1 1955


Uimhir 1 de 1955.


ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1927 AGUS 1951. [2 Márta, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1951” Acht na Lia-Chleachtóirí, 1951 (Uimh. 29 de 1951) ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an gComhairle;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 (Uimh. 25 de 1927) ;

ciallaíonn “clárú díomuan” clárú de bhuaidh ailt 3 den Acht seo agus forléireofar “cláraithe go díomuan” dá réir sin.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht, Acht 1951 agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

An téarma oifige d'fhaidiú.

2. —D'ainneoin ailt 4 den Phríomh-Acht, mairfidh an téarma oifige a bheas á chaitheamh ag comhaltaí na Comhairle ar dháta an Achta seo a rith go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1957.

Clárú díomuan.

3. —(1) Más deimhin leis an gComhairle—

(a) go bhfuil duine sa Stát, nó go bhfuil beartaithe aige bheith ann, go díomuan chun a fhostaithe ag cleachtadh na míochaine, na máinliachta nó na hasaoideachta in ospidéal nó i bhforas eile atá ceadaithe ag an gComhairle chun críocha an ailt seo, agus

(b) go bhfuil ag an duine sin céim nó diplóma a bheir, i dtuairim na Comhairle, leor-ráthaíocht go bhfuil aige an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an mhíochaine, an mháinliacht agus an asaoideacht a chleachtadh go héifeachtúil agus gur ghnóthaigh sé an scrúdú iomchuí chun an chéim nó an diplóma sin d'fháil,

féadfaidh an Chomhairle, ar an duine sin do dhéanamh an iarratais fhorordaithe agus d'íoc pé táille a forordófar le toiliú an Aire, an duine sin a chlárú go díomuan sa chlár go ceann pé tréimhse a chinnfeas an Chomhairle.

(2) Féadfaidh an Chomhairle tréimhse a cinnfear faoi fho-alt (1) den alt seo d'fhaidiú pé tréimhse nó tréimhsí breise a chinnfeas an Chomhairle.

(3) Scoirfidh duine a bheas cláraithe go díomuan de bheith cláraithe amhlaidh ar dheireadh a theacht leis an bhfostaíocht a raibh sé cláraithe chuici.

Eifeacht chláruithe dhíomuain, etc.

4. —(1) Measfar duine atá cláraithe go díomuan a bheith cláraithe sa chlár sa mhéid gur gá sin ionas go mbeidh feidhm ina chás ag na forála seo a leanas den Phríomh-Acht, eadhon, ailt 15, 22, 23, 28, 29, 30, 31, 33, 34, 35, 36 agus fo-alt (2) d'alt 37, ach ní bheidh feidhm ag na forála sin ach amháin maidir leis an bhfostaíocht ar chuici a cláraíodh an duine sin agus maidir le haon ní a rinneadh nó a fágadh gan déanamh i gcúrsa na fostaíochta sin, agus áireofar an duine sin, maidir le haon ní eile, amhail is dá mba dhuine é nach raibh cláraithe sa chlár.

(2) Gach duine a dhéanfas nó a gheobhas, nó a bhéarfas go ndéanfar nó go bhfaighfear, aon uiríoll, nó a chabhrós nó a neartós le déanamh nó le fáil aon uiríll, chun go ndéanfar clárú díomuan air, agus arb eol dó an uiríoll sin a bheith bréagach nó calaoiseach, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag a chur air.

(3) Gach duine a bhéarfas le tuiscint nó a chuirfeas in iúl go toiliúil agus go bréagach gur duine é atá cláraithe go díomuan, nó a úsáidfeas amhlaidh aon ainm, teideal, fuilleamh nó tuairisc dá chur i dtuiscint go bhfuil sé cláraithe amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

(4) Déanfar na tagairtí in ailt 22, 23, 28, 29, 30, 33, 34, 35 agus 36 den Phríomh-Acht do dhuine atá cláraithe sa chlár d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do dhuine atá cláraithe go díomuan.

(5) Déanfaidh an Chomhairle a cumhachta chun rialacháin a dhéanamh faoi alt 19 den Phríomh-Acht d'fheidhmiú ar shlí a bhéarfas gur i gcuid ar leith den chlár a clárófar daoine a ndéanfar clárú díomuan orthu, agus ar dhuine atá cláraithe go díomuan a chlárú ar shlí seachas go díomuan go mbainfear a ainm as an gcuid ar leith den chlár.

(6) Féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach léi, in ionad nó i dteannta an chuid ar leith den chlár dá dtagartar i bhfo-alt (5) den alt seo d'fhoilsiú go bliantúil sa Chlár de Dhochtúirí Leighis na hÉireann, a chur faoi deara liosta de na daoine a bheas cláraithe go díomuan d'ullmhú uair amháin ar a laghad gach bliain.

(7) Is sa bhfoirm fhorordaithe a hullmhófar liosta faoi fho-alt (6) den alt seo agus tiomsófar é i leith dáta a ordós an Chomhairle agus a sonrófar sa liosta agus cuirfidh an Chomhairle faoi deara go mbeidh cóipeanna den liosta ar fáil lena gceannach ag duine ar bith ar an táille fhorordaithe d'íoc.

(8) Aon chóip a airbheartós gur cóip í dá dtagartar i bhfo-alt (7) den alt seo agus arb í an chóip is déanaí den tsórt sin í de thuras na huaire, is fianaise in aon chúirt í, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil gach duine a bhfuil a ainm ar taifead inti cláraithe go díomuan do réir an Achta seo agus nach bhfuil aon duine nach bhfuil a ainm ar taifead inti cláraithe amhlaidh.

(9) Aon deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag an gcláraitheoir agus a dheimhniú go raibh duine áirithe cláraithe go díomuan mar ba chuí lá nó laethanta sonraithe nó ar feadh tréimhse sonraithe nó nach raibh duine áirithe cláraithe go díomuan lá nó laethanta sonraithe nó ar feadh tréimhse sonraithe, nó go ndearnadh ainm duine áirithe a scrios, lá sonraithe, as an gcuid ar leith den chlár dá dtagartar i bhfo-alt (5) den alt seo, beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a mbeidh airbheartaithe gurb é a shínigh an deimhniú ná cruthú gurb é an cláraitheoir é agus d'ainneoin aon neamhréire idir an deimhniú agus aon liosta faoi fho-alt (6) den alt seo, nó aon chóip den liosta sin, ina fhianaise dochlóite ar na nithe a bheas deimhnithe sa deimhniú.

(10) Is do réir mar a forordófar a bheas an fhoirm agus an modh ar a mbeidh clárú díomuan le hiarraidh agus an fhianaise a bheas le tabhairt ag iarratasóir ar chlárú díomuan i dtaobh a theidil chun a chláruithe amhlaidh.

Mic léinn chuarda sa mhíochaine iarchéime a chlárú.

5. —(1) Féadfaidh an Chomhairle clár ar a dtabharfar Clár na Mac Léinn Cuarda sa Mhíochaine Iarchéime d'ullmhú agus a bhunú.

(2) Más deimhin leis an gComhairle—

(a) go bhfuil duine sa Stát, nó go bhfuil beartaithe aige bheith ann, d'fhonn cáilíocht (seachas diplóma cáiliúcháin) a ghnóthú sa mhíochaine, sa mháinliacht nó san asaoideacht a dheonas aon cheann de na coláistí nó na comhluchta a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, agus

(b) go bhfuil ag an duine sin céim nó diplóma a bheir, i dtuairim na Comhairle, leor-ráthaíocht go bhfuil aige an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an mhíochaine, an mháinliacht agus an asaoideacht a chleachtadh go héifeachtúil agus gur ghnóthaigh sé an scrúdú iomchuí chun an chéim nó an diplóma sin d'fháil,

féadfaidh an Chomhairle, ar an duine sin do dhéanamh an iarratais fhorordaithe agus d'íoc pé táille a forordófar le toiliú an Aire, an duine sin a chlárú i gClár na Mac Léinn Cuarda sa Mhíochaine Iarchéime.

(3) Scoirfidh duine a bheas cláraithe faoin alt seo de bheith cláraithe amhlaidh ar é do ghnóthú na cáilíochta a raibh se cláraithe amhlaidh ina leith nó ar pé dáta is luaithe ná sin a chinnfeas an Chomhairle dá rogha féin.

(4) Beidh feidhm ag ailt 15 agus 22 agus ag fo-alt (2) d'alt 37 den Phríomh-Acht maidir le Clár na Mac Léinn Cuarda sa Mhíochaine Iarchéime amhail mar atá feidhm ag na forála sin maidir leis an gClár de Dhochtúirí Leighis.

(5) Measfar ainm duine atá cláraithe i gClár na Mac Léinn Cuarda sa Mhíochaine Iarchéime a bheith ar áireamh sa Chlár de Dhochtúirí Leighis chun críocha aon cheanglais de chuid an choláiste nó an chomhluchta a dheonas an cháilíocht ar ina leith a cláraíodh é i gClár na Mac Léinn Cuarda sa Mhíocháine Iarchéime agus chun na críche sin amháin.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

6. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht trí “le haontú an Aire agus le toiliú an Aire Airgid” a scrios.

(2) Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh Acht—

(a) trí “agus ag cruinnithe dá coistí” a chur isteach i ndiaidh “cruinnithe”; agus

(b) trí “le haontú an Aire agus le toiliú an Aire Airgid” a scrios.

(3) Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht—

(a) trí “le haontú an Aire” a scrios as mír (c);

(b) trí “agus le haontú an Aire” a chur isteach i ndiaidh “an Achta so” i mír (f); agus

(c) trí “le haontú an Aire” a scrios as mír (g).

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 21 den Phríomh-Acht trí “le haontú an Aire” a scrios.

(5) Déanfar an tagairt don Chomhairle Ghinearálta atá i bhfo-alt (3) d'alt 25 agus in alt 29 den Phríomh-Acht agus na tagairtí don General Medical Council atá i mír (d) d'Airteagal 4 agus in Airteagal 6 den Chomhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Medical Disciplinary Committee a bunaíodh leis an Acht ó Pharlaimint na Breataine dar teideal The Medical Act, 1950.

(6) Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht trí “in ionad nó” a chur isteach i ndiaidh “sa chlár” sa dara háit ina bhfuil na focail sin.

(7) Leasaítear leis seo alt 31 den Phríomh-Acht—

(a) trí “le haontú an Aire” a scrios as fo-alt (1); agus

(b) trí “le haontú an Aire” a scrios as an dá áit ina bhfuil na focail sin i bhfo-alt (3).

(8) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 40 den Phríomh-Acht trí “le haontú an Aire” agus “le ceadú an Aire Airgid” a scrios.

(9) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 43 den Phríomh-Acht trí “of” a chur isteach i ndiaidh “through” sa téacs Béarla.

Leasú ar Acht 1951.

7. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 9 d'Acht 1951 trí “le haontú an Aire” a scrios.

(2) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1951—

(a) trí “le toiliú an Aire” a scrios; agus

(b) trí “ach is gá, i gcás tréimhse d'ordú faoi fho-alt (1) d'alt 3 nó táille d'ordú faoi fho-alt (2) d'alt 7, aontú an Aire a bheith aici” a chur ina dheireadh.

Rialacháin.

8. —Féadfaidh an Chomhairle rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

Caiteachais na Comhairle.

9. —Íocfaidh an Chomhairle as a cuid airgid féin na caiteachais go léir faoina raghaidh an Chomhairle ag forghníomhú an Achta seo.

Athghairm.

10. —Athghairmtear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

11. —(1) Féadfar Acht na Lia-Chleachtóirí, 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1955, a ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht 1951 agus den Acht seo le chéile.