|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Iocaíochtaí.) |
AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Déileáil in Ór agus in Airgeadra Coigríche. | |
[EN] |
Déileáil in ór agus in airgeadra coigríche. |
4. —(1) Ach amháin le cead ón Aire, ní dhéanfaidh duine ar bith, seachas déileálaí údaraithe, aon ór ná airgeadra coigríche a cheannach ná d'fháil ar iasacht ó aon duine seachas déileálaí údaraithe ná aon ór ná airgeadra coigríche a dhíol le haon duine seachas déileálaí údaraithe ná a thabhairt ar iasacht d'aon duine seachas déileálaí údaraithe. |
[EN] | (2) Beidh ceannach nó díol óir nó airgeadra choigríche, nó a fháil ar iasacht nó a thabhairt ar iasacht, ag déileálaí údaraithe, faoi réir pé treoracha a bhéarfas an tAire faoi alt 26. | |
[EN] | (3) (a) Gach duine a bheas i dteideal aon airgeadra coigríche lena mbaineann an fo-alt seo a dhíol nó a chur á dhíol agus nach déileálaí údaraithe, tairgfidh sé é a dhíol, nó cuirfidh faoi deara go dtairgfear é a dhíol, le déileálaí údaraithe ar pé praghas a bheas cinnte de thuras na huaire ag an Aire, mura gceadóidh an tAire dó é a choimeád agus d'úsáid nó mura ndiúscarfaidh sé é chun aon duine eile le cead ón Aire. | |
[EN] | (b) Is é airgeadra coigríche lena mbaineann an fo-alt seo pé airgeadra coigríche (dá ngairmtear “airgeadra sonraithe” san Acht seo) a hordófar. |