An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Allmhuiriú agus Onnmhuiriú.) Ar Aghaidh (CUID VII. Ilghnéitheach.)

30 1954

AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954

CUID VI.

Cur i bhFeidhm.

Feidhm na nAcht Custam.

18. —(1) Beidh feidhm ag na hAchta Custam, faoi réir pé modhnuithe, más ann, a hordófar chun iad d'oiriúnú don Acht seo, maidir le haon ní a dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann d'fhorála an Achta seo, amhail mar atá feidhm acu maidir le hearraí a dtoirmisctear iad d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann de na hAchta sin nó faoi, agus forléireofar aon tagairt sna hAchta sin d'earraí mar thagairt a fholaíos tagairt d'aon ní a dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann d'fhorála an Achta seo.

(2) Measfar go bhfolaíonn tagairtí san alt seo do na hAchta Custam tagairtí d'alt 14 den Post Office (Parcels) Act, 1882 (alt, arna leasú le halt 7 den Acht um Oifig an Phoist (Leasú), 1951 ( Uimh. 17 de 1951 ), a bheir feidhm do na hAchta Custam maidir le hearraí i mbeartáin choigríche agus i bpost-phacáidí coigríche agus a fhorálas go bhféadfar earraí a scrúdú, d'urghabháil agus d'fhorghéilleadh dá réir sin) agus d'alt 18 den Post Office Act, 1908 (a chuireas ar chumas an Aire Phoist agus Telegrafa aon phost-phacáid a bhfuiltear in amhras earraí contrabhanna a bheith ann a choinneáil agus a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim lena hoscailt agus lena coinneáil chun críocha inchúisimh).

(3) Measfar, chun críocha ailt 168 den Customs Consolidation Act, 1876 (faoinar cion aon dearbhú bréagach a dhéanamh i nithe a bhaineas le custaim), gur dearbhú i ní a bhaineas le custaim aon dearbhú a ceanglófar a thabhairt faoi alt 17.

Cuardach agus urghabháil.

19. —(1) Gan dochar d'aon chumhachta a bheirtear leis na hAchta Custam, beidh ar dhuine (dá ngairmtear an taistealaí san alt seo) a bheas, ar ócáid ar bith, ar tí an Stát d'fhágaint nó ag teacht isteach sa Stát, má iarann oifigeach custam agus máil nó oifigeach údaraithe air sin a dhéanamh ar an ocáid sin—

(a) a dhearbhú cé acu atá nó nach bhfuil aon ní leis a dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann d'fhorála an Achta seo, agus

(b) aon ní den tsórt adúradh a bheas leis a thabhairt ar aird.

(2) Féadfaidh an t-oifigeach aon earra a bheas leis an taistealaí a scrúdú agus a chuardach chun a fháil amach an bhfuil aon ní den tsórt sin ar iompar nó ina sheilbh aige agus, má bhíonn cúis réasúnach amhrais ag an oifigeach go bhfuil aon ní den tsórt sin ar a phearsain ag an taistealaí, féadfaidh sé an taistealaí a chuardach, agus féadfaidh an t-oifigeach aon ní d'urghabháil a bhéarfar ar aird mar adúradh nó a gheofar de thoradh an scrúduithe nó an chuardaigh adúradh agus a mbeidh cúis réasúnach amhrais ag an oifigeach go dtoirmisctear, ach amháin le cead ón Aire, é d'allmhuiriú nó d'onnmhuiriú le haon cheann d'fhorála an Achta seo, mura dtabharfaidh an taistealaí fianaise ar aird go bhfuil an ní sin á allmhuiriú nó á onnmhuiriú do réir an Achta seo aige.

(3) Ní cead ach do bhaineannach cuardach a dhéanamh de bhun an ailt seo ar bhaineannach.

Cionta, inchúisimh agus pionóis.

20. —(1) Gach duine a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil den Acht seo, nó aon tsrian nó ceanglas a forchuirtear leis an Acht seo nó faoi, nó a dhéanfas iarracht sin a shárú amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(2) Gach duine a chabhrós, a neartós, a chuideos nó a chomhcheilgfeas le duine eile, nó a chomhairleos do dhuine eile nó a thabharfas air, cion faoin alt seo a dhéanamh, beidh sé ciontach é féin i gcion.

(3) Gach duine a bhéartas do dhuine eile, agus a fhios aige an duine eile sin a bheith tar éis cion faoin alt seo a dhéanamh, aon chuidiú le hintinn cosc nó bac nó ceataí a chur amhlaidh ar ghabháil, triail nó pionósú an duine eile sin sa chion, beidh sé ciontach é féin i gcion faoin alt seo.

(4) Má dhéanann comhlucht corpraithe cion faoin alt seo nó cion de dhroim ailt 18 agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra nó bainisteora ar an gcomhlucht corpraithe sin nó aon rúnaí nó oifigigh eile dhó, beidh an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí, nó an t-oifigeach eile sin ciontach freisin sa chion.

(5) Gach duine ar a bhfuil gnáth-chónaí sa Stát a dhéanfas, laistigh nó lasmuigh den Stát, cion faoin alt seo, agus gach duine nach bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát a dhéanfas, laistigh den Stát, cion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar a chiontú go hachomair sa chion, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt (agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht go ceann téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile, nó

(b) ar a chiontú sa chion ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt (agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná caoga punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht go ceann téarma nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(6) Má ciontaítear duine i gcion faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt, i dteannta an phionóis a dlífear a chur ar an duine sin faoi fho-alt (5) den alt seo, a ordú go bhforghéillfear aon airgeadra, aon urrús, aon ór, aon earraí nó aon mhaoin eile a ndearnadh an cion ina leith nó trína bhíthin, agus déanfar mar threorós an tAire le haon ní a forghéillfear amhlaidh.

(7) Ní bheidh cion de dhroim ailt 18 inphionóis faoin alt seo.

Neamhchomhlíonadh leanúnach.

21. —(1) Más rud é—

(a) go gciontófar duine i gcion faoi alt 20 toisc gur mhainnigh, gur fhailligh nó gur dhiúltaigh sé aon fhoráil a chomhlíonadh a cheanglaíos air gníomh sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe, agus

(b) go mbeidh an gníomh, tar éis dáta an chiontuithe sin, gan déanamh fós aige,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air in aghaidh gach lae a bheas an gníomh gan déanamh aige nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht go ceann téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(2) Is cion leanúnach cion faoin alt seo agus dá réir sin féadfar imeachta nua a thionscnamh ina leith ó am go ham.

Imeachta achomaire.

22. —Féadfaidh an tAire imeachta a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh sa Chúirt Dúiche maidir le cion faoi alt 20 nó 21.