An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Cúisimh d'Imscrúdú agus a Thriail go hAchomair, Athchur chun Armchúirte, agus Triail Armchúirte a Ligean thar Ceal.) Ar Aghaidh (Caibidil VI. Pionóis is inghearrtha ag Armchúirteanna i leith cionta in aghaidh an Dlí Mhileata.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil V.

Armchúirteanna.

Eigiontú nó ciontú a bheith ina urchosc ar thriail ag armchúirt ina dhiaidh sin.

185. —(1) Más rud é—

(a) go ndearnadh duine faoin dlí míleata d'éigiontú i gcion ag armchúirt, nó

(b) go bhfuarthas duine faoin dlí míleata ciontach i gcion ag armchúirt agus gur daingníodh cinneadh sin na harmchúirte,

ní bheidh sé intriala arís ag armchúirt sa chion sin.

(2) Má rinneadh duine faoin dlí míleata d'éigiontú nó a chiontú i gcion ag cúirt shibhialta inniúil, ní bheidh sé intriala arís ag armchúirt sa chion sin.

(3) Más rud é—

(a) go ndearnadh duine faoin dlí míleata a chúiseamh i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b) gur déileáladh leis an gcúiseamh faoi Chaibidil IV den Chuid seo trína dhíbhe nó trína thriail go hachomair,

ní bheidh an duine sin intriala ag armchúirt sa chion sin.

Cineálacha armchúirte.

186. —Beidh dhá chineál armchúirte ann, eadhen, armchúirteanna ginearálta agus armchúirteanna tóranta.

Armchúirteanna a chomóradh.

187. —(1) Beidh cumhacht ag gach duine acu seo a leanas armchúirt ghinearálta a chomóradh, is é sin le rá:—

(a) an tAire.

(b) aon oifigeach (ag a mbeidh céim chornail airm nó céim chaptaein chabhlaigh nó céim choimisiúnta is airde ná sin) a bheas údaraithe chuige sin le barántas ón Aire.

(2) Beidh cumhacht ag gach duine acu seo a leanas armchúirt tóranta a chomóradh, is é sin le rá:—

(a) oifigeach ag a mbeidh cumhacht armchúirt ghinearálta a chomóradh,

(b) aon oifigeach a bheas údaraithe chuige sin le barántas ó oifigeach ag a mbeidh cumhacht armchúirt ghinearálta a chomóradh.

(3) Féadfar barántas faoin alt seo a chur faoi réir pé srianta, forcoimeádas, eisceacht agus coinníollacha is oiriúnach leis an Aire, más faoi fho-alt (1) den alt seo a déanfar an barántas, nó, is oiriúnach le hoifigeach a dhéanta, más faoi fho-alt (2) den alt seo a déanfar é.

(4) Féadfar barántas faoin alt seo a dhíriú chun oifigigh faoina ainm nó faoi theideal a oifige nó go páirteach i slí amháin agus go páirteach sa tslí eile agus féadfar, do réir a théarmaí agus modh a dhírithe, gan réim a thabhairt dó ach maidir le hoifigeach a hainmneofar nó réim thairis sin a thabhairt dó nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun duine a bheas de thuras na huaire ag déanamh dualgas na hoifige a hainmneofar nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun comharbaí oifige oifigigh.

(5) San Acht seo ciallaíonn an abairt “an t-údarás comórtha”, nuair a húsáidtear í maidir le harmchúirt, an duine a chomórfas an armchúirt sin.

Cumhachta speisialta údarás comórtha.

188. —Má rinneadh ordú chun duine a cúisíodh i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a thriail ag armchúirt, measfar an cion a bheith á inchúiseamh ar agra an údaráis chomórtha, agus dá réir sin, i dteannta aon chumhacht eile a bheirtear dó leis an Acht seo nó faoin Acht seo, beidh ag an údarás comórtha, maidir leis an gcion sin, cumhachta is ionann agus na cumhachta a bheirtear le dlí don Ard-Aighne maidir le cionta is intriala ar dhíotáil os comhair cúirte sibhialta.

Comhdhéanamh armchúirte ginearálta.

189. —(1) Is iad a bheas ar armchúirt ghinearálta—

(a) uachtarán a bheas, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ina oifigeach de chéim chornail airm nó de chéim chap taein chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin agus arb é an t-údarás comórtha a cheapfas é, agus

(b) ceathrar comhaltaí eile ar a laghad, a mbeidh gach duine acu ina oifigeach de chéim chaptaein airm nó de chéim lefteanaint chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin, agus arb é an t-údarás comórtha a cheapfas iad.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le huachtarán armchúirte ginearálta—

(a) más oifigeach an duine a bheas le triail, ní bheidh an t-uachtarán in aon chás ina oifigeach is ísle céim ná an duine sin;

(b) más dóigh leis an údarás comórtha, ag féachaint go cuí do riachtanais mhíleata agus don tseirbhís phoiblí, nach bhfuil oifigeach de chéim chornail airm nó de chéim chaptaein chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin ar fáil chun gníomhú mar uachtarán, féadfaidh an t-údarás comórtha, ar dheimhniú chuige sin d'fhormhuiniú ar ordú comórtha na harmchúirte ginearálta, oifigeach de chéim chaptaein airm nó de chéim lefteanaint chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin a cheapadh mar uachtarán, ach sin faoi réir míre (a) den fho-alt seo.

(3) Má tá céim choimisiúnta chabhlaigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh ag an duine a bheas le triail ag armchúirt ghinearálta, ansin, beidh comhalta amháin ar a laghad den armchúirt ina dhuine de chéim choimisiúnta chabhlaigh.

(4) (a) Beidh abhcóide breithiúnais ag freastal ar armchúirt ghinearálta.

(b) Maidir leis an abhcóide breithiúnais ag armchúirt ghinearálta—.

(i) is é an t-údarás forordaithe a cheapfas é,

(ii) beidh sé ina oifigeach agus beidh sé ina abhcóide dlí nó ina aturnae, agus

(iii) déanfaidh sé pé dualgais a forordófar.

Comhdhéanamh armchúirte tó anta.

190. —(1) Is iad a bheas ar armchúirt tóranta—

(a) uachtarán a bheas, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ina oifigeach de chéim cheannfoirt airm nó de chéim lefteanant-cheannasaí chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin, agus arb é an t-údarás comórtha a cheapfas é, agus

(b) beirt chomhaltaí eile ar a laghad, a mbeidh gach duine acu ina oifigeach de chéim lefteanaint airm nó de chéim fho-lefteanaint chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin, agus arb é an t-údarás comórtha a cheapfas iad.

(2) Más dóigh leis an údarás comórtha, ag féachaint go cuí do riachtanais mhíleata agus don tseirbhís phoiblí, nach bhfuil oifigeach de chéim cheannfoirt airm nó de chéim lefteanaintcheannasaí chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin ar fáil chun gníomhú mar uachtarán armchúirte tóranta, féadfaidh an t-údarás comórtha, ar dheimhniú chuige sin d'fhormhuiniú ar ordú comórtha na harmchúirte tóranta, oifigeach de chéim chaptaein airm nó de chéim lefteanaint chabhlaigh a cheapadh mar uachtarán.

(3) Má tá céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh ag an duine a bheas le triail ag armchúirt tóranta, ansin, beidh comhalta amháin ar a laghad den armchúirt ina dhuine de chéim choimisiúnta chabhlaigh.

(4) (a) Beidh abhcóide breithiúnais ag freastal ar armchúirt tóranta.

(b) Maidir leis an abhcóide breithiúnais ag armchúirt tóranta—

(i) is é an t-údarás comórtha a cheapfas é,

(ii) beidh sé ina oifigeach, agus

(iii) déanfaidh sé pé dualgais a forordófar.

Dícháilíochtaí chun comhaltais armchúirte agus chun gníomhú mar abhcóide breithiúnais.

191. —(1) Ní shuífidh oifigeach comórtha armchúirte ar an armchúirt sin.

(2) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cailithe chun fónamh mar chomhalta d'aon armchúirt ná chun gníomhú mar abhcóide breithiúnais ag aon armchúirt, is é sin le rá:—

(a) aon oifigeach a rinne scrúdú nó a thug comhairle i dtaobh na nithe is foras don chúiseamh i gcoinne an chúisí,

(b) an t-oifigeach inchúisimh,

(c) oifigeach a bheas ina fhinné ar thaobh an inchúisimh.

(d) aon oifigeach d'imscrúdaigh an cúiseamh i gcoinne an chúisí nó a thóg síos aon choimriú nó achomaireacht ar fhianaise sa chás nó a bhí ina chomhalta de chúirt fhiosrúcháin maidir leis na nithe is foras don chúiseamh i gcoinne an chúisí,

(e) oifigeach ceannais an chúisí,

(f) aon oifigeach ag a mbeidh leas pearsanta sa chás,

(g) aon oifigeach nach mbeidh de thuras na huaire faoin dlí míleata,

(h) oifigeach a bhí, i gcáil chomhairlitheach, ag plé leis na cúisimh a bheas le triail ag an armchúirt nó leis an bhfianaise a bheas le tabhairt ar aird ag an armchúirt nó le stiúradh an inchúisimh ag an armchúirt.

Dlínse armchúirte.

192. —(1) Faoi réir forál an Achta seo beidh ag armchúirt, pé acu ginearálta nó tóranta di, dlínse chun aon duine a thriail agus a phionósú i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a rinne an duine sin le linn dó bheith faoin dlí míleata mar oifigeach nó mar fhear.

(2) Ní bheidh dlínse ag armchúirt tóranta—

(a) aon duine a thriail in aon chion in aghaidh an dlí míleata a rinne an duine sin le linn dó bheith faoin dlí mhíleata mar oifigeach, ná

(b) aon duine a thriail a bheas de thuras na huaire ina oifigeach, ná

(c) aon duine a thriail i gcion tréasa nó dúnmharuithe, ná

(d) aon phianbhreith is troime ná príosúntacht a ghearradh ar aon duine.

(3) Ní bheidh dlínse ag armchúirt chun aon duine faoin dlí míleata a thriail i gciona tréasa, dúnmharuithe, dúnorgana, ná banéigin, mura le linn don duine sin bheith ar fianas a rinneadh an cion sin.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, le comhthoil an Aire Dhlí agus Cirt, rialacháin a dhéanamh maidir le feidhmiú na dlínse a bheirtear d'armchúirteanna le halt 169, agus féadfaidh sé, go háirithe, a fhoráil leis na rialacháin go mbeidh feidhmiú na dlínse sin ag braith ar thoiliú pé údaráis sibhialta a sonrófar sna rialacháin.

(b) Beidh deimhniú faoi láimh an oifigigh a chomórfas armchúirt chun cion sibhialta a thriail, á dheimhniú go bhfuarthas maidir leis an triail sin an toiliú dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo, ina fhianaise prima facie ar an ní sin.

Armchúirteanna a dhíscaoileadh.

193. —(1) Má tharlaíonn, tar éis tosnú na triala, go dtitfidh líon comhaltaí armchúirte, de dheasca báis nó eile, faoi bhun an íoslín dlíthiúil, díscaoilfear an armchúirt.

(2) Má tharlaíonn, tar éis tosnú na triala, go n-éagfaidh uachtarán armchúirte nó nach féidir leis ar chúis eile freastal a dhéanamh agus nach mbeidh líon comhaltaí na cúirte tite faoi bhun an íoslín dlíthiúil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) má tá comhalta sinsearach na harmchúirte cáilithe chun é a cheapadh mar uachtarán ar an armchúirt, féadfaidh an t-údarás comórtha an comhalta sinsearach sin a cheapadh mar úachtarán ar an armchúirt, agus féadfaidh an triail dul ar aghaidh dá réir;

(b) mura bhfuil an comhalta sinsearach sin cáilithe chun é a cheapadh mar uachtarán ar an armchúirt, nó má tá sé cáilithe ach nach gceapfar amhlaidh é, díscaoilfear an armchúirt.

(3) Más rud é, de dheasca breoiteachta an chúisí aon tráth roimh an gcinneadh a dhéanamh, nach féidir leanúint leis an triail, díscaoilfear armchúirt.

(4) Má díscaoiltear armchúirt faoin alt seo féadfar an cúisí a thriail arís.

(5) San alt seo ciallaíonn an abairt “an t-íoslíon dlíthiúil”—

(a) maidir le harmchúirt ghinearálta, cúigear comhaltaí (ar a n-áirítear an t-uachtarán),

(b) maidir le harmchúirt tóranta, triúr comhaltaí (ar a n-áirítear an t-uachtarán).

Cead isteach chun armchúirteanna.

194. —(1) Faoi réir fo-alt (2), (3) agus (4) den alt seo, is go poiblí a shuífeas armchúirteanna agus ligfear an pobal isteach chun na triala sa mhéid go mbeidh slí ann dóibh.

(2) Más dóigh leis an údarás comórtha nó le huachtarán armchúirte é a bheith foirstineach, ar mhaithe le slándáil an phobail, leis an gcosaint nó leis an moráltacht phoiblí, an pobal d'eisiamh ar feadh na triala uile nó ar feadh aon choda den triail, féadfaidh ceachtar acu ordú chuige sin a dhéanamh, agus taifeadfar aon ordú den tsórt sin in imeachta na harmchúirte.

(3) Ní ligfear isteach chun triala aon fhinnéithe seachas an t-inchúisitheoir agus an duine cúisithe, ach amháin nuair a bheid faoi cheistiú nó nuair a cheadós uachtarán na harmchúirte é go sonrach.

(4) Le linn do chomhaltaí armchúirte bheith i ndáil chomhairle i dtaobh aon ní, ní bheidh aon duine i láthair ach amháin na comhaltaí, an t-abhcóide breithiúnais agus aon oifigigh a bheas faoi theagasc, agus féadfaidh an armchúirt dul ar leithridh nó a chur faoi deara go n-eisiafar ón áit a mbeidh na comhaltaí ina suí gach duine nach mbeidh i dteideal bheith i láthair.

Cúrsaí áirithe nós imeachta.

195. —(1) Féadfaidh armchúirt dul ar atráth ó am go ham agus ó áit go háit.

(2) Féadfaidh armchúirt, más oiriúnach léi é, amharc ar aon áit.

Dlíodóirí ag armchúirteanna.

196. —(1) Féadfaidh an t-inchúisitheoir ag armchúirt dlíodóir a bheith aige ag feidhmiú ar a shon.

(2) Féadfaidh aon duine a bheas á thriail ag armchúirt dlíodóir a bheith aige ag feidhmiú ar a shon nó, mura mbeidh dlíodóir ag feidhmiú ar a shon, oifigeach faoin dlí míleata a bheith aige ag feidhmiú ar a shon.

(3) Aon bheart mí-iompair ag dlíodóir a bheadh incháinte nó ina dhísbeagadh cúirte dá mba os comhair na hArd-Chúirte a déanfaí é, measfar mar an gcéanna é a bheith incháinte nó ina dhísbeagadh cúirte i gcás armchúirte, agus beidh rialacha a forordófar i gcóir cleachtais armchúirteanna, agus mar threoir do dhlíodóirí, ina gceangal ar dhlíodóirí a láithreos os comhair na n-armchúirteanna sin, agus beidh aon neamhumhlóid toiliúil do na rialacha ina mí-iompar gairmiúil agus má leantar di measfar gur dísbeagadh cúirte í.

(4) Má bhíonn dlíodóir ag armchúirt ciontach i mbeart mí-iompair a bheas incháinte, nó ciontach i dísbeagadh cúirte, féadfaidh uachtarán na harmchúirte cion an dlíodóra sin a dheimhniú faoina láimh don Ard-Chúirt, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis pé fiosrú is cuí léi a dhéanamh, an dlíodóir sin a phionósú nó beart a dhéanamh chun é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh na hArd-Chúirte.

(5) Féadfaidh armchúirt, le hordú faoi láimh an uachtaráin, a chur faoi deara go gcuirfear amach as an gcúirt aon dlíodóir a bheas ciontach i gcion ar dóigh leis an gcúirt gur gá an dlíodóir sin a chur amach as an gcúirt dá dheasca, ach i ngach cás den tsórt sin deimhneoidh an t-uachtarán an cion don Ard-Chúirt faoin bhfo-alt díreach roimhe seo.

(6) San alt seo ciallaíonn an focal “dlíodóir” duine atá ina abhcóide dlí nó ina aturnae.

Agóidí ón gcúisí.

197. —(1) Féadfaidh cúisí a bheas ar tí a thriala ag aon armchúirt agóid a dhéanamh, ar aon chúis réasúnach, i gcoinne aon chomhalta den armchúirt, ar a n-áirítear an t-uachtarán, pé acu ceapadh an comhalta sin chun fónamh ar an armchúirt sin ó thús nó a ceapadh é chun folúntas a líonadh a tharla de dheasca oifigeach a scor, ionas nach mbeidh ar an armchúirt ach oifigigh nach ndearna an cúisí aon agóid réasúnach ina gcoinne.

(2) Déanfar gach agóid ó chúisí i gcoinne aon oifigigh a chur faoi bhráid na n-oifigeach eile a ceapadh ar an armchúirt.

(3) Más i gcoinne an uachtaráin a bheas an agóid, ceadófar an agóid sin má cheadaíonn trian nó níos mó de na hoifigigh eile a ceapadh ar an armchúirt í, agus cuirfear an armchúirt ar atráth chun uachtarán eile a cheapadh.

(4) Má ceadaítear agóid i gcoinne an uachtaráin, ceapfaidh an t-údarás comórtha uachtarán eile, ach beidh an ceart céanna ag an gcúisí agóid a dhéanamh i gcoinne an uachtaráin eile sin.

(5) Más i gcoinne comhalta seachas an t-uachtarán a bheas an agóid, agus má ceadaítear í le vótaí a leath nó níos mó de na hoifigigh a bheas i dteideal vótáil, ceadófar an agóid agus scoirfidh an comhalta a ndearnadh an agóid ina choinne, agus féadfar an folúntas a fhágfas sé a líonadh sa tslí fhorordaithe le hoifigeach eile, ach beidh an ceart céanna ag an gcúisí agóid a dhéanamh i gcoinne an oifigigh eile sin.

(6) Chun a chur ar chumas cúisí leas a bhaint as a phribhléid chun agóid a dhéanamh i gcoinne aon oifigigh, déanfar ainmneacha na n-oifigeach a ceapadh ar an armchúirt a léamh amach in éisteacht an chúisí ar a gcéad-tionól agus sara gcuirfear faoi mhionn iad, agus fiafrófar dhe an bhfuil agóid aige i gcoinne aon oifigigh acu sin, agus cuirfear an cheist chéanna maidir le haon oifigeach a ceapfar chun fónamh in ionad oifigigh a bheas tar éis scoir.

Vótáil ag armchúirt ar cheisteanna seachas agóidí i gcoinne comhaltaí den chúirt.

198. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, is le vótaí tromlach na gcomhaltaí d'armchúirt a cinnfear gach ceist a tharlós ag an armchúirt sin tar éis di tosnú.

(2) Ní ghearrfaidh armchúirt pianbhreith bháis ach amháin le comhthoil trí ceathrúna nó níos mó de chomhaltaí na harmchúirte sin.

(3) I gcás comhionannais vótaí i measc na gcomhaltaí d'armchúirt ar aon cheist a tharlós tar éis di tosnú, beidh éifeacht, faoi réir an fho-ailt deiridh roimhe seo, ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) más é an cinneadh atá i gceist, éigiontófar an cúisí;

(b) in aon chás eile, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag uachtarán na harmchúirte.

(4) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon agóid a déanfar faoi alt 197 i gcoinne comhalta d'armchúirt.

An chúirt a chur faoi mhionn.

199. —(1) Nuair a bheas armchúirt comhdhéanta den líon ceart d'oifigigh nach ndearnadh agóid ina gcoinne nó ar dícheadaíodh na hagóidí a rinneadh ina gcoinne, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) cuirfidh an duine forordaithe gach comhalta den armchúirt faoi mhionn sa bhfoirm fhorordaithe;

(b) cuirfidh an duine forordaithe an t-abhcóide breithiúnais, agus gach oifigeach a dhéanfas freastal chun críocha teagaisc, agus gach ateangaire agus gach luathscríbhneoir nó nótóir eile a dhéanfas freastal, faoi mhionn sa bhfoirm fhorordaithe.

(2) Má dhéanann aon duine, ar gá dhó do réir an ailt seo mionn a ghlacadh, agóid i gcoinne mionn a ghlacadh nó má déantar agóid ina choinne go bhfuil sé neamhinniúil ar mhionn a ghlacadh, déanfaidh an armchúirt, más deimhin léi gur agóid ionraic í nó, i gcás agóide i gcoinne inniúlachta duine ar mhionn a ghlacadh, más deimhin léi nach ceangal ar bith ar choinsias an duine sin an mionn, cead a thabhairt don duine sin, in ionad é a dhul faoi mhionn, dearbhú solamanta sa bhfoirm fhorordaithe a dhéanamh, agus chun críocha an Achta seo measfar gur mionn an dearbhú sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, féadfar foirmeacha éagsúla de mhionn agus de dhearbhú d'fhorordú do chomhaltaí armchúirte, d'abhcóide breithiúnais, d'oifigigh a dhéanfas freastal le haghaidh teagaisc, d'ateangairí agus do luathscríbhneoirí nó nótóirí eile, agus féadfar daoine éagsúla d'fhorordú chun daoine a chur faoi mhionn agus chun dearbhú a ghlacadh.

Fianaisc a thabhairt faoi mhionn.

200. —(1) Is faoi mhionn a ceisteofar gach finné a bheas os comhair armchúirte agus cuirfidh an t-uachtarán nó duine forordaithe eile faoi mhionn sa bhfoirm fhorordaithe é.

(2) Má dhéanann duine, ar gá dhó do réir an Achta seo mionn a ghlacadh mar fhinné os comhair armchúirte, nó ar shlí eile maidir le harmchúirt, agóid i gcoinne mionn a ghlacadh, nó má déantar agóid ina choinne go bhfuil sé neamhinniúil ar mhionn a ghlacadh, déanfaidh an armchúirt, más deimhin léi gur agóid ionraic í nó, i gcás agóide i gcoinne inniúlachta an duine ar mhionn a ghlacadh, más deimhin léi nach ceangal ar bith ar choinsias an duine sin an mionn, cead a thabhairt don duine sin, in ionad é a dhul faoi mhionn, dearbhú solamanta sa bhfoirm fhorordaithe a dhéanamh, agus chun críocha an Achta seo measfar gur mionn an dearbhú solamanta sin.

Fianaise ag armchúirt.

201. —(1) Is ionann na rialacha fianaise a leanfar in imeachta os comhair armchúirteanna agus na cinn a leantar de thuras na huaire i gcúirteanna sibhialta.

(2) (a) Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “coimriú fianaise” fianaise i dtaobh cúisimh in aghaidh cúisí a tógadh síos i scríbhinn do réir rialacha nós imeachta chuige sin.

(b) I gcás ráiteas ar fhianaise a thug finné faoi mhionn in aghaidh cúisí a bheith i gcoimriú fianaise—

(i) féadfar, faoi réir fo-mhíre (ii) den mhír seo, an ráiteas a léamh mar fhianaise ag triail an chúisí ag armchúirt, má cruthaítear—

(I) go bhfuil an finné marbh nó ina gheilt nó chomh breoite sin nach féidir leis freastal a dhéanamh ag an triail, agus

(II) gur i láthair an chúisí a rinneadh an ráiteas, agus

(III) go raibh caoi ag an gcúisí nó ag a dhlíodóir nó ag a ionadaí ar an bhfinné a chroscheistiú,

(ii) má tá an finné ina gheilt nó chomh breoite sin nach féidir leis freastal a dhéanamh ag an triail, ní léifear an ráiteas gan toiliú an chúisí.

(3) Ní ceanglófar ar aon duine in imeachta ar bith os comhair armchúirte aon cheist d'fhreagairt ná aon doiciméad a thabhairt ar aird nárbh fhéidir a cheangal air í d'fhreagairt nó é a thabhairt ar aird in imeachta den tsamhail chéanna os comhair cúirte sibhialta.

Gealtacht an chúisí tráth na triala.

202. —(1) Más rud é, an tráth a bheas duine a cúisíodh i gcion á thriail ag armchúirt, gur léir go bhfuil an duine sin, de dheasca gealtachta, neamhinniúil ar a thriail a sheasamh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) cinnfidh an armchúirt go speisialta gurb amhlaidh atá;

(b) coinneofar an duine sin faoi choimeád ar an modh forordaithe go dtí gurb eol treoracha an Aire ina thaobh nó go dtí aon tráth is túisce ná sin a bheas an duine sin inniúil ar a thriail a sheasamh;

(c) féadfaidh an tAire orduithe a thabhairt chun an duine sin a shlánchoimeád an fhaid is áil leis an Aire i pé áit agus i pé slí is oiriúnach leis an Aire.

(2) Beidh cinneadh faoin alt seo faoi réir a dhaingnithe amhail mar atá aon chinneadh eile.

Gealtacht chúisí an tráth a rinneadh an cion.

203. —(1) Más rud é, an tráth a bheas duine a cúisíodh i gcion á thriail ag armchúirt, gur léir go ndearna an duine sin gníomh nó neamhghníomh an chúisimh, ach go raibh sé ina gheilt tráth an ghnímh nó an neamhghnímh sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) cinnfidh an armchúirt go speisialta go raibh an cúisí ciontach i ngníomh nó i neamhghníomh an chúisimh ach go raibh sé ina gheilt tráth an ghnímh nó an neamhghnímh;

(b) coinneofar an duine sin faoi choimeád ar an modh forordaithe go dtí gurb eol treoracha an Aire ina thaobh;

(c) féadfaidh an tAire orduithe a thabhairt chun an duine sin a shlánchoimeád an fhaid is áil leis an Aire i pé áit agus i pé slí is oiriúnach leis an Aire.

(2) Beidh cinneadh faoin alt seo faoi réir a dhaingnithe amhail mar atá aon chinneadh eile.

Cinneadh éigiontachta.

204. —Ní gá daingniú ar chinneadh éigiontachta ag armchúirt, pé acu ar gach ceann nó ar aon cheann nó cinn de na cúisimh i gcoinne an chúisí é, ná ní bheidh sé inathbhreithnithe agus fógrófar láithreach i gcúirt oscailte é agus, má bhíonn baint aige leis na cúisimh uile a bheas i gcoinne an chúisí os comhair na harmchúirte, scaoilfear an cúisí.

Ciontú i gcion seachas cion an chúisimh.

205. —(1) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte i dtréigean, féadfar é d'fháil ciontach in iarracht ar thréigean nó i neamhláithreacht gan cead.

(2) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte in iarracht ar thréigean, féadfar é d'fháil ciontach i neamhláithreacht gan cead.

(3) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte in aon cheann de na cionta a luaitear in alt 132, féadfar é d'fháil ciontach in aon chion eile dá luaitear san alt sin.

(4) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte in aon cheann de na cionta a luaitear in alt 133, féadfar é d'fháil ciontach in aon chion eile dá luaitear san alt sin.

(5) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte i ngoid, féadfar é d'fháil ciontach i gclaonchasadh nó i maoin a chur chun mífheidhme go calaoiseach.

(6) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte i gclaonchasadh, féadfar é d'fhail ciontach i maoin a ghoid nó a chur chun mífheidhme go calaoiseach.

(7) I gcás cúisí a cúiseofar os comhair armchúirte in aon chion eile in aghaidh an dlí mhíleata, féadfar, mura gcruthaítear go ndearnadh cion in imthosca lena ngabhfadh grád pionóis níos airde, é d'fháil ciontach sa chion céanna mar chion a rinneadh in imthosca lena ngabhann grád pionóis níos ísle,

(8) Má cúisítear cúisí os comhair armchúirte i gcion sibhialta agus gur cúiseamh é ar a bhféadfaí, dá mba chúirt shibhialta a thriailfeadh é, é d'fháil ciontach in aon chion eile, beidh cumhacht ag an armchúirt é d'fháil ciontach sa chion eile sin.

Dáta éifeachta pianbhreithe armchúirte.

206. —(1) Gach téarma pian-tseirbhíse, príosúntachta nó coinneála a chuirfeas armchúirt de phianbhreith ar dhuine, pé acu bheas an phianbhreith athbhreithnithe nó nach mbeidh agus pé acu bheas nó nach mbeidh an duine sin ag fulaing pianbhreithe cheana féin, áireofar, ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, é do thosnú ar an lá a shínigh uachtarán na harmchúirte an phianbhreith bhunaidh nó ar pé dáta roimhe sin a threorós an armchúirt.

(2) Beidh éifeacht ag gach pianbhreith acu seo a leanas—

(a) dífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann,

(b) dífhostú as Óglaigh an hÉireann,

(c) urscaoileadh faoi aithis as Óglaigh na hÉireann,

(d) urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann,

(e) ísliú go céim neamhchoimisiúnta airm níos ísle, nó go céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh níos ísle,

ar dháta, agus ó dháta, a socrófar sa tslí fhorordaithe.

Finnéithe a thoghairm, agus a bpribhléid os comhair armchúirte.

207. —(1) Féadfar, sa tslí fhorordaithe, toghairm a chur ar gach duine a bheas ag teastáil chun fianaise a thabhairt os comhair armchúirte, nó ordú a thabhairt dó, freastal a dhéanamh.

(2) Beidh ag gach duine a dhéanfas freastal, de bhun na toghairme nó an orduithe sin, mar fhinné os comhair aon armchúirte, saoirse ar a ghabháil, le linn a fhreastail riachtanaigh san armchúirt sin nó ar an armchúirt sin, agus le linn dó bheith ag dul chuici agus ag filleadh uaithi, amhail mar bheadh aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(3) Chun críocha an ailt seo agus ailt 208 (ach amháin fo-alt (2) dhe)—

(a) measfar go bhfolaíonn an abairt “armchúirt” oifigeach a bheas ag tógaint coimriú fianaise i scríbhinn do réir rialachán faoi alt 184, agus

(b) déanfar tagairtí d'uachtarán nó comhaltaí na harmchúirte d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don oifigeach sin.

Dísbeagadh armchúirte.

208. —(1) Aon duine nach duine faoin dlí míleata—

(a) a mhainneos freastal a dhéanamh ar thoghairm a chur air go cuí freastal mar fhinné os comhair armchúirte agus ar chostais réasúnacha a fhreastail d'íoc leis nó a thairiscint dó, nó

(b) a dhiúltós, ar é d'fhreastal mar fhinné ag armchúirt, mionn a ghlacadh nó dearbhú solamanta a dhéanamh a cheanglós an armchúirt air go dlíthiúil a ghlacadh nó a dhéanamh, nó a dhiúltós aon doiciméad faoina chumhacht agus faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglós an armchúirt air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó a dhiúltós aon cheist d'fhreagairt a gceanglóidh an armchúirt air go dlíthiúil freagra a thabhairt uirthi, nó

(c) a dhéanfas aon ní, pé acu ag an armchúirt é nó nach ea, a bheadh ina dhísbeagadh cúirte dá mba chúirt shibhialta ag a mbeadh cumhacht chimithe i leith dísbeagtha an armchúirt,

féadfaidh uachtarán na harmchúirte cion an duine sin a dheimhniú faoina láimh don Ard-Chúirt, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis pé fiosrú is cuí léi a dhéanamh, an duine sin a phionósú nó beart a dhéanamh chun é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh na hArd-Chúirte.

(2) (a) Má bhíonn aon duine atá faoin dlí míleata ciontach i ndísbeagadh armchúirte trí chaint mhaslach nó bhagrach a dhéanamh nó trí aon chur isteach nó aon challóid a dhéanamh le linn imeachta na harmchúirte, féadfaidh an armchúirt, más foirstineach léi é, in ionad an ciontóir a chur dá thriail ag armchúirt, a ordú, le hordú faoi láimh an uachtaráin, an ciontóir a chur i bpríosún, gan daor-obair nó, i gcás fir, an ciontóir a chur faoi choinneáil, go ceann tréimhse nach sia ná lá agus fiche.

(b) Ní bhainfidh Caibidil VII den Chuid seo le hordú faoi mhír (a) den fho-alt seo.