24 1955


Uimhir 24 de 1955.


AN tACHT SRIANTA CÍOSA (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA SRIANTA CÍOSA, 1946 , I nGNÍOMH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE, LE LINN É A BHEITH I nGNÍOMH, I gCÓIR BREISEANNA DLEATHACHA AR AON DUL LEIS NA BREISEANNA DLEATHACHA FAOI ALT 11, FO-ALT (2), MÍR (g) AGUS FAOI ALT 17, FO-ALT (2), MÍR (e), DEN ACHT SIN, ARNA MHODHNÚ LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1949 . [30 Samhain, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1946 a bhuanú.

1. —Leanfaidh an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) , i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1956.

Breis dleathach i gcás an tiarna talún do dhéanamh deisiúcháin áirithe.

2. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith na tréimhse dhá bhliain 1955 agus 1956, suim a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de chíos bunúsach áitribh rialaithe ag cur an áitribh i ndeisriocht réasúnach, is breis dleathach ar chíos bunúsach an áitribh suim a ríomhfar do réir an scála atá leagtha amach sa sceideal a ghabhas leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 (Uimh. 24 de 1949) .

(2) Dá réir sin, déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946) , arna leasú leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1950 (Uimh. 28 de 1950) , leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1952 (Uimh. 20 de 1952) , leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1953 (Uimh. 34 de 1953) , agus leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1954 (Uimh. 34 de 1954), a leasú tuilleadh trí “nó 1955 agus 1956” a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, agus i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 go díreach i ndiaidh “1954 agus 1955”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Srianta Cíosa, 1946 go 1955, a ghairm de na h Achta Srianta Cíosa, 1946 go 1954, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar na h Achta Srianta Cíosa, 1946 go 1954, agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.