11 1954


Uimhir 11 de 1954.


AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL (LEASÚ), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946 . [10ú Márta, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1946” an t Acht Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 (Uimh. 25 de 1946) ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1946 mar aon ní amháin.

Sonraíochtaí caighdeánacha.

2. —(1) Déanfaidh an Institiúid sonraíochtaí d'fhoirmliú do pé earraí, próiseanna agus cleachta a iarrfas an tAire ó am go ham.

(2) Nuair a bheas sonraíochtaí á bhfoirmliú ag an Institiúid, comhlíonfaidh sí treoracha an Aire.

(3) Ar an Institiúid d'fhoirmliú sonraíochta, féadfaidh sí, le toiliú an Aire, a dhearbhú gur sonraíocht chaighdeánach í don earra, don phróis nó don chleacht lena mbaineann sí.

(4) I gcás ina n-údaraítear d'aon Aire Stáit, faoi aon achtachán eile, sonraíocht nó caighdeán cáilíochta d'ordú d'aon earra, próis nó cleacht, nó ceadúnais d'eisiúint chun aon earra a dhíol nó d'fhógairt, ní thoileoidh an tAire le sonraíocht chaighdeánach a dhearbhú ina leith sin ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.

(5) Féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire, sonraíocht chaighdeánach a chúlghairm nó a leasú.

(6) Leanfaidh sonraíochtaí caighdeánacha a dearbhaíodh le hordú faoi alt 20 d'Acht 1946 de bheith i bhfeidhm tar éis an tAcht seo a rith agus féadfar iad a chúlghairm nó a leasú amhail is dá mba faoin alt seo a dearbhaíodh iad.

(7) I bhfo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1946 (ina bhfuil feidhmeanna na hInstitiúide leagtha amach) forléireofar an tagairt do mholta a thabhairt don Aire maidir le sonraíochtaí caighdeánacha d'fhoirmliú mar thagairt do shonraíochtaí caighdeánacha d'fhoirmliú agus a dhearbhú faoin alt seo.

(8) Déanfar na tagairtí in ailt 12 agus 15 d'Acht 1946 d'alt 20 den Acht sin d'fhorléiriú mar thagairtí don alt seo.

(9) Folóidh na tagairtí in Acht 1946 do shonraíochtaí caighdeánacha tagairtí do shonraíochtaí caighdeánacha faoin alt seo.

Fógra faoi shonraíocht chaighdeánach d'fhoilsiú.

3. —A luaithe is féidir tar éis sonraíocht chaighdeánach a dhearbhú, bhéarfaidh an Institiúid go bhfoilseofar fógra fúithi san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile a threorós an tAire agus foilseoidh sí, agus cuirfidh ar díol, cóipeanna den tsonraíocht chaighdeánach.

Fianaise faoi shonraíochtaí caighdeánacha.

4. —(1) Féadfar fianaise prima facie faoi shonraíocht chaighdeánach a thabhairt trí chóip di a thabhairt ar aird a airbheartaíos a bheith arna foilsiú le húdarás na hInstitiúide.

(2) Bainfidh alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 ( Uimh. 24 de 1925 ), le doiciméid a airbheartaíos gur sonraíochtaí caighdeánacha iad a chlóbhualadh, d'fhoilsiú agus a thairiscint i bhfianaise amhail mar bhaineas sé leis na doiciméid oifigiúla dá dtagartar san alt sin ach tagairtí don Institiúid a chur in ionad tagairtí d'Oifig an tSoláthair.

Marcanna caighdeánacha.

5. —(1) Faoi alt 22 d'Acht 1946, féadfaidh an tAire, in ionad marc caighdeánach d'ordú d'earra, do phróis nó do chleacht sonraithe, marc caighdeánach d'ordú lena úsáid i ndáil le hearraí, próiseanna agus cleachta i gcoitinne agus folóidh gach tagairt san Acht sin do mharc caighdeánach tagairt do mharc caighdeánach a hordófar amhlaidh.

(2) Ní déanfar marc caighdeánach a hordófar amhlaidh d'úsáid i ndáil le haon earra, próis ná cleacht ach amháin i dteannta na sreath-uimhreach a bheas sannta ag an Institiúid i gcás na sonraíochta caighdeánaí don earra, don phróis nó don chleacht sin.

(3) I gcás ina ndearnadh toiliú an Aire le dearbhú sonraíochta caighdeánaí a thabhairt le toiliú Aire eile Stáit, ní thabharfaidh an tAire ceadúnas faoi alt 22 d'Acht 1946 chun marc caighdeánach d'úsáid i ndáil leis an earra, an phróis nó an cleacht iomchuí ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.

An Clár de Shonraíochtaí Caighdeánacha.

6. —Is í an Institiúid a choimeádfas feasta an Clár de Shonraíochtaí Caighdeánacha agus, dá réir sin, déanfar tagairtí don Aire in alt 23 d'Acht 1946 a léamh, maidir leis an gclár sin, mar thagairtí don Institiúid.

Séala na hInstitiúide d'úsáid.

7. —Déanfar séala na hInstitiúide, ar é a ghreamú de dhearbhú sonraíochta caighdeánaí, d'fhíordheimhniú le síniú chathaoirleach an Choiste Chaighdeán nó chomhalta éigin eile den Choiste sin a bheas údaraithe ag an gCoiste sin chuige sin agus ní mar foráltar i bhfo-alt (2) d'alt 29 d'Acht 1946 a déanfar sin.

Luach saothair do chomhaltaí Coistí.

8. —Féadfar pé luach saothair a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc le comhaltaí an Choiste Thaighde Thionscail agus an Choiste Chaighdeán as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid.

Corr-fholúntais ar an gComhairle.

9. —Ní gá ceadú na Comhairle chun folúntais ar an gComhairle a líonadh faoi riail 2 den Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1946.

Fostú foirne.

10. —Ní gá ceadú an Aire i leith daoine a bheartós an Institiúid d'fhostú go ceann tréimhse nach sia ná trí bliana agus forléireofar dá réir sin fo-alt (3) d'alt 31 d'Acht 1946.

Deontas bliantúil.

11. —(1) I ngach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna, nach mó san iomlán ná tríocha agus cúig mhíle punt in aon bhliain airgeadais áirithe, a theastós ó am go ham ón Institiúid, d'íoc leis an Institiúid as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(2) An soláthar a déantar leis an alt seo is soláthar é in ionad an tsoláthair a rinneadh le fo-alt (1) d'alt 34 d'Acht 1946.

Athghairm iarmartach.

12. —Athghairmtear leis seo na forála seo a leanas d'Acht 1946: ailt 10 agus 13 (a mhéid a bhainid le luach saothair), alt 20, agus fo-alt (1) d'alt 34.

Gearrtheideal agus comhlua

13. —(1) Féadfar an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail (Leasú), 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 agus 1954, a ghairm d'Acht 1946 agus den Acht seo le chéile.