20 1955


Uimhir 20 de 1955.


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1955.

[An tionto oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ MÉADÚ A DHÉANAMH AR CHAITEACHAS IOMLÁN BHORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS CHUN TUATH-LÍOMATÁISTÍ A LEICTRIÚ, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍOCHA EILE DO LEASÚ NA n ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1954. [29 Iúil, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchta” na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1954;

ciallaíonn “an Bord” Bord Soláthair an Leietreachais;

ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú). 1954 ( Uimh. 17 de 1954 ).

Tórainn leis an gcaiteachas iomlán chun tuathlíomatáistí a leictriú.

2. —(1) Ní raghaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun tuathlíomatáistí a leictriú thar fiche agus cúig mhilliún punt.

(2) Ní airleacfaidh an tAire Airgeadais airgead chun an Bhoird ná ní bhfaighidh an Bord airgead ar iasacht ó aon fhoinse chun tuath-líomatáistí a leictriú dá dtugadh sin go ngabhfadh iomlán an airgid a hairleacadh nó a fuarthas ar iasacht amhlaidh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, thar an tórainn a forchuirtear leis an alt seo.

Airgead d'fháil ar iasacht chun tuathlíomatáistí a leictriú.

3. —Féadfar na cumhachta chun airgead d'fháil ar iasacht a bheirtear don Bhord le halt 4 d'Acht 1954 d'fheidhmiú le airgead a sholáthar chun tuath-líomatáistí a leictriú agus. dá réir sin, athghairmtear leis seo na focail “seachas leictriú tuathlíomatáistí” atá i bhfo-alt (2) den alt.

Airleacain as an bPríomh-Chiste.

4. —(1) Cuirtear ar ceal leis seo an tórainn a fhorchuireas fo-alt (1) d'alt 41 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ), le méid iomlán na n-airleacan faoin alt sin chun tuath-líomatáistí a leictriú.

(2) Aisíocfaidh an Bord an méid iomlán a bheas dlite don Phríomh-Chiste ar dháta an Achta seo a rith i leith airleacan a tugadh cheana faoin alt sin maraon le méid iomlán an airgid a hairleacfar feasta.

(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) den alt sin agus alt 7 d'Acht 1954.

Urrúis a ráthú.

5. —Féadfaidh ráthaíocht ón Aire Airgeadais, faoi alt 9 d'Acht 1954, go n-aisíocfar go cuí airgead a fuair an Bord ar iasacht faoi alt 4 den Acht sin, réim a bheith aici freisin maidir le hús d'íoc ar an airgead sin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1955, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar mar aon ní amháin na hAchta agus an tAcht seo.