31 1953


Uimhir 31 de 1953.


AN tACHT UM AN ACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 (BUANÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHAIDIÚ NA TRÉIMHSE A BHEAS AN tACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 , I bhFEIDHM. [2ú Nollaig, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” and t Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) .

An Príomh-Acht a bhuanú.

2. —(1) Mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1955.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta sonraithe, roimh an 31ú lá de Mhárta, 1955, agus sa chás sin raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

Athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1952 ( Uimh. 30 de 1952 .).

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1953, a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an Príomh-Acht, an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú agus Leasú), 1950 (Uimh. 34 de 1950) , agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na h Achta Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 go 1953, a ghairm díobh le chéile.