An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Iostain Saothraithe.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Athghairm.)

16 1954

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1954

CUID VI.

Teaghais Bheaga D'Fhail.

Díol ag Coimisiúin Talún na hÉireann i gcás feidhm a bheith ag ionstraim faoin Small Dwellings Acquisition Act, 1899.

21. —I gcás—

(a) ina dtairgfidh Coimisiún Talún na hÉireann talamh lena dhíol faoi aon chumhacht reachtúil chuige sin atá dílsithe iontu, agus

(b) ina mbeidh ionstraim faoi mhír (e) d'alt 2 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899, i bhfeidhm de thuras na huaire maidir leis an talamh,

díolfar an talamh faoi réir na hionstraime agus faoi réir na bhforál iomchuí de na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1954, i dteannta aon mhuirir, eire nó dliteanais ar gá do réir dlí, lasmuigh den alt seo, an talamh a dhíol faoina réir.