacadh leis an leanbh mar othar. | |
[EN] |
Seirbhísí leasa leanaí. |
18. —Cuirfidh údarás sláinte seirbhísí liachta, máinliachta agus altranais do leanaí faoi bhun sé bliana d'aois ar fáil in aisce, do réir rialachán, ag clinicí, slánlanna nó forais dá samhail sin. |
[EN] |
Seirbhís scrúduithe agus cóireála sláinte do scoileanna. |
19. —(1) Cuirfidh údarás sláinte seirbhís scrúduithe agus cóireála sláinte ar fáil in aisce, do réir rialachán, do na daltaí a dhéanas freastal ar scoileanna lena mbaineann an t-alt seo. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le gach scoil is— | |
[EN] | (a) scoil náisiúnta, nó | |
[EN] | (b) scoil lena mbaineann ordú faoi fho-alt (3) den alt seo. | |
[EN] | (3) Mura mbíonn údarás sláinte sásta go bhfuil leorsheirbhís scrúduithe shláinte ar fáil do na daltaí a dhéanas freastal ar scoil ina líomatáiste feidhme a thugas bunoideachas agus nach scoil náisiúnta, féadfaidh an t-údarás sláinte, le hordú, a threorú go mbainfidh an t-alt seo leis an scoil. | |
[EN] | (4) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíos d'údarás sláinte aon tseirbhís ghinearálta teaghais a chur ar fáil ná aon tseirbhísí den tsórt a luaitear in alt 15 nó alt 20 den Acht seo. | |
[EN] |
Seirbhísí déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta do leanaí. |
20. —Cuirfidh údarás sláinte cóireáil déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta agus fearais déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta ar fáil, do réir rialachán— |
[EN] | (a) do dhaltaí scoile náisiúnta i leith éalaingí a fionnfar ag scrúduithe sláinte do scoileanna, agus | |
[EN] | (b) do leanaí faoi bhun sé bliana d'aois, atá ag freastal ar chlinicí, slánlanna nó forais dá samhail sin, i leith éalaingí a fionnfar ag na clinicí nó na slánlanna nó na forais sin, | |
[EN] | agus cuirfear an chóireáil agus na fearais ar fáil in aisce, ach más amhlaidh a bheas aon fhearas déadliachta, súl-liachta nó cluasliachta á athsholáthar agus nach deimhin leis an údarás sláinte gur gá é d'athsholáthar ar chúis seachas de dheasca faillí, féadfar pé táille a cheadós nó a threorós an tAire d'éileamh i leith an fhearais. | |
[EN] |
Seirbhísí déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta don ghrúpa meánioncaim. |
21. —Cuirfidh údarás sláinte cóireáil déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta agus fearais déadliachta, sul-liachta agus cluaisliachta ar fáil, do réir rialachán, in aisce nó ar tháillí a cheadós nó a threorós an tAire, do réir mar a sonrófar sna rialacháin, do na daoine (lena n-áirítear cleithiúnaithe) a sonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht seo (gan na daoine a sonraítear in ailt 14 agus 20 den Acht seo d'áireamh). |
[EN] |
Rialacháin i leith seirbhísí. |
22. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, a bhainfeas le gach údarás sláinte, le gach údarás sláinte d'aicme áirithe nó le húdarás sláinte áirithe, i dtaobh an mhodha ar a bhfuil, agus a mhéid atá, na seirbhísí a sonraítear in ailt 14 go 21 den Acht seo le cur ar fáil acu, agus i dtaobh riaradh na seirbhísí sin i gcoitinne. |
[EN] | (2) Is tagairtí do rialacháin faoin alt seo na tagairtí do rialacháin atá in ailt 14 go 21 den Acht seo. | |
[EN] |
Deontais airgid i leith máithreachais. |
23. —(1) Íocfaidh údarás sláinte le bean— |
[EN] | (a) atá i dteideal na seirbhísí a chuireas an t-údarás sláinte ar fáil faoi alt 14 den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) nach bhfuil beartaithe go mbeadh sí á cothabháil i bhforas tar éis luí seoil (chun críocha seachas cóireáil liachta nó máinliachta) ag an údarás sláinte, agus | |
[EN] | (c) a chomhlíonas na coiníollacha ordaithe, | |
[EN] | deontas airgid de cheithre puint i leith gach luí seoil. | |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtagann leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis fiche agus ocht seachtaine toircheasa dá dtagann leanbh, beo nó marbh, a bhreith. | |
[EN] | (3) Nuair a bheas an Breitheamh á chinneadh cé acu dhéanfas nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (Uimh. 17 de 1930) , go n-íocfar na costais a ghabhas le breith linbh, ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal deontais airgid faoin alt seo. | |
[EN] |
Bainne do mháithreacha agus do leanaí. |
24. —(1) Féadfaidh údarás sláinte, faoi réir na gcoinníollacha ordaithe, socruithe a dhéanamh chun bainne a sholáthar do mhná atá ag iompar clainne agus máithreacha atá ag tál ar chlann i gcás iad a bheith i dteideal na seirbhísí a chuireas an t-údarás sláinte ar fáil faoi alt 14 den Acht seo agus do leanaí lena mbaineann an t-alt seo. |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “leanaí lena mbaineann an t-alt seo” leanaí faoi bhun cúig bliana d'aois nach féidir lena dtuismitheoirí dóthain bainne a sholáthar dóibh as a n-acmhainn féin. | |
[EN] | (3) Forléireofar na tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo do bhainne mar thagairtí a fholaíos tagairtí do pé bianna, a déantar go hiomlán nó go formhór as bainne, a cheadós an tAire ó am go h-am. | |
[EN] |
Seirbhísí forais do réir rogha an othair, etc. |
25. —(1) Duine a mbeidh teideal aige, ag féachaint do rialacháin faoi alt 22 den Acht seo, chun leas a bhaint as seirbhísí forais faoi alt 15 nó alt 16 den Acht seo, nó tuismitheoir linbh a mbeidh teideal aige, a féachaint do rialacháin faoi alt 22 den Acht seo, a cheadú don leanbh leas a bhaint as na seirbhísí faoi alt 15 nó alt 17 den Acht seo, féadfaidh sé, más mian leis in ionad glacadh le seirbhísí a chuireas an t-údarás sláinte ar fáil, a shocrú go gcuirfear a gcomhionann de sheirbhísí ar fáil dó féin nó don leanbh (do réir mar bheas)— |
[EN] | (a) in aon ospidéal a cheadós an tAire chun críocha an ailt seo, nó | |
[EN] | (b) in aon teaghlach altranais nó máithreachais a cheadós an tAire chun críocha an ailt seo, | |
[EN] | agus má shocraíonn duine amhlaidh déanfaidh an t-údarás sláinte, do réir pé rialachán a dhéanfas an tAire, íocaíocht mar foráltar san alt seo i leith na seirbhísí a cuirfear ar fáil. | |
[EN] | (2) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo, in áit seachas aireagal príobháideach nó leathphríobháideach in aon fhoras (nach foras sláinte) lena mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte faoi alt 10 den Acht seo, beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an bhforas i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a déanfaí leis an bhforas de bhun na comhshocraíochta sin, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí. | |
[EN] | (3) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo, in áit seachas aireagal príobháideach nó leathphríobháideach in aon fhoras (nach foras sláinte) nach mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte leis faoi alt 10 den Acht seo, beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an bhforas i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a dhéanas an t-údarás sláinte de ghnáth as seirbhísí den tsórt céanna a chur ar fáil i bhforas (seachas in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach) lena mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte faoi alt 10 den Acht seo, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí. | |
[EN] | (4) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo, in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach in aon fhoras (nach foras sláinte) a mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte leis faoi alt 10 den Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas: | |
[EN] | (a) beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an bhforas i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a déanfaí leis an bhforas do réir na comhshocraíochta sin as seirbhísí seachas seirbhísí in aireagail phríobháideacha nó leathphríobháideacha, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí, | |
[EN] | (b) ní forléireofar aon ní san Acht seo, ná in aon rialacháin a déanfar faoi, mar ní a chuireas tórainn le méid aon táille a fhéadfas an foras a ghearradh ar an duine a bhainfeas leas as na seirbhísí. | |
[EN] | (5) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach in aon fhoras (nach foras sláinte) nach mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte leis faoi alt 10 den Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas: | |
[EN] | (a) beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an bhforas i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a dhéanas an t-údarás sláinte de ghnáth as seirbhísí den tsórt céanna a chur ar fáil (seachas in aireagal príobháideach nó leathphríobháideach) i bhforas lena mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte faoi alt 10 den Acht seo, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí, | |
[EN] | (b) ní forléireofar aon ní san Acht seo, ná in aon rialacháin a déanfar faoi, mar ní a chuireas tórainn le méid aon táille a fhéadfas an foras a ghearradh ar an duine a bhainfeas leas as na seirbhísí. | |
[EN] | (6) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil de bhun fo-ailt (1) den alt seo i dteaghlach altranais nó i dteaghlach máithreachais, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas: | |
[EN] | (a) beidh an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás sláinte leis an teaghlach i leith na seirbhísí forais comhionann leis an íocaíocht a dhéanfas an t-údarás sláinte de ghnáth as seirbhísí den tsórt céanna a chur ar fáil (seachas in aireagal príobháideach nó leathphríobháideach) in ospidéal lena mbeidh comhshocraíocht déanta ag an údarás sláinte faoi alt 10 den Acht seo, lúide suim sé scillinge in aghaidh gach lae a bainfear leas as na seirbhísí, agus, mura gcinneann an t-údarás sláinte a mhalairt, ní mó ná sé seachtaine i gcás teaghlaigh altranais, nó coicíos i gcás teaghlaigh mháithreachais, an tréimhse a ndéanfar íocaíocht ina leith, | |
[EN] | (b) ní forléireofar aon ní san Acht seo, ná in aon rialacháin a déanfar faoi, mar ní a chuireas tórainn le méid aon táille a fhéadfas an foras a ghearradh ar an duine a bhainfeas leas as na seirbhísí. | |
[EN] | (7) Nuair a cuirfear seirbhísí forais ar fáil faoi alt 15, alt 16 nó alt 17 den Acht seo in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach i bhforas sláinte, ar sin dá iarraidh ag an othar nó thar ceann an othair, gearrfar ina leith, i dteannta aon táille faoi fho-alt (4) d'alt 15 den Acht seo, suim is ionann agus an difríocht idir— | |
[EN] | (a) an táille a cheadós nó a threorós an tAire faoi alt 26 den Acht seo i leith na seirbhísí sin in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach (pé acu é) sa bhforas sin, agus | |
[EN] | (b) an táille a cheadós nó a threorós an tAire faoi alt 26 den Acht seo i leith na seirbhísí sin sa bhforas sin seachas in aireagal príobháideach nó leath-phríobháideach. | |
[EN] |
Seirbhísí forais do dhaoine nach bhfuil i dteideal seirbhísí faoi alt 15. |
26. —(1) Féadfaidh údarás sláinte seirbhísí forais a chur ar fáil do na daoine nach mbeidh i dteideal seirbhísí faoi alt 15 den Acht seo agus gearrfaidh siad i leith aon tseirbhísí forais a cuirfear ar fáil amhlaidh pé táillí a cheadós nó a threorós an tAire. |
[EN] | (2) Ach amháin i gcásanna lena ngabhann práinn agus riachtanas, ní cuirfear seirbhísí forais (seachas seirbhísí forais i gcóiríocht speisialta a ainmneaos an t-údarás sláinte le toiliú an Aire) ar fáil faoin alt seo do dhuine mura mbeidh cóiríocht ar fáil nach bhfuil ag teastáil, an tráth a ligfear an duine sin isteach, do dhuine atá i dteideal seirbhísí faoi alt 15 den Acht seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh údarás sláinte, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh i dtaobh seirbhísí forais a sholáthar faoin alt seo, agus go sonrach, féadfaidh forála a bheith sna rialacha sin i dtaobh íocaíochtaí a dhéanamh agus méid na n-íocaíochtaí a déanfar le hoifigigh don údarás sláinte i leith aon tseirbhíse nó cóireála a thabharfaid do dhaoine a bhainfeas leas as na seirbhísí forais. | |
[EN] | (4) Ní éileoidh ná ní thógfaidh oifigeach d'údarás sláinte a chuirfeas seirbhísí forais ar fáil aon íocaíocht ó aon duine a bhainfeas leas as na seirbhísí sin (ná ó aon duine eile thar ceann an duine sin) i leith na seirbhísí a thabhairt don duine sin, murab íocaíocht í a héilítear nó a tógtar thar ceann an údaráis sláinte, ach amháin i gcás tógaint na híocaíochta ag an oifigeach a bheith údaraithe go sainráiteach le rialacha faoin alt seo nó le téarmaí a cheapacháin. | |
[EN] | (5) Measfar gur rialacha faoin alt seo rialacháin a rinneadh faoi alt 37 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo. | |
[EN] | (6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir d'oibriú ailt 14 ná alt 16 go 21 den Acht seo ná ailt 31 den Phríomh-Acht ná d'oibriú aon rialachán faoin alt sin. | |
[EN] |
Dearbhú i dtaobh acmhainne. |
27. —Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil duine i dteideal aon tseirbhíse dá gcuirfidh údarás sláinte ar fáil faoin gCuid seo den Acht seo, féadfaidh an t-údarás sláinte a cheangal ar an duine sin dearbhú a dhéanamh, i pé foirm is cuí leis an údarás sláinte, i dtaobh a acmhainne agus féadfaidh an t-údarás sláinte pé bearta is cuí leis a dhéanamh chun an dearbhú d'fhíoradh. |
[EN] |
Athrú ar imthosca a chur in iúl. |
28. —(1) Má dhéanann údarás sláinte duine d'áireamh, chun críocha an ailt seo, mar dhuine atá, mar gheall ar imthosca sonraithe, i dteideal seirbhíse a bheas á cur ar fáil ag an údarás sláinte faoin gCuid seo den Acht seo, cuirfidh sé in iúl don údarás sláinte aon athrú ar na himthosca sin d'fhágfadh nach mbeadh sé feasta i dteideal na seirbhíse sin. |
[EN] | (2) Má sháraíonn duine fo-alt (1) den alt seo go feasach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air. | |
[EN] |
Réiteach amhrais i dtaobh cén t-údarás sláinte atá freagrach i seirbhís a thabhairt. |
29. —Is é an tAire a chinnfeas, in aon chás amhrais nó díospóide maidir le duine áirithe nó le daoine d'aicme áirithe, cén t-údarás sláinte a bheas freagrach in aon tseirbhís faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo a chur ar fáil don duine sin nó do dhaoine den aicme sin (más iomchuí). |
[EN] |
Táille má gheibheann duine seirbhís gan teideal a bheith aige chuici. |
30. —Más rud é— |
[EN] | (a) go mbainfidh duine leas as seirbhís a cuirfear ar fáil faoin gCuid seo den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) go bhfionnfar nach raibh sé i dteideal na seirbhíse, | |
[EN] | féadfaidh an t-údarás sláinte pé táille a cheadós nó a threorós an tAire a ghearradh i leith na seirbhíse. | |
[EN] |
Gnóthú táillí. |
31. —Aon táille a ghearrfas údarás sláinte de bhun na Coda seo den Acht seo nó na rialachán fúithi, féadfar, mura n-íoctar í, í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla— |
[EN] | (a) ón duine a ngearrfar an táille ina leith nó, má tá seisean tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil, nó | |
[EN] | (b) ó aon duine eile a dhlíos an duine sin a chothabháil chun críocha an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939, de bhuaidh ailt 27 den Acht sin nó, má tá an duine eile sin tar éis bháis, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil. | |
[EN] |
Saoráidí a thabhairt le haghaidh scrúdú sláinte ar leanaí i scoileanna. |
32. —(1) Aon údarás sláinte a bheartós socrú a dhéanamh le haghaidh scrúdú sláinte ar leanaí i scoil, faoin Acht seo, féadfaidh sé fógra scríofa faoin mbeartú sin a thabhairt do scoil-bhainisteoir na scoile, ina luafaidh an lá nó na laethe (nach luaithe ná seacht lá tar éis an fógra a thabhairt) a déanfar an scrúdú, agus an t-am a déanfar é, agus ina n-iarrfaidh ar an scoil-bhainisteoir gach saoráid réasúnach a chur ar fáil don scrúdú. |
[EN] | (2) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheoladh chuig “an scoil-bhainisteoir” agus é a thabhairt trína sheachadadh do scoil-bhainisteoir na scoile lena mbaineann nó trína chur leis an bpost chuig an seoladh mar a mbíonn cónaí air de ghnáth. | |
[EN] | (3) Déanfar cóip de gach fógra faoi fho-alt (1) den alt seo i leith scrúduithe shláinte atá le déanamh i scoil nach é a príomh-mhúinteoir is scoil-bhainisteoir uirthi a sheachadadh do phríomh-mhúinteoir na scoile sin, nó a chur leis an bpost chuig an múinteoir sin ag an scoil. | |
[EN] | (4) Cuirfidh scoil-bhainisteoir scoile lena mbainfidh fógra a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo faoi deara gach saoráid réasúnach a thabhairt chun scrúdú sláinte a dhéanamh do réir an fhógra agus ar an lá nó na laethe agus ag an am a luaifear sa bhfógra, agus mura ndéanfaidh sé amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air. | |
[EN] | (5) Gan dochar do na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, raghaidh údarás sláinte i gcomhairle le scoil-bhainisteoir scoile sara gcinnfidh an t-údarás sláinte an lá nó na laethe agus an t-am a déanfar scrúdú sláinte ar leanaí sa scoil agus, chomh fada agus is féidir sin, déanfaidh sé do réir mar is mian leis an scoil-bhainisteoir. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an t-údarás sláinte a thabharfas an fógra iomchuí faoin alt seo inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin alt seo. | |
[EN] |
Ráitis bhréagacha, etc. |
33. —Má dhéanann duine ar bith, chun go bhfaighidh sé aon tseirbhís a cuirfear ar fáil faoin gCuid seo den Acht seo, pé acu dó féin nó do dhuine éigin eile é, nó chun aon chríche eile a bhaineas leis an gCuid seo den Acht seo— |
[EN] | (a) aon ráiteas bréagach nó aon uiríoll bréagach a thabhairt go feasach nó aon fhíoras ábhartha a cheilt go feasach, nó | |
[EN] | (b) aon doiciméad nó eolas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha a thabhairt ar aird nó a sholáthar, nó a chur faoi deara nó a cheadú go feasach sin a thabhairt ar aird nó a sholáthar, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile. |